Bua ag teastáil ón gCeathrú Rua i gcraobh na sinsear, agus ‘cath Chois Fharraige’ ar siúl sa gcraobh idirmheánach

Cuirfear tús leis na craobhacha peile i nGaillimh an deireadh seachtaine seo agus cluichí móra ag an gCeathrú Rua, Oileáin Árann, agus Carna-Caiseal agus tabharfaidh an Spidéal agus Micheál Breathnach aghaidh ar a chéile i Maigh Cuilinn

Bua ag teastáil ón gCeathrú Rua i gcraobh na sinsear, agus ‘cath Chois Fharraige’ ar siúl sa gcraobh idirmheánach

I ndiaidh an chluiche mhóir i gcoinne Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo caite, ar na clubanna a bheidh aird lucht peile na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo agus tús á chur le craobh shinsir an chontae.

Tá struchtúr nua ar an gcraobh i mbliana, na foirne briste suas ina gceithre ghrúpa agus cúig fhoireann sa cheann. Agus bord an chontae ag iarraidh líon na bhfoirne i ngrád na sinsear a laghdú, díbreofar trí fhoireann ag deireadh an tséasúir.

Agus cúig fhoireann i ngach grúpa, ní imreoidh gach foireann sa chéad bhabhta. Tá Naomh Anna, Leitir Móir, ar cheann de na foirne a bhfuil deireadh seachtaine saor acu. Mar sin, is iad an Cheathrú Rua an t-aon fhoireann sinsir ó Chonamara a imreoidh i mBabhta 1 agus iad ag imirt in aghaidh Sheamróga Chortúin amárach.

Bhí ar an dá fhoireann cluichí dícháilithe a bhuachan anuraidh chun a stádas i measc na sinsear a choinneáil agus is maith a thuigeann siad go mbeidh gá le bua Dé Domhnaigh más fúthu na babhtaí dícháilithe a sheachaint arís.

Is é an chúis leis sin ná gurb iad seaimpíní na hÉireann, Cora Finne, agus Naomh Séamus ón gcathair rogha láidir na coitiantachta chun teacht slán ó Ghrúpa 1. Beidh ar an dá fhoireann a chríochnaíonn ag bun an ghrúpa cluichí dícháilithe a imirt agus meastar go mbeidh dianchoimhlint ann idir an Cheathrú Rua, Seamróga Chortúin agus buaiteoirí na craoibhe idirmheánaí anuraidh, Baile Chláir na Gaillimhe agus iad ag iarraidh na babhtaí dícháilithe a sheachaint.

Cé gur chaill an Cheathrú Rua a dtrí chluiche sraithe i Roinn 1 go dtí seo, bhuadar comórtas cáilithe na Gaillimhe do Chomórtas Peile na Gaeltachta cúpla seachtain ó shin agus beidh siad ag súil go dtabharfaidh sé sin spreagadh dóibh.

Is é fear Leitir Móir, Ciarán ‘Festy’ Ó Fátharta atá i gceannas ar an gCeathrú Rua i mbliana agus beidh siad ag brath go mór ar Oisín Ó Gríofa agus Cillín de Paor i measc na dtosaithe, chomh maith le Micheál agus Niall Ó Briain, Micheál Ó Tuathail agus Jeaic Ó Gaoithín.

Cuirfear tús leis an gCraobh Idirmheánach an deireadh seachtaine seo chomh maith agus cath mór Gaeltachta ann idir An Spidéal agus Micheál Breathnach tráthnóna.

Ceithre ghrúpa atá i gceist sa Chraobh Idirmheánach i mbliana chomh maith agus foirne Chois Fharraige ag casadh ar a chéile i nGrúpa 2.

Díbríodh Micheál Breathnach ó Chraobh na Sinsear anuraidh ach beidh siad ag súil le tús maith a chur le cúrsaí sa ghrád idirmheánach le bua ar a gcomharsana. Tá Seán Denvir ar ais ag imirt le fir Indreabháin tar éis dó bheith ag taisteal ach tá amhras ann faoi Fhiontán Ó Curraoin, a bhris a chos ag deireadh na bliana seo caite.

Bhuaigh an Spidéal an cluiche sraithe a imríodh idir na foirne seo mí Aibreáin agus beidh siad ag súil le taispeántais láidre arís ó na deartháireacha Uí Laoi, ó Phádraig Eoin Ó Curraoin agus ón gcúl báire, Maghnus Breathnach.

Ar an Domhnach, casfaidh Oileáin Árann ar Áth Cinn agus fir Árann ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh arís i ndiaidh do Bhaile Liam an ceann is fearr orthu anuraidh sa bhabhta leathcheannais i ndiaidh cluiche athimeartha.

Bhí ceathrar ó Oileáin Árann, Patrick O’Donnell, Colm Brennan, Tyler Ó Flatharta agus Aonghus Ó hIarnáin, ar fhoireann sóisir na Gaillimhe a bhuaigh Craobh Chonnacht an deireadh seachtaine seo caite agus nuair a chuirtear san áireamh freisin go bhfuil an cosantóir óg cumasach Seán Mulkerrin acu níl aon chúis nach mbeadh séasúr fada rompu.

Sa ghrúpa céanna le hOileáin Árann tá Carna-Caiseal agus casfaidh siadsan ar Naomh Gabriel ar an Domhnach chomh maith. Chaill Carna-Caiseal go leor imreoirí le roinnt blianta anuas agus tá cúrsaí ag dul in olcas dóibh ar pháirc na himeartha dá bharr.

Bheadh siad ag súil áfach le Naomh Gabriel a bhualadh. Mar sin féin, agus trí fhoireann á ndíbirt ón ngrád idirmheánach i mbliana, seans go gcasfaidh na foirne ar a chéile arís níos deireanaí sa bhliain agus iad ag iarraidh ísliú céime go grád na sóisear a sheachaint.


Dé Sathairn, 19 Bealtaine

Micheál Breathnach v An Spidéal – Maigh Cuilinn, 5.30p.m.

Dé Domhnaigh, 20 Bealtaine

Oileáin Árann v Áth Cinn – An Spidéal, 1.00p.m.

Naomh Gabriel v Carna-Caiseal – An Spidéal, 2.30p.m.

Seamróga Chortúin v An Cheathrú Rua – An Fhairche, 3.00p.m.

Fág freagra ar 'Bua ag teastáil ón gCeathrú Rua i gcraobh na sinsear, agus ‘cath Chois Fharraige’ ar siúl sa gcraobh idirmheánach'