Briatharchath na mbodhar ar ‘Cormac ag a Cúig’ agus an fhadhb le ‘díospóireacht reifrinn’

Ní díospóireacht ach briatharchath na mbodhar atá sa chuid is mó den phlé ar cheist an Reifrinn, mar a léirigh clár bríomhar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo

Briatharchath na mbodhar ar ‘Cormac ag a Cúig’ agus an fhadhb le ‘díospóireacht reifrinn’

An painéal a bhí ag plé cúrsaí reifrinn ar 'Cormac ag a Cúig' i rith na seachtaine. Pictiúr: Cormac ag a 5/Twitter.com

Bhí clár bríomhar faoin reifreann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin. Clár ar tugadh ‘díospóireacht’ air, cé nach n-oireann an focal mar chur síos iomlán ar an gcaint.  

Ní ar an gcathaoirleach Cormac Ó hEadhra ná ar fhoireann an chláir a bhí an milleán nach raibh mórán de chomhrá dáiríre ar an gclár, seachas ráitis agus frithráitis. Thug an clár léargas soiléir suimiúil ar an raon tuairimí atá ar an dá thaobh den cheist a fhreagrófar Dé hAoine seo chugainn. 

Thug an clár cuireadh do cheathrar cainteoirí a bheith páirteach i mbeochraoladh ó Sheomra na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, agus tugadh cead cainte go cothrom dóibh uilig.

Labhair an Teachta Dála Donnchadha Ó Laoghaire ó Shinn Féin agus Lisa Nic an Bhreithimh ó Ghaeil ar son Rogha i bhfabhar aisghairm an ochtú leasú. Ar an taobh eile, bhí an Seanadóir neamhspleách Rónán Mullen agus Niamh Uí Bhriain ó Institiúid na Beatha ag moladh go gcoinneofaí an leasú sa Bhunreacht. 

Tá móramh mór cinnte faoin am seo cé mar a vótálfaidh siad Dé hAoine seo chugainn: 44 % i bhfabhar na haisghairme agus 32% ina coinne, de réir phobalbhreith Ipsos MRBI a foilsíodh san Irish Times an lá céanna. Dúirt 17% nach raibh a fhios acu fós cé mar a vótálfaidh siad.

Is ionann sin agus a rá go bhfuil rogha déanta cheana féin ag triúr as gach ceathrar i measc daoine fásta sa stát (dúirt 15% nach vótálfaidís agus dhiúltaigh 2% ceisteanna a fhreagairt). Ach tá eite shuntasach fós le mealladh – duine as gach cúigear beagnach.

Shílfeá go mbeadh tionchar soiléir ag fianaise mar seo ar chur chuige an dá thaobh. Anuas ar an dream atá éiginnte fós, tá neamhchinnteacht eile follasach, mar is léir ón laghdú de réir a chéile atá ag teacht ar lucht tacaíochta TÁ agus ón méadú dá réir atá ag teacht ar lucht tacaíochta NÍL. 

Ainneoin na fianaise, is ar athrá cosantach ar a gcás féin agus ar cháineadh chás an taoibh eile, seachas iarracht ar intinn daoine a athrú, a chuir cainteoirí béim agus iad ag caint ar chlár Raidió na Gaeltachta. Is ag labhairt le daoine a aontaíonn leo a bhí siad thar aon rud eile. 

Níl aon locht ar chur chuige dá leithéid – tá rogha thábhachtach romhainn agus tuairimí láidre ag daoine ar an dá thaobh. Ach léiríonn sé, mar a léirítear i ngach reifreann, go dtugtar neamhaird scaití ar dhaoine atá idir dhá chomhairle nó éiginnte.

Is treise an claonadh seo agus a thionchar aimsir reifrinn, toisc nach mbíonn ach rogha shimplí amháin le déanamh agus TÁ nó NÍL ar an bpáipéar vótála. Ní thugtar deis do vótóirí i lár báire, nó do vótóirí nach bhfuil báúil go hiomlán le taobh amháin, rogha leathan a dhéanamh – mar a dhéanann ár bhformhór lá toghcháin. 

Abair go dtugann vótóir in olltoghchán a chéad rogha d’Fhine Gael. Tugtar deis don vótóir ina dhiaidh sin rogha mar is mian leis/léi a dhéanamh, ar chúiseanna pearsanta, áitiúla nó náisiúnta, agus an dara rogha agus roghanna eile a bhreacadh ar an bpáipéar vótála. Ní leasc lenár mbunáite an deis a thapú.

Ar ndóigh, ní féidir castacht ná measarthacht dá leithéid a thairiscint i reifreann.

Neartaíonn gach rogha shimplí an cur chuige ionsaitheach agus an teannas: TÁ nó NÍL, glan i bhfabhar nó glan i gcoinne, ar thaobh amháin nó ar an taobh eile – ní bhíonn spás ar bith i lár báire.

Is follasaí an bhearna nuair a bhíonn rogha chrua le déanamh, mar a bheidh Dé hAoine seo chugainn. Tá moráltacht phríobháideach agus phoiblí le meá, chomh maith le go leor ábhair chasta eile (an reachtaíocht atá beartaithe a thabhairt isteach tar éis aisghairme, mar shampla).

Chuala vótóirí a bhfuil rogha déanta acu go leor tuairimí á nochtadh ar chlár Raidió na Gaeltachta a bhí ag teacht lena dtuairimí féin. Ach is beag iarracht a rinneadh an aicme atá idir dhá chomhairle a mhealladh. Go deimhin, sheachain cainteoirí ar an dá thaobh cruacheisteanna a chothaíonn éiginnteacht.

Níor fhreagair Rónán Mullen ná Niamh Uí Bhriain ceisteanna faoin dlí ba chóir a bheith i bhfeidhm i gcás cailín 14 bliain a éignítear. Dúirt Rónán Mullen go rabhthas ag iarraidh “cásanna deacra” agus “cúinsí cúnga” a úsáid chun athrú leathan a thabhairt isteach.

D’fhiafraigh Cormac Ó hEadhra de faoi dhó cé mar ba chóir déileáil le cás dá leithéid. Freagra ní bhfuair sé.

Níor thug Donnchadh Ó Laoghaire ná Lisa Nic an Bhreithimh freagra díreach ar cheist eile. “Cén uair ba cheart páiste a thabhairt ar an mbeo gan bhreith, tar éis dhá mhí, trí mhí, cén uair?” a d’fhiafraigh Niamh Uí Bhriain.  Dúirt Ó Laoghaire léi nach bhféadfaí bean agus an beo gan bhreith a chur ar comhchéim, ach níor fhreagair sé an cheist.

Thagair Rónán Mullen agus Niamh Uí Bhriain do thuairiscí faoi rátaí ginmhillte sa Bhreatain. Dúirt Lisa Nic an Bhreithimh nach raibh a heagraíocht ag iarraidh go mbeadh ginmhilleadh ag gach duine. Dúirt Niamh Uí Bhriain nach raibh muinín ag daoine as polaiteoirí toisc go raibh ábhar chomh tábhachtach i gceist.  Dúirt Donnchadh Ó Laoghaire léi gur léirigh gach ar tharla ó tháinig an t-ochtú leasú i bhfeidhm i 1983 go mb’fhearr déileáil leis an gceist san Oireachtas ná sa Bhunreacht.

Tugadh deis do dhaoine sa lucht éisteachta a dúirt go raibh siad i bhfabhar agus in aghaidh aisghairm an ochtú leasú ceisteanna a chur ar an bpainéal. Níor chualathas ceist ó aon vótóir a bhí éiginnte.

Beidh toradh an reifrinn ag brath ar dhaoine atá idir dhá chomhairle faoi láthair, nó daoine a bhfuil seans ann go n-athróidh siad an rogha a bhí beartaithe acu a dhéanamh Dé hAoine. 

Ní féidir le clár ar bith neamhaird a thabhairt ar mhóramh na vótóirí atá cinnte faoin scéal. Ach b’fhiú go mór díospóireacht a chraoladh ina ndíreofaí go hiomlán ar an mionlach atá éiginnte, amhrasach agus fiosrach i gcónaí.

Fág freagra ar 'Briatharchath na mbodhar ar ‘Cormac ag a Cúig’ agus an fhadhb le ‘díospóireacht reifrinn’'

  • Seán Ó Floinn

    B’fhacthas domsa go raibh an Ghaeilge agus an cur i láthair is fearr ag Rónán Mullen agus gur thug sé an chraobh leis don taobh “Níl” dá bharr. Ní raibh Donncha nó Lisa ar a suaimhneas os comhair an tslua – ní fheadair an í an Ghaeilge nó an ócáid a chuir as dóibh.

    Ba léir dom nach mbeadh Mullen nó Uí Bhriain i bhfábhar ginmhilleadh a thabhairt isteach fiú don éigniú nó cásanna deacra eile. An pointe a bhí á dhéanamh ag Mullen ná nach mbaineann na cásanna deacra seo le hábhar mar d’fhéádfaí leasú eile a mholadh chun dul i ngleic leo siúd seachas an t-oschtú leasú a chur ar ceal go hiomlán.

    Anuas air sin, tá dul amú ort nár thug Donnchadh freagra ar an gceist: “Cén uair ba cheart páiste a thabhairt ar an mbeo gan bhreith, tar éis dhá mhí, trí mhí, cén uair?”. Ba léir go raibh drogall air an cheist a fhreagairt, ach dúirt sé sa deireadh gur cheart páiste a thabhairt ar an mbeo gan bhreith cibé uair a chuireann an mháthair in iúl gur páiste é. Ar ndóigh ciallaíonn sé sé seo nach mbeadh cosaint dhleathúil ar bith ag an mbeo gan bhreith ach gurb é an mháthair a roghnóidh an mairfidh sé nó nach mairfidh.

  • Seán Mag Leannáin

    Aontaím le Seán Ó Floinn. D’éist mé go cúramach leis an ndíospóireacht agus bhraith mé go raibh an bheirt ar son an tOchtú Leasú a choinneáil i bhfad chun tosaigh – bhí siad níos soiléire, níos líofa agus níos oscailte ag cur a gcuid argóintí i láthair. Déarfainn go bhfuil an bhearna idir an dá thaobh ag laghdú agus nach mbeidh mórán idir an dá thaobh sa deireadh.