Brian Fenton agus Conor Glass ag dul guaille ar ghuaille agus gob ar ghob…

B’fhéidir go bhfuil an chaint seo fé Dhoire mar churadh uile-Éireann ábhar beag anabaí ach tá forbairt eile tagtha ar a gcuid imeartha i mbliana

Brian Fenton agus Conor Glass ag dul guaille ar ghuaille agus gob ar ghob…

 

Táimid gafa breis is leath bealaigh trí shraith náisiúnta na bliana seo agus tá an chuma cheana féin ar an scéal gur féidir deimhin a dhéanamh de rudaí áirithe. Is cinnte go bhfuil a ngreim daingnithe ag Ard Mhacha agus Dún an nGall i Roinn 2 tar éis a gcomhscór Dé Domhnaigh agus bí siúráilte leis ná fuil contae an Chabháin i bhfad taobh thiar díobh. B’fhuraist a shamhlú i mblianta eile, le malairt foirne sa roinn chéanna leo, go mbeadh sé i ndán don gCabhán críochnú i Roinn1 an bhliain seo chughainn.

Leis na trí cinn d’fhoirne i mbarra, tá fianaise bhreise againn, má bhí a leithéid ag teastáil go bhfuil borradh éigin fés na foirne Ultacha ó thús an earraigh. Tá contae an Dúin i mbarra Roinn 3 agus tá Doire leo féin i mbarra Roinn1. As na sé cinn d’fhoirne ná fuil buaite go fóill sa tsraith orthu, ó Chúige Uladh cheithre cinn acu.

Pé támáilteacht agus pé doicheall a bhí ar lucht caide Dhoire roimh cheapachán Mhickey Harte i bhfómhar na bliana seo caite, níl aon amhras ná go bhfuil sé curtha dóibh go maith faoin dtráth seo acu. Cheapas nuair a chonac i dTrá Lí iad i ndeireadh mhí Eanáir go raibh seans Dé le Doire na cosa agus an dá phointe sraithe a bheith beirthe leo.

Ní rabhas toilteanach aon chreidiúint ná aitheantas a thabhairt dá mbua toisc gur chuir an útamáil le geansaithe agus uimhreacha geansaithe conach orm agus anuas air sin, taibhsíodh dom ag an am gur dearmad ab ea é iarraidh ar imreoirí an Ghleanna imirt chomh luath san tar éis chluiche ceannais chlubanna na hÉireann. Is léir inniu agus ba léir an oíche úd go raibh Mickey Harte sa tóir ar an mbua d’fhonn is gaoth a chur ina sheolta luath go maith sa bhfeachtas agus tost a chur ar lucht an amhrais. Tá san déanta anois aige.

Bhíos ag iarraidh agus mé ag faire ar Dhoire in aghaidh na Gaillimhe Dé Domhnaigh seo caite, foireann Dhoire a shamhlú mar churaidh uile-Éireann.

Tá tamall le taisteal acu i gcónaí ach níl sé chomh dochreidte is a bhí roinnt seachtainí ó shin. Nuair a bhítear ag lorg comharthaí sóirt an churaidh bítear ag féachaint an acmhainn dóibh ceann des na piardaí móra a leagadh. B’in ceann des na spriocanna a chuir foirne Átha Cliath fé stiúir Pat Gilroy rompu nuair a bhíodar siúd ag iarraidh a gcultúr a athrú ó bhonn, srathair na hainnise agus ualach na staire a chur díobh sa bhliain 2011. Is deacair é a shamhlú anois, ach bhí Corcaigh ar cheann des na piardaí móra an uair úd. Nuair a bhuaigh Áth Cliath le dhá phointe ar Chiarraí sa tsraith i gCill Airne in 2010 agus nuair a bhuadar ar Chorcaigh an bhliain dár gcionn, músclaíodh misneach iontu ná féadfadh aoinne a cheansú ó shin.

Dhein Tír Eoghain an dála céanna i gCill Airne in 2003 agus cé gur bhuaigh Doire ar Áth Cliath anuraidh (an t-aon uair i gcaitheamh na bliana ar fad ar buadh ar na Dubs) ní raibh an stuif acu don dara bliain as a chéile nuair a tháinig sé chuige i gcluiche leathcheannais craoibhe na hÉireann.

Ba léir go raibh dul chun cinn á dhéanamh bliain ar bhliain ag Doire. Ba léir go raibh éabhlóid ag tarlúint ó thaobh stíle agus cur chuige. Ach ba léir chomh maith go raibh Doire teoranta ó thaobh roghanna ón mbinse agus ó thaobh socracht agus stuaim ar an dtaobhlíne féin.

B’fhéidir go bhfuil an chaint seo fé Dhoire mar churadh uile-Éireann ábhar beag anabaí ach tá forbairt eile tagtha ar a gcuid imeartha i mbliana sa mhéid is go bhfuil fonn orthu an bhróg a chur leis an gcaid níos minice agus níos luaithe ná mar a dheineadar fé stiúir Rory Gallagher agus Ciarán Meenagh.

Luaigh a lánchúlaí, Chrissy McKaigue féin é tar éis an chéad chluiche sraithe i dTrá Lí. Dúirt sé gur léir don uile dhuine a bhí i láthair go raibh fonn ar Dhoire an chaid a lascáil níos mó agus thagair sé do Chiarraí agus d’Áth Cliath mar eiseamláir acu sa mhéid sin. Thagair McKaigue chomh maith don gcomhairle a chuir a n-oiliúnóir, Gavin Devlin orthu, sé sin gan a bheith ag tabhairt drochainm don bpas coise díreach toisc go mbítear ag dul ina mhuinín ar mhaithe le bheith feicthe á dhéanamh. ‘Bímis á ciceáil nuair is léir dúinn gur cheart a bheith á ciceáil ach glacaimis leis, chomh maith, nuair nach é an rogha is fearr é,’ a dúirt McKaigue.

Beidh mé ag faire amach arís i bPáirc na gCeilteach anocht don éabhlóid seo in imirt Dhoire. Beidh mé ag faire amach, chomh maith do chomharthaí sóirt an churaidh ach thar aon ní eile, agus tá súil agam go dtarlóidh sé, beadsa agus scata eile ag faire amach don gcoimhlint idir Brian Fenton agus Conor Glass. An t-imreoir lár páirce is fearr lenár linn ag dul guaille ar ghuaille agus gob ar ghob leis an imreoir lár páirce is fearr go dtí seo i mbliana. Anois, ná cuirfeadh san uisce led’ fhiacla?  

Fág freagra ar 'Brian Fenton agus Conor Glass ag dul guaille ar ghuaille agus gob ar ghob…'