Breis is €7,000 caite ar phictiúr de phósadh Tom Barry ó leabharlann Mháire Mhic an tSaoi

Díoladh bailiúchán de chomhfhreagras, gearrtháin agus foilseacháin de chuid Mháire Mhic an tSaoi ar bheagnach €4,000 ag ceant i mBiorra

Breis is €7,000 caite ar phictiúr de phósadh Tom Barry ó leabharlann Mháire Mhic an tSaoi

Pictiúr a tógadh ag bainis Tom Barry in 1921 is mó a bhain airgead amach nuair a cuireadh leabharlann Máire Mhic an tSaoi agus Conor Cruise O’ Brien ar ceant inné i mBiorra.

Chomh maith le leabhair Bhéarla is Ghaeilge, díoladh litreacha pearsanta a cuireadh chuig Seán McEntee, a bhí ina Aire i rialtais Fhianna Fáil ó 1932 go 1959 nuair a bhí Éamon De Valera ina Thaoiseach. Díoladh grianghrafanna, cártaí cuimhneacháin agus boscaí chomhfhreagais agus nótaí pearsanta a bhain le Máire Mac an tSaoi, Seán Mc Entee agus Conor Cruise O’Brien ag an gceant a reáchtáil Purcell Auctioneers.

Díoladh dréachtchóip phearsanta McEntee de Bhunreacht na hÉireann ar €7,200. Bhí spéis faoi leith ann mar go raibh sé sínithe ag Éamon De Valera, Seán Lemass, Jim Ryan, Gerald Boland, Oscar Traynor, P.J. Ruttledge, Sean T. O’ Kelly agus Frank Aiken – na hairí rialtais ag an am.

Ach níorbh é an Bunreacht an ní ba mhó ar íocadh airgead air ag an gceant. Díoladh pictiúr a tógadh ag bainis Tom Barry i mí Lúnasa 1921 ar €7,600. In éineacht le Barry, ceannasaí de chuid an IRA le linn Chogadh na Saoirse, agus a bhean Leslie, sa phictiúr bhí leithéidí Éamoin De Valera, Harry Boland, Countess Markievicz agus Michael Collins.

Nuair a chuirtear san áireamh coimisiún an cheantálaí, bheadh ar an té a cheannaigh an pictiúr den bhainis beagán faoi bhun €9,000 a íoc ar an bpictiúr.

Bhí tóir freisin ar bhosca de chomhfhreagras, gearrtháin agus foilseacháin de chuid Mháire Mhic an tSaoi. Cé gur measadh roimh an gceant go raibh luach idir €800 agus €1,200 ar an mbailiúchán, díoladh sa deireadh é ar €3,700.

Díoladh bailiúchán litreacha a scríobh Máire Mhac an tSaoi, a hathair Seán, a máthair Margaret agus a huncail, an Moinsíneoir Pádraig de Brún – file agus scoláire aitheanta eile – ar €1,700. Díoladh ábhar eile a bhain leis an Moinsineoir de Brún chomh maith, dán clóscríofa leis ó 1934, mar shampla.

Ar ndóigh bhí ceangal mór ag Máire Mhac an tSaoi le hiarthar Duibhneach agus €200 a tugadh ar phictiúr portráide de Pheig Sayers. Díoladh albam de 48 pictiúr a tógadh i gCorca Dhuibhne thart ar 1928/29 ar €400.

Bhí praghas maith le fáil ar leabhar ar bith a bhí sínithe ag údar, cuid mhaith leabhar Gaeilge ina measc. Mar shample díoladh bailiúchán de naoi leabhar Gaeilge ar €120, cóip sínithe den úrscéal An tSraith ar Lár le Máirtín Ó Cadhain ina measc.

I measc na míreanna eile a díoladh sa cheant bhí: eagráin de Chomhar ó 1942-47 ceangailte mar leabhar agus iad sínithe do Mháire Mac an tSaoi ag liosta Gaeilgeoirí aitheanta (€240); bailiúchán de dhánta le Máire Mhic an tSaoi ó 1940 ar aghaidh (€650);  leabhar an tSean Tiomna (Bíobla Bhedel) ó 1827 (€420); leabhar le 12 líníochtaí ó cheantar Dhún Chaoin (€70); Ó Mórna agus Dánta Eile le Máirtín Ó Direáin (€170);  Cérbh í Meg Russell le Máire Mhac an tSaoi ( €170).

Bíonn ceant leabhar ag Purcell’s go rialta, agus níos minicí ná a mhalairt bíonn roinnt mhaith ábhar i nGaeilge ar an gcatalóg. Beidh an chéad cheann eile ann ar an 25 Bealtaine, nuair a dhíolfar na leabhair a bhí ag bailitheoir le spéis faoi leith aige in ábhar a bhain le Luimneach.

Fág freagra ar 'Breis is €7,000 caite ar phictiúr de phósadh Tom Barry ó leabharlann Mháire Mhic an tSaoi'

  • Pat Butler

    Tá an griangraf sin an-choitianta. Is minic iad le liosta na n-ainmneacha uilig greanta ar an gcúl. Tá trí nó ceithre chinn díobh agam féin san áiléar.
    Suimiúil go bhfuil Dev in shuí IDIR Tom agus a bhrídeog Leslie Price lá a bpósta!!!

    Grandam Dev mar Uachtarán na Poblachta aitheanta acu beirt. Tús áit tugtha don Long Fella…

    Sheas idir Conarthóirí agus Frithchonarthóirí ar ghualann a chéile don ngriangraf sin, ainneoin go rabhadar ar scórnaigh a chéile sa am.

  • Colette nì ghallchòir

    Is maith sin