Tá os cionn €2 mhilliún saothraithe ag an scannán dátheangach Kneecap ag oifig na dticéad go dtí seo.
Thart ar €1.25 milliún a shaothraigh Kneecap ó seoladh é in Éirinn trí seachtaine ó shin agus le linn deireadh seachtaine a sheolta sa Bhreatain.
Ó seoladh an scannán bréag-bheathaisnéise faoin ngrúpa rap as Béal Feirste i bpictiúrlanna i Stáit Aontaithe Mheiriceá ag tús na míosa, tá breis is $1 milliún (€900,000) saothraithe aige oifig na dticéad thall.
Le linn deireadh seachtaine a sheolta, taispeánadh Kneecap in 283 pictiúrlann in Albain, Sasana agus an Bhreatain Bheag agus £575 ar an meán a thuill an scannán gach uair a taispeánadh é.
Tá scannán Rich Peppiatt sa chúigiú háit i measc na scannán is mó tóir atá le feiceáil sa Bhreatain agus in Éirinn agus é seolta in Albain, Sasana agus an Bhreatain Bheag le seachtain.
$470,000 a thuill an scannán ó oifig na dticéad an chéad deireadh seachtaine a raibh sé le feiceáil i bpictiúrlanna Stáit Aontaithe Mheiriceá, an 2-4 Lúnasa.
€292,000 a shaothraigh an scannán le linn deireadh seachtaine a sheolta i 109 pictiúrlann ar fud na hÉireann.
D’fhág sin gur éirigh níos fearr le Kneecap ar dheireadh seachtaine a sheolta in Éirinn ná aon scannán eile as Éirinn ó seoladh The Banshees of Inisherin in 2022.
Tá ardmholadh tugtha ag léirmheastóirí do Kneecap, atá roghnaithe ag IFTA chun dul san iomaíocht d’Éirinn d’ainmniúchán Oscar, ó bhí a première ag an scannán a stiúir Rich Peppiatt ag féile cháiliúil Sundance in Utah.
Bhí an Ghaeilge i lár an aonaigh ag na gradaim chéanna anuraidh nuair a d’éirigh le An Cailín Ciúin ainmniúchán a fháil.
Seo an seachtú huair ar cuireadh scannán ina bhfuil an Ghaeilge sa treis chun cinn do na gradaim Oscar.
WTF
Scannán millteach maith! ‘Aos dána’ ná tógann aon chac ó éinne agus a chonách san orthu!