Cliar: Móglaí Bap/Naoise Ó Cairealláin, Mo Chara/Liam Óg Ó hAannaidh, DJ Provaí/JJ Ó Dochartaigh, Josie Walker, Fionnuala Flaherty, Jessica Reynolds, Adam Best, Simone Kirby, Michael Fassbender
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Rich Peppiatt
Conas ar tharla sé go mbíonn na mílte i ngoirt ag féilte ceoil, a lámha á luascadh san aer acu agus iad ag canadh ‘You Fenian C*nts’ go binn i dteannta grúpa rap dátheangach ó Bhéal Feirste a mbíonn balaclava cniotáilte i ndathanna bhratach na hÉireann ar dhuine acu, an duine acu arb é DJ Próvaí an t-ainm atá air?
Agus conas ó thalamh an domhain ar tharla sé go bhfuil scannán grinn faoin ngrúpa céanna, ina bhfuil jóc graosta faoi bhuama Brighton, ina pheata scannáin ag léirmheastóirí Shasana agus Mheiriceá, gan trácht ar a bheith ina iomaitheoir d’Éirinn d’ainmniúchán Oscar?
N’fheadar agus ná bí ag súil le mórán freagraí ó Kneecap, scannán Rich Peppiatt faoi theacht in inmhe Móglaí Bap, Mo Chara agus DJ Próvaí, an triúr cainteoirí Gaeilge ón dTuaisceart a bhfuil dul chun cinn éachtach déanta acu ó chuireadar amach a gcéad singil C.E.A.R.T.A in 2017.
Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil lón machnaimh i Kneecap faoi cheisteanna a bhaineann leis an gcoilíneachas is leis an gceannairceacht chultúrtha is teanga, agus níl aon dabht ná go bhfuiltear ag cuimhneamh cheana féin ar na tráchtais a mhíneoidh é sin ar fad agus a inseoidh dúinn mar bhónas faoi thábhacht thraidisiún na cumadóireachta macarónaí sa chúram go léir.
‘But fuck that…’ faoi mar a déarfadh Liam Óg (nó Mo Chara) ina reacaireacht sheanbhlastúil i Kneecap.
Scannán dúghrinn gáirsiúil fiáin fíorghreannmhar é Kneecap ina dtugann triúr ceoltóirí (Naoise Ó Caireallain, Liam Óg Ó Hannaidh agus JJ Ó Dochartaigh) taispeántais dochreidte nádúrtha uathu agus iad ag aisteoireacht i róil mar iad féin.
Tá luas mire faoin insint agus é lán le deismireachtaí stíle a chuirfeadh i gcuimhne duit Trainspotting Danny Boyle, saothar eile a bhí gafa le drugaí is an greann dóite, agus a raibh a fhuaimrian ‘parful’ ag cur thar maoil le buillí móra mealltacha.
An scannán sin an chomparáid is saoráidí atá tagtha chuig léirmheastóirí agus iad ag cur síos ar chur chuige fuadrach fonóideach Kneecap agus ba é ‘Trainspotting meets Translations’ sméar mhullaigh na gcomparáidí go dtí seo.
Cuirtear tús le cuntas leathchruinn agus leath-áiféiseach Kneecap nuair a ghabhtar Liam Óg.
Diúltaíonn sé Béarla a labhairt leis an mBleachtaire Ellis (Josie Walker) agus cuirtear fios ar ateangaire. Níl fáil ar Chaitlín (Fionnuala Flaherty), gníomhaí díograiseach atá gafa le cúis an achta teanga, agus cuireann sí brú ar a fear, JJ, múinteoir Gaeilge agus ceoil atá séimh ach ábhairín bailithe de féin, seasamh sa bhearna bhaoil ina háit.
Seo an cor sa chinniúint a thugann Kneecap dúinn agus ní fada go bhfuil DJ Próvaí déanta de JJ agus an balaclava trídhathach sin á chaitheamh aige ar stáitse ionas nach n-aithneoidh aon duine ón scoil é.
Tá a chuid fadhbanna féin ag Naoise, an tríú ball den ghrúpa, agus a mháthair, Dolores (Simone Kirby) teanntaithe sa bhaile fad is atá a athair, Arlo (Michael Fassbender), iar-laoch de chuid an IRA, ar a theitheadh agus mórán den tuairim go bhfuil sé básaithe.
“Every day I am not captured is a psychological victory against the occupiers,” a deir sé le mórchúis thruamhéalach agus ní den chéad uair, léiríonn Fassbender chomh maith is atá sé mar aisteoir grinn.
Taispeántar Arlo chomh maith ag cur comhairle ar Naoise agus Liam Óg agus iad ina bpáistí, “Every word of Irish spoken is a bullet for Irish freedom”.
Bíonn ana-thóir ag aontachtaithe caolaigeanta ar an seanrá céanna mar fhianaise ar dhrochmhianach an chainteora Gaeilge, agus sampla maith an úsáid a bhaintear as sa scannán de ghliceas lucht Kneecap agus iad i mbun siobailit gach taobh a chur tóin thar cheann.
Tugtar tús áite don ghreann graosta faoi chúrsaí cócaoin agus collaíochta in Kneecap, ach is minic cáiréis faoi cheilt ag baint lena chuid aoire chomh maith.
Ní oirfidh sé do chách, agus cuirfidh sé anbhá ar mhórán, ach polasaí comhdheiseanna atá ann i dtaobh na haoire agus an ghrinn. Tugtar sonc don uile dhuine – Oráistigh bhunchreidmheacha, dílseoirí biogóideacha, poblachtánaigh phiúratánacha, easaontóirí poblachtánacha dúra, RTÉ, an BBC, Sasanaigh, Saorstátairí, daoine nach bhfuil dáiríre a ndóthain faoin nGaeilge agus daoine atá ródháiríre faoin nGaeilge. Ní thagann aon duine slán ón sceanairt.
Léiriú maith ar an aoir tharcaisneach sin iad cuid d’fhophlotaí an scannáin, ina measc an caidreamh paiseanta a bhíonn ag Liam Óg le Georgia (Jessica Reynolds) bean óg Phrotastúnach. Caidreamh é atá bunaithe cuid mhór ar a bheith ag scréachadh le háthas faoi Rangers agus Celtic agus gnéithe toirmiscthe eile de chultúir éagsúla a chéile. Bí ag caint ar an athmhuintearas trasphobail.
Cuireann Kneecap iad féin i láthair uaireanta mar dhream atá saor ó aon chúram seachas an chóisireacht, ach sé a rún mór salach ná go mbíonn ardchaighdeán ag baint le gach rud a dhéanann siad agus go meallann siad daoine tréitheacha eile chun dul ag obair leo. Ná habair os ard é ach tá fios a gcúraim ag Beastie Boys Bhóthar na bhFál.
Tá tacáiocht iontach anseo acu ó Peppiatt, an scríbhneoir agus stiúrthóir, agus ón gcliar chumasach. Cuireann, mar shampla, Simone Kirby, Jessica Reynolds agus Fionnuala Flaherty feoil le cnámha a gcarachtar, a d’fhéadfadh a bheith ábhairín rólom mura mbeadh aisteoirí chomh tuisceanach ábalta leo ina mbun.
Tá cruthaithe ag Kneecap chomh maith nár cheart aon doicheall a bheith ar lucht ealaíne na Gaeilge roimh chás na teanga a phlé ina saothar.
Féach gur féidir leat scannán a dhéanamh faoi cheist na Gaeilge agus más maith leat, ag an am céanna, ceiliúradh a dhéanamh ar an éagsúlacht agus mír a bheith agat ina dtagann Gerry Adams chugat i dtaibhreamh céataimín. Bheadh Myles na gCopaleen sásta.
Agus JJ ag gríosú a chomrádaithe chun gníomh réabhlóideach a dhéanamh ar son na teanga, deir sé gurb ionann an Ghaeilge agus “the last dodo stuck behind glass in some zoo”.
“What the fuck is a dodo?” a fhiafraíonn Naoise de.
Pé rud é fhéin, ní hé Kneecap é.
– Tá ‘Kneecap’ á sheoladh inniu i bpictiúrlanna ar fud na tíre
Donncha O hEallaithe
Beidh KNEECAP á thaispeaint ag Club Scannán Sailearna ar an DEARDAOIN, 3 Deire Fomhair, sa Seanscoil, Indreabhan.