Breis is £600,000 ar phictiúr le Paul Henry de Chonamara ag ceant i Londain

Is é seo an méid is mó a íocadh riamh ar phictiúr de chuid Henry, os cionn £200,000 níos mó ná an pictiúr ba chostasaí dá chuid a díoladh roimhe seo

Tá os cionn £600,000 caite ar radharc tíre dar teideal Mountains and Lake, Connemara, ag ceant i Londain. Saothar de chuid an ealaíontóra aitheanta Paul Henry, díoladh Mountains and Lake, Connemara ar £622,500 (thart ar €730,000).

Is é seo an méid is mó a íocadh riamh ar phictiúr de chuid Henry, os cionn £200,000 níos mó ná an pictiúr ba chostasaí dá chuid a díoladh roimhe seo.

An comhlacht ceantála mór le rá Christie’s i Londain a dhíol an pictiúr ag ceant de bhailiúchán Barney Eastwood, an geallghlacadóir agus poiblitheoir dornálaíochta as contae Thír Eoghain a bhásaigh anuraidh. Caitheadh £14,187,750 ar fad ar an 30 saothar a díoladh.

Idir £120,000-£180,000 a ceapadh do Mountains and Lake, Connemara roimh an gceant ach chuaigh sé idir a trí agus a cúig oiread an mheastacháin sin. Níor tugadh le fios cé a cheannaigh an pictiúr.

Dúirt Christie’s gur chruthaigh Henry an saothar áirithe seo nuair a bhí sé i mbarr a réime i lár na 1930idí.

Cheannaigh Eastwood an pictiúr i 1990 agus bhí sé ar taispeáint i Músaem Uladh agus i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann ar feadh tamaill.

An €420,000 a íocadh ar A Sunny Day, Connemara, an méid is mó a íocadh ar phictiúr de chuid Paul Henry roimh seo.

I mBéal Feirste a rugadh Henry in 1876 ach chaith sé go leor ama in iarthar na hÉireann. Chaith sé naoi mbliana ina chónaí in Acaill agus is ann a phéinteáil sé The Potato Diggers, a díoladh ar €400,000 in 2013.

Fág freagra ar 'Breis is £600,000 ar phictiúr le Paul Henry de Chonamara ag ceant i Londain'