Boris na mBréag – crá croí mhuintir na Breataine, na hÉireann agus na hEorpa

Polaiteoir mí-ionraic atá tagtha i gcomharbacht ar Theresa May mar Phríomh-Aire na Breataine

Boris na mBréag – crá croí mhuintir na Breataine, na hÉireann agus na hEorpa

Tá polaiteoir mí-ionraic tagtha i gcomharbacht ar Theresa May. Ní bheidh rath ar chaidreamh ar bith idir an Ríocht Aontaithe agus tíortha eile go dtí go gcreidfidh a gceannairí gur féidir brath ar a fhocal. Faoi láthair, ní féidir.

Ní i gcónaí a chloistear an fhírinne nuair a osclaíonn ceannaire polaitiúil a bhéal. Glactar leis nach ndéanann a mbunáite cur síos lánfhírinneach uaireanta ar a ndearna siad, nó ar rogha chonspóideach atá beartaithe acu. Ní foláir cuimhneamh áfach go bhfeidhmíonn polaiteoirí ar leibhéal pearsanta agus príobháideach chomh maith leis an leibhéal poiblí.

Teastaíonn muinín chun caidreamh ar bith a choinneáil beo, mar a mhínigh Bertie Ahern do scríbhneoir an cholúin seo tráth. Bhí an t-iarThaoiseach ag tagairt don chothú muiníne a bhí mar dhlúthchuid den phróiseas síochána ó thuaidh roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta (1998) agus ina dhiaidh chomh maith.

 “If I trust someone,” arsa Bertie Ahern le linn comhrá faoin gceannaire aontachtach David Trimble, “we can do business, even if I don’t agree with him, and even if he sometimes says things in public that I don’t like.” 

Faoi láthair, tá gach cosúlacht ar ráitis an té atá roghnaithe ag Páirtí Caomhach na Breataine mar chomharba ar Theresa May go bhfuil margadh réasúnta leis an Aontas Eorpach roimh an 31 Deireadh Fómhair curtha as an áireamh aige. Ach abair go n-athródh (a) vóta parlaiminte (b) stuaim nó (c) slítheántacht a intinn roimhe sin. 

Is i gcás dá leithéid a bheadh ar Leo Varadkar mí-ionracas leanúnach an phríomh-aire nua a chur sa mheá arís. Cá bhfios an mbeidh athbhreithniú dá leithéid riachtanach agus bealach éalaithe ón duibheagán Breatimeachta á lorg aige? 

Má léiríonn an Príomh-Aire Boris Johnson fonn nua chun comhréitigh, ní gairid é an liosta bréag nár chóir a ligean i ndearmad agus a athrú meoin á thomhas. Seo deich gcinn ghránna:

  1. Mhaígh sé roimh an reifreann ar an mBreatimeacht in 2016 go ligfí an Tuirc isteach san AE go luath, agus go mbeadh cead isteach ag breis agus seachtó milliún Turcach. Ní raibh ballraíocht na Tuirce ar na bacáin an uair sin, agus níl faoi láthair ach oiread. Shéan Johnson i mbliana go ndúirt sé a leithéid, ainneoin a ndúirt sé a bheith taifeadta ar fhíseán.
  2. Thaispeáin sé scadán leasaithe (nó ‘kipper’ an Bhéarla) dá lucht leanúna agus rialacha iomarcacha (dar leis) iompair agus sláinte an AE á gcáineadh aige. Bhí gach focal dá ndúirt sé bréagach. Ní sa Bhruiséil ach i Londain a eisíodh na rialacha a cháin sé – rud nár admhaigh sé ó shin.
  3. Thug sé le fios coicís ó shin, fiú mura dtiocfaí ar chomhaontú imeachta leis an AE roimh an 31 Deireadh Fómhair go bhféadfaí socruithe nua trasteorann a phlé “le linn na tréimhse feidhmiúcháin”. Mura mbeidh comhaontú i bhfeidhm, ní bheidh “tréimhse feidhmiúcháin” ann ach oiread.
  4. Tá sé ráite go minic aige nach mbeidh an cúlstad Éireannach riachtanach, toisc gur féidir socruithe eile a chur i bhfeidhm. Tá a fhios aige go maith nár aimsíodh socruithe praiticiúla dá leithéid fós. 
  5. Vótáil sé i bhfabhar an chomhaontú aistarraingthe a shínigh Theresa May sa Bhruiséil in 2017. Dúirt sé le linn fheachtas an toghcháin cheannaireachta go gcaithfí é a chur i leataobh.
  6. Dúirt sé roimh an reifreann ar an mBreatimeacht in 2016 gur chóir don Bhreatain fanacht i  Margadh Aonair an AE. Deir sé anois gur chóir don Bhreatain an Margadh Aonair a fhágáil.
  7. Nuair a d’fhiafraigh iarcheannaire an Pháirtí Chaomhaigh Michael Howard de an raibh caidreamh gnéasúil idir é féin agus bean a bhí ar fhoireann a oifige, dúirt Boris Johnson leis nach raibh an scéal fíor. Bhí sé fíor.
  8. Mhaígh sé le linn an fheachtais reifrinn in 2016 go bhféadfaí £350m sa bhreis a chaitheamh ar sheirbhís náisiúnta sláinte na Breataine (an NHS) gach seachtain mura mbeadh an méid sin airgid á sheoladh chun na Bruiséile. Dúirt saineolaithe neamhspleácha gur £190m sa tseachtain a bhí á íoc leis an AE, agus íocaíochtaí ón AE san áireamh. Níor admhaigh Johnson riamh go raibh an figiúr a d’fhógair sé míchruinn as cuimse.
  9. Briseadh as a phost mar iriseoir sa Daily Telegraph é nuair a fuarthas amach gur chum sé briathra nár dúradh agus tuairisc á scríobh aige don nuachtán.
  10. Chuir sé teorainn na hÉireann i gcomparáid leis an teorainn idir Camden agus Westminster, dhá údarás áitiúil i Londain, nuair a dúirt sé anuraidh go bhféadfaí déileáil le socruithe Breatimeachta abhus mar a ghearrtar táillí tráchta. Níor thug sé cuairt ar theorainn na hÉireann ó vótáladh i bhfabhar an Bhreatimeachta in 2016.

Fág freagra ar 'Boris na mBréag – crá croí mhuintir na Breataine, na hÉireann agus na hEorpa'

  • An Fathach

    Cathal an Cháinte. Ní fada a mhair sé go dtí gur eisigh an tUasal Mac Coille a chuid bolscaireachta frith-Bhorisí. Saoradh ó vaimpír sin an AE atá ann sa Bhreatimeacht. Guím gach rath ar PM Johnson.

  • Seán Mac Gearailt

    Bheadh sé suimiúil scrúdú a dhéanamh ar ráitis Leo freisin.