Boris Johnson tofa ina cheannaire ar na Tóraithe

Tá sé fógartha go raibh an lá le Boris Johnson i dtoghchán ceannaireachta na dTóraithe, rud a fhágann gurb é a thiocfaidh i gcomharbacht ar Theresa May

Boris Johnson tofa ina cheannaire ar na Tóraithe

Is é Boris Johnson a bheidh ina chéad Phríomh-Aire eile ar an mBreatain agus é tofa ina cheannaire ar Thóraithe Shasana.

Bhuaigh Johnson go héasca ar a chéile comhraic Jeremy Hunt, 92,153 vóta in aghaidh 46,656, agus beidh sé ag dul go dtí 10 Sráid Downing amárach mar chomharba Theresa May.

Dúirt sé ina óráid i ndiaidh an fhógra go raibh faoi an Breatimeacht a chur i gcrích, an tír a aontú agus Jeremy Corbyn a chloí. Dúirt sé chomh maith go spreagfadh sé daoine agus é ina Phríomh-Aire.

Cé go raibh sé soiléir le fada go mbeadh an lá le Johnson sa toghchán ceannaireachta a mhair seacht seachtaine, bhí tráth ann gurbh ar éigean a chreidfeadh éinne go mbeadh sé ina phríomh-aire agus cáil an dileataint ghiodamaigh air.

Níl aon amhras ach gur rogha chonspóideach é Johnson agus go mbeidh toradh an lae inniu ina ábhar scoilte.

Tá sé i gceist ag scata airí rialtais, Seansailéir an Státchiste Philip Hammond ina measc, éirí as an gcomhaireacht mar go mbeidh Johnson ina cheann feadhna air.

An chúis is mó atá acu le héirí as ná go bhfuil sé leagtha air go bhfágfaidh an Bhreatain an tAE oíche Shamhna bíodh margadh déanta nó ná bíodh.

“Is ionann moill agus teip, is ionann moill agus scrios,” arsa Johnson agus a fheachtas i gcomórtas ceannaireachta na dTóraithe á sheoladh aige an mhí seo caite.

Tá ráite ag Johnson go gcaithfeadh aon duine a bheidh ina chomhaireacht glacadh leis go bhfuil an Breatimeacht gan mhargadh mar rogha.

Deir Johnson chomh maith go bhfaighidh sé margadh nua ón AE roimh Shamhain, rud atá curtha as an áireamh go minic ag lucht na Bruiséile.

Mhaígh sé le linn an fheachtais nach mbeidh aon teorainn chrua in Éirinn “is cuma cad a tharlóidh” i dtaobh an Bhreatimeachta.

Ag labhairt dó i mBéal Feirste, dúirt sé go réiteofaí ceist theorainn na hÉireann i gcainteanna trádála iarBhreatimeachta.

Fág freagra ar 'Boris Johnson tofa ina cheannaire ar na Tóraithe'