Bhí mé ag féachaint ar shean-ghrianghraif le mo mhuintir Bhrasaíleach an lá cheana. Scór acu, b’fhéidir, má bhí an méid sin féin ann: clúdach litreach ina raibh na pictiúir ar fad a thógadar idir an bhliain 1975 (an bhliain ar casadh mo ‘mháthair Bhrasaíleach’ agus a fear ar a chéile) agus tús an chéid seo, nuair a tháinig an ghrianghrafadóireacht dhigiteach i réim agus nuair a tháinig feabhas ar chaighdeán an tsaoil sa Bhrasaíl.
“Roimhe sin, bhí ceamara againn ach ní raibh an t-airgead againn chun na grianghraif a réaladh,” a deir mo mháthair Bhrasaíleach. “Agus lena chois sin, bhí an saol chomh crua ag an am nach mbíodh fonn orainn pictiúir a thógáil pé scéal é.”
I gceann den dá scór pictiúr a tógadh, tá ‘córas’ séarachais oscailte na sráide, mar a bhfuil cónaí ar mo mhuintir Bhrasaíleach, le feiceáil, agus an fear a phósfainnse (agus a scarfainn uaidh) ag súgradh le taobh na claise i lár na sráide agus é ina bhuachaill óg.
Bóithrín gainimh a bhí sa tsráid sin ag an am, ag deireadh na 1980í. Ní aithneofa inniu í: ní hamháin go bhfuil tarmac ar an mbóthar ach is tithe trí stór iad na botháin bheaga – nach raibh iontu ach an t-aon seomra amháin – a tógadh ann i dtús báire.
Agus tá fón póca nó dhó ag gach duine a bhfuil cónaí orthu sna tithe sin agus tá na fóin sin ar fad ag cur thar maoil le pictiúir a thóg na daoine sin díobh féin. Fearacht m’fhón féin agus d’fhónsa, ar ndóigh. Mar a dúirt an té a dúirt: mura bhfoilsítear féinphic, níor tharla sé!
Má bhíonn cuma áiféiseach ar dhaoine sna pictiúir a ghlacann siad díobh féin sa lá atá inniu ann, samhlaigh an chuma atá ar an scór grianghraf a thóg mo mhuintir Bhrasaíleach sa cheathrú céad deireanach roimh theacht na grianghrafadóireachta digití.
Ceal cleachtaidh, ní raibh a fhios acu cén chaoi le grianghraf a thógáil agus ní fheicfidís an toradh go dtí go mbeadh na grianghraif réalaithe. Níl le feiceáil i gcuid mhór den scór pictiúr sin ach leathchos, leathaghaidh, leathfhuineadh gréine. Ach ina ainneoin sin, ba leor iad – fiche grianghraf ciotach – chun saol iomlán a thabhairt chun cuimhne.
Nuair a tháinig mé abhaile, shocraigh mé mo bhailiúchán grianghraf féin a shórtáil amach. Cén mhaith dom trí mhíle grianghraf ar mo ríomhaire más leor cúpla ceann maith (cosúil leis an gceann ag barr an cholúin seo) chun sruth cuimhní a spreagadh?
Fág freagra ar 'Bóithrín – gan phábháil – na smaointe'