Bob buailte ar Fhianna Fáil ag Fine Gael agus iarcheannaire an SDLP

Tháinig an scéala go mbeidh Mark Durkan ag seasamh d’Fhine Gael i dtoghchán na hEorpa aniar aduaidh ar dhaoine

Bob buailte ar Fhianna Fáil ag Fine Gael agus iarcheannaire an SDLP

Tá bob buailte ar Fhianna Fáil ag Fine Gael agus iarcheannaire an SDLP Mark Durkan roghnaithe acu i gcomhair thoghchán na hEorpa.

Sheas Micheál Martin agus Colum Eastwood gualainn ar ghualainn le chéile i mBéal Feirste an 24 Eanáir agus ‘comhpháirtíocht’ eatarthu á fógairt acu. Ní léir fós cén tairbhe a bhainfidh an SDLP as an gcomhshocrú (nach ionann é agus cónascadh), go háirithe sa toghchán áitiúil ó thuaidh i mí na Bealtaine.

Ach ar an taobh ó dheas den teorainn, ba léir láithreach an tairbhe d’Fhianna Fáil, agus do Mhicheál Máirtín go háirithe. Tá ceist réitithe anois a bhí ina hábhar teannais le tamall sa pháirtí – cuimhnigh ar an rith aonair thar teorainn a rinne Éamon Ó Cuív agus Mark Daly in éineacht anuraidh.

Ar ndóigh, mhaígh Sinn Féin nach raibh sa chomhpháirtíocht ach lagiarracht tarrthála aneas agus nach stopfadh meath an SDLP dá bharr. Níor chuir ráitis dá leithéid iontas ar mhórán.

Ní bheadh duine ar bith, ó thuaidh ná ó dheas, ag súil lena mhalairt.

Ach rinne an Taoiseach cáineadh gan choinne ar an gcomhpháirtíocht nua le linn preas-agallaimh i mBéal Feirste Dé hAoine seo caite.

Bhí an nasc idir Fianna Fáil agus an SDLP cosúil leis an margadh a rinne Caomhaigh na Breataine leis an DUP, dar leis, agus bheadh toradh den sórt céanna air dá mbeadh Fianna Fáil i mbun rialtais.

Bhí cinneadh déanta ag Fine Gael, a dúirt Leo Varadkar, gan a bheith ceangailte le páirtí ar bith i dTuaisceart Éireann. Shíl Fine Gael, a dúirt sé, go mb’fhearr iarracht a dhéanamh caidreamh a chothú le gach páirtí. Chiallódh cur chuige dá leithéid go mbeadh Fine Gael ábalta feidhmiú mar idirghabhálaí macánta agus iad i mbun rialtais.

Bhuel, d’imigh sin agus tháinig seo: tá iarCheannaire an SDLP Mark Durkan roghnaithe ag Fine Gael mar iarrthóir i dtoghchán na hEorpa i mBaile Átha Cliath, agus Frances Fitzgerald roghnaithe ina theannta. 

In imeacht cúig lá mar sin, chaith an Taoiseach i leataobh an neodracht a mhol sé mar chur chuige rialtais ó thuaidh. Cibé gearán a chloisfear ó Shinn Féin, ní bheidh Fianna Fáil ábalta focal a rá in aghaidh iarrthóir nua Fhine Gael i dtoghchán na hEorpa.

Dá fheabhas é Mark Durkan mar iarrthóir, ní féidir neamhaird a dhéanamh dá stair phearsanta mar fheisire parlaiminte agus mar cheannaire ar a pháirtí i dTuaisceart Éireann. Tá Fine Gael agus Fianna Fáil ar an taobh céanna den chlaí agus iad ag seasamh in aghaidh Shinn Féin, thuaidh agus theas.

Ní chuirfidh an neamhleanúnachas follasach i dtuairimí an Taoisigh as do mhórán vótóirí i dtoghcheantar Bhaile Átha Cliath. Mar sin féin, éacht as cuimse a bheidh ann ag Durkan (58) agus Ftizgerald (68) má thoghtar an bheirt acu. 

Ní raibh ach 15% den vóta céad rogha ag Brian Hayes, iarrthóir Fhine Gael i mBaile Átha Cliath i dtoghchán na hEorpa in 2014. Cé nach mbeidh an feisire neamhspleách Nessa Childers ag seasamh an babhta seo, agus cé gur ceathrar in ionad triúir a thoghfar (a bhuí leis an mBreatimeacht), theastódh méadú mór ar sciar an pháirtí den vóta leis an mbeirt a chur go Strasbourg. Tá feisire Shinn Féin Lynn Boylan, a bhí chun tosaigh agus 23.6% aici ar an gcéad chomhaireamh in 2014, ag seasamh arís.

Thaispeáin iarcheannaire an Alliance John Cushnahan (feisire Eorpach 1989-2004) agus iarfheisire an SDLP Austin Currie (Teachta Dála 1989-2002, agus aire stáit 1994-97) gur féidir teacht aduaidh thar teorainn agus dul chun cinn a dhéanamh i saol polaitiúil na Poblachta.

Ní bhfaighidh mórán vótóirí i mBaile Átha Cliath locht rómhór ar Mark Durkan toisc nach raibh sé ábalta ceithre shráid sa phríomhchathair a ainmniú tar éis don Taoiseach a ainmniúchán a fhógairt. Ach beidh sé san iomaíocht idir seo agus lá an toghcháin (23 Bealtaine) le scata iarrthóirí eile, gan trácht ar Frances Fitzgerald, a mbeidh tuiscint níos fearr acu ar chúrsaí na príomhchathrach.

Fág freagra ar 'Bob buailte ar Fhianna Fáil ag Fine Gael agus iarcheannaire an SDLP'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ceapaim go bhfuil an bob buailte ar Mhark Durkan leis an socrú seo! Fébrí seans a bhí ag FINE GAEL dhá shuíochán as 4 cinn a phiocadh suas i mBleá Cliath, níl seans ar bith acu anois. Toghfar Frances Fitzgerald cinnte, ar bharr an chomhairimh seans maith, th’éis an bealach éagóireach a cuireadh iachall uirthi éirí as mar Aire Rialtais. Fuair iarrthóir FG 15% den vóta i 2014 i mBleá Cliath. Theastódh 30% le dhá shuíochán a bhaint. Ní hamháin nach dtoghfar Mark Durkan ach déanfaidh sé chomh dona agus go mbeidh sé deacair dhó aon dul chun cinn a dhéanamh i bpolaitíocht ó thuaidh ina dhiaidh. Sin an fath go gcreidim go bhfuil bob buailte ag FG ar Mhark, le tabhairt le fios i mbealach éicint go bhfuil spéis ag FG sa bpobal náisiúnach i dTuaisceart Éireann.