Blas ‘Reeling in the Years’ ar uairibh ar chlár críochnúil faoin gComhaontú

Thug an tsraith dhá chlár ‘The Agreement’ cuntas ar an dua a bhain le Comhaontú Aoine an Chéasta a thabhairt ar an bport 25 bliain ó shin

Blas ‘Reeling in the Years’ ar uairibh ar chlár críochnúil faoin gComhaontú

I dtosach an chláir thug ábhar cartlainne siar chuig an 22 Bealtaine 1998 sinn. Fear fé chulaith éadaigh ag fógairt go sollúnta gur 71.12% den phobail a vótáil ‘Tá’. Ardaíodh na gártha molta agus na búirí maíte. Bhí Comhaontú Aoine an Chéasta faofa ag móramh mór sna Sé Chontae. Vótáil breis agus 90% i bhfabhar an Chomhaontaithe ó dheas. Cor cinniúnach i stair na hÉireann agus 25 bliain níos déanaí thug The Agreement (RTÉ 1, Dé Luain agus Dé Máirt) cuntas ar an dua a bhain leis an gComhaontú a thabhairt ar an bport.

An chéad rud a chaithfear a rá nach dóigh liom gur tugadh aon ní nua suntasach chun solais. D’fhág sin blas Reeling in the Years ar an saothar ar uairibh (agus ní haon cháineadh sin) agus cuntas críochnúil á thabhairt ar chonair chasta na síochána le ceol na linne. Negotiation an teideal a bhí ar ghála an Luain agus meabhraíodh dúinn go raibh John Hume ar a chroí díchill sna hochtóidí ag iarraidh páirtithe a thabhairt chun cainte; sa deireadh thiar fógraíodh an sos comhraic i 1994.

Braitheann clár mar seo ar líon agus luach na rannpháirtithe agus bhí na príomhphearsana ar fad ansin: Bertie Ahern, Tony Blair, Bill Clinton, George Mitchell, Gerry Adams, Jeffrey Donaldson agus a lán eile nach iad. Ar an drochuair tá John Hume, David Trimble, Seamus Mallon imithe ar shlí na fírinne le cúpla bliain anuas agus cailleadh Ian Paisley in 2014, David Irvine in 2007 agus Mo Mowlam in 2005. Bhí lúb ar lár sa chlár dá n-uireasa. Ábhar iontais dom nach raibh aon radharc ar Peter Robinson ná Arlene Foster.

Tugadh sinn céim ar chéim tríd an idirbheartaíocht chasta, chonspóideach, theasaí. Is cuimhin le Mitchell cíor thuathail na laethanta duairce sin go maith. An dá dhream diongbháilte ná géillfeadh siad orlach don dream eile. Ní fhéadfadh siad aontú ar na fadhbanna gan trácht ar réitigh na faidhbe.

Beirt cheannairí sna daichidí, Tony Blair agus Bertie Ahern ag iarraidh cúrsaí a stiúradh go pragmatach. Naimhdeas is amhras na mblianta mar dhris chosáin rompu agus “lámh na staire” ar a nguaillí. Ceol na tréimhse ár dtionlacan; ‘Tubthumping’ ó Chumbawamba, ceol suaitheantais Dawson’s Creek agus ‘Dreams’ le The Cranberries.

An chuma ar cúrsaí go minic go dtitfeadh rudaí as a chéile agus ábhair chonspóideacha amhail athchóiriú an fhórsa póilíneachta agus díchoimisiúnú mar chnámha spairne. Luadh go fealsúnach cúpla babhta i rith an chláir gur comhaontú ar aistear atá i gComhaontú Aoine an Chéasta seachas comhaontú ar an gceann scríbe. Mar is ceart, fágadh an focal scoir ag George Mitchell. A léamh siúd ar rath an Chomhaontaithe ná gur maraíodh breis is 3,500 duine sna cúig bliana fichead roimhe agus nár maraíodh ach tuairim is 125 ó shin.

Fág freagra ar 'Blas ‘Reeling in the Years’ ar uairibh ar chlár críochnúil faoin gComhaontú'