Riamh anall, bhí tionchar ollmhór ag uachtaráin ollscoile ar sheasamh léann na Gaeilge sa tír seo. Tá sé tugtha suas don chéad uachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe, an tAth. Seosamh Ó Ciarabháin, gurbh é a d’éiligh go mbeadh ollúntachtaí Gaeilge sna Queen’s Colleges a bunaíodh sa bhliain 1845, sa Ghaillimh, i mBéal Feirste agus i gCorcaigh. Níorbh fhuirist dó an cás a dhéanamh (agus ní raibh tacaíocht aige ó na huachtaráin sna hollscoileanna eile) mar, cé go raibh leath na tíre ina gcainteoirí dúchais, ní raibh an Ghaeilge á múineadh sna scoileanna, ní raibh an Léann Ceilteach mar dhisciplín ach ina thús, agus is ar an mór-roinn a bhí na scoláirí ceannródaíocha.
Ach sheas an Ciarabhánach an fód, agus má bhí leathchéad bliain chorrach ag léann na Gaeilge in ollscoileanna na tíre seo ina dhiaidh sin, tháinig an lá arbh fhéidir daoine de bhunadh na hÉireann a raibh cáil idirnáisiúnta bainte amach acu mar scoláirí Ceiltise a cheapadh – mar shampla, Tomás Ó Máille as Muintir Eoghain i nDúiche Sheoigheach a ceapadh ina Ollamh le Teanga agus Litríocht na Nua-Ghaeilge i 1909 i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh (mar ab ainm don Ollscoil faoin am sin).
Bhí dea-scéalta éagsúla ag Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe sa lá inniu, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, nuair a labhair sé le Tuairisc an tseachtain seo caite: go bhfuil tiomantas pearsanta aige don nGaeilge, go leanfaidh an tacaíocht do na hionaid Ghaeltachta agus d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge trí chéile, gur mian leis cur le líon na gcúrsaí atá ar fáil trí Ghaeilge san Ollscoil. Ach an ceann is mó is suim liomsa ná an scéal go bhfuil straitéis á hullmhú do léann na Gaeilge, agus go bhfuil maoiniú eisceachtúil curtha ar fáil ag an Uachtarán leis an straitéis sin a chur i gcrích roimh dheireadh na bliana acadúla atá romhainn.
Is ionann sin agus tacaíocht do Roinn na Gaeilge, mar is í an Roinn atá freagrach as léann na Gaeilge a thaighde agus a theagasc. Agus is mithid do Roinn na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe an tacaíocht sin a fháil: faoi dheireadh an tsamhraidh seo, ní bheidh ach ceathrar foirne fágtha i réimse na Nua-Ghaeilge. Tá a dhá oiread sin in Ollscoil Mhá Nuad agus i gColáiste na hOllscoile, BÁC; tá a thrí oiread in Ollscoil Chorcaí. Is deacra an líon foirne i réimse na Sean- agus na Meán-Ghaeilge sna hollscoileanna a chomhaireamh mar is gnách réimsí eile den Léann Ceilteach a bheith nasctha leis. Is leor a rá anseo go bhfuil Roinn na Gaeilge sa Ghaillimh chun deiridh anois sa réimse seo freisin, i gcomórtas leis na hollscoileanna eile. Is tuar dóchais é go bhfuil an tUachtarán oibrithe faoi na nithe seo.
Ní thuigeann mórán daoine a oiread is atá léann na Gaeilge ag brath ar na ranna Gaeilge sna hollscoileanna in Éirinn. Ar an dea-uair, tá Scoil an Léinn Cheiltigh (in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath) tiomanta go hiomlán don léann – ach tá an fhoireann ansiúd fíorbheag, is bhí riamh. Ach faraor, dúnadh Institiúid Teangeolaíochta Éireann beagnach scór bliain ó shin. Agus cé go bhfuil cláir sna Dána sna Coláistí tríú leibhéal Oideachais, is ar oiliúint oidí dos na scoileanna chéad agus dara leibhéal atá siad dírithe.
Maidir leis an mbaicle bheag ollscoileanna thar lear a thairgeann cláir, nó giotaí de chláir, sa Ghaeilge (nó sa Léann Ceilteach), baineann éiginnteacht bhreise i gcónaí leis an soláthar is féidir leo a dhéanamh, bíonn siad taobh le léachtóirí a gheibheann oiliúint (nó cuid di, ar a laghad) in Éirinn, agus bíonn a gcuid taighde siúd dírithe thar n-ais ar Éirinn, agus ar idirphlé le lucht na Gaeilge sna hollscoileanna agus i Scoil an Léinn Cheiltigh.
Ná ligimis i ndearmad a bhfuil i gceist anseo: thart ar 1,400 bliain de litríocht, de scríbhinní staire, d’fhianaise ilghnéitheach ar chultúr cine a mhair anseo nó a chuaigh thar lear; breis agus 1,400 míle bliain de stair na teanga. B’ionann agus cúl le cine na fíricí seo a dhearmad.
Samhlaigh dá mbeadh litríocht Bhéarla na hÉireann ag brath ar dhornán beag de ranna ollscoile, seachas í a bheith go buacach réimeach in ollscoileanna agus i bhforais eile mar atá!
Ní hionann cás do léann na Gaeilge agus d’aon réimse eile de na hEalaíona. Tá léann na Gaeilge ag brath a oiread sin ar an mbeagán foirne sna ranna Gaeilge gur den riachtanas é go mbeadh speisialtóirí sna mór-réimsí go léir i ngach roinn díobh.
Tá meitheal léann na Gaeilge fíorbheag is tá an fómhar an-fhairsing go deo – is tá na teicneolaíochtaí nua-aoiseacha a chuireann ar ár gcumas scagadh a dhéanamh ar chorpais, ar chartlanna, agus eile, ag cur go mór leis sin. Cuireann na forbairtí seo deiseanna iontacha ar fáil don nGaeilge, ach teastaíonn foireann chun teacht i dtír orthu, agus maoiniú.
Cúis eile go dteastaíonn foireann láidir sna ranna Gaeilge éagsúla ná an tsainiúlacht réigiúnach a bhaineann le gach ceann díobh. I gcás Ollscoil na Gaillimhe, mar shampla, bhí an caidreamh le Gaeltachtaí Chonnacht fíorthábhachtach ón tús. Mar a dúirt Tomás Ó Máille ina iarratas ar an ollúntacht a fuair sé i 1909, tar éis dó bheith ag staidéar le mórscoláirí Gaeilge agus Ceiltise na hEorpa: ‘I should hope to develop the natural advantages for Modern Irish of the situation of the University College in an Irish-speaking district so as to make it a great centre of Irish learning and Celtic Studies’.
‘A great centre’. Níor cheart an uaillmhian sin a chur ar leataobh. Ach chun í a bhaint amach, is gá a aithint go mbaineann cúinsí eisceachtúla le léann na Gaeilge thar réimsí eile léinn ar an tríú leibhéal, agus gur maith is fiú tacaíocht ar leith a thabhairt do na ranna Gaeilge chun an misean is dual dóibh a chomhlíonadh.
Ollamh Emerita le Sean- agus Meán-Ghaeilge í Máirín Ní Dhonnchadha in Ollscoil na Gaillimhe. Chuaigh sí ar scor sa bhliain 2022.
Mícheál Ó Flaithearta
Aontaím le gach focal dár scríobh an tOllamh Emerita Ní Dhonnchadha. Ach maidir le dóchas de chéard atá i ndán don Ghaeilge mar ábhar acadúil san institiúid cois Coiribe (tá ainm dleathach na hinstitiúide ag dul amú orm faoi láthair), neosfaidh an aimsir, is baolach.