Bíodh a fhios ag pobal na ndamhán alla gur duine réasúnta mé ach…

Nathracha nimhe, togha. Luchain, cinnte. Gadhair mhóra, go breá. Ach damhán alla?

Bíodh a fhios ag pobal na ndamhán alla gur duine réasúnta mé ach…

Tá mé an-ghnóthach na laethanta seo mar, gan aon choinne leis, tá damhán alla mór millteach tagtha chun cónaí liom agus tá sé ag cinneadh orm é a chur amach as an teach.

Ní raibh a fhios agam go raibh sé ann ar chor ar bith go dtí a trí a chlog maidin inniu, nuair a d’éirigh mé i lár na hoíche ag iarraidh gloine uisce agus é ansiúd istigh sa seomra folctha. Shílfeá ón iompar a bhí air go mba leis an áit.

Murar leor sin, tá barúil agam go raibh sé ag brath ar mo ghallúnach nua dhaor a fuair mé faoi Nollaig a úsáid agus bath breá sobalach a bheith aige dhó fhéin a bhí sé  nuair a shiúil mé isteach air.

Ní fhéadfainn a bheith cinnte faoi sin, áfach, mar nach ndearna mé aon mhoill nuair a chonaic mé é ach rith mé amach arís as an seomra folctha agus chuir tuáille le bun an dorais ar fhaitíos go dtiocfadh sé amach faoi is go mbeadh mo rás rite.

Ar maidin, bhí brath orm an babaí a chur isteach ar dtús go bhfeicfinn an raibh an cuairteoir fós ann, ach d’airigh mé go dona ansin agus shocraigh mé go raibh sé chomh maith agam féin aghaidh a thabhairt ar an namhaid is mo chloigeann a chur timpeall an dorais. Ní raibh tásc ná tuairisc ar ropaire na n-ocht gcos.

Anois, tá a fhios agam céard atá tú ag cuimhneamh. Tá tú a’ rá leat féin, bíodh ciall agat maith a’ bhean, cad chuige a mbeadh faitíos ar dhuine ar bith roimh dhamhán alla beag bídeach?

Nathracha nimhe, togha. Luchain, cinnte. Gadhair mhóra, go breá. Ach damhán alla?

Nach bhfuil a fhios ag chuile dhuine nach bhfuil aon dochar beo sa damhán alla? Itheann siad feithidí, tá siad gnaíúil is tá croí mór maith acu (más fíor do litríocht na n-óg, Charlotte’s Web &rl).

Anuas air sin, dá mbeinn ag iarraidh a bheith ag déanamh imní faoi rud éicint, nach bhfuil neart rudaí eile atá níos tábhachtaí go bhféadfainn a bheith ag cogaint orthu? Níl aon chall duit é sin uilig a rá liom, tá’s a’m féin an méid sin. Ach, má tá’s fhéin, is cuma, níl aon mhaith ann.

Ar leibhéal éicint, ar leibhéil na céille agus na loighce, tuigim nach bhfuil aon dochar sa damhán alla a chonaic mé sa seomra folctha aréir. Nó, is dóigh nach bhfuil, nó deirtear liom nach bhfuil aon dochar ann.

Ach ní chreidim é.

Bíodh a fhios ag pobal na ndamhán alla gur duine réasúnta mé agus nach bhfuil aon fhadhb agam le damhán alla ar bith a bhfuil sé de mhúineadh air a bheidh níos lú ná bonn fiche cent agus fanacht sna cúinní.

Ach an boc seo anois, tá sé imithe thar fóir. Bhí sé níos cosúla le cearc bheag ná le damhán alla agus cé go raibh mé leath i mo chodladh, tá mé beagnach cinnte gur dhúirt sé, ‘ruainne príobháideachais, más é do thoil é!’ nuair a shiúil mé isteach air sa seomra folctha aréir.   

Fág freagra ar 'Bíodh a fhios ag pobal na ndamhán alla gur duine réasúnta mé ach…'

  • aililiú

    An boc dána deiliúsach! Nár fhéad sé an cuirtín a tharraingt?! Nó an glas a chur ar an doras?