Ar bhain crá croí chomh mór le haon dream riamh san Aontas Eorpach? Is cuma cén tír nó teanga ina gcuirfí an cheist sin inniu, thabharfaí an freagra céanna ort.
Táimid go léir á gcrá ag muintir na Breataine.
Ba chirte ar ndóigh ‘muintir Shasana’ a rá, ó tharla nach bhfuil aineolas chomh mór, náisiúnachas chomh gearr-radharcach ná leithleachas chomh místuama i réim i réigiúin eile na Ríochta Aontaithe.
Tá ceannairí an AE tagtha le chéile arís eile sa Bhruiséil inniu agus fadhb nach féidir leis na Sasanaigh a réiteach á meá acu arís eile.
Sampla beag amháin den éidreoir i Londain: bhí an Príomh-Aire May meáite ar an imeacht gan mhargadh a choinneáil ar an mbord (‘No deal is better than a bad deal’) ó thosaigh na cainteanna faoin mBreatimeacht go dtí dhá mhí ó shin. Ach ó shin i leith, tá tréaniarracht á déanamh aici an aidhm a chosain sí go hiomlán roimhe sin a chur as an áireamh.
Sampla eile: bhí a fhios ag gach ceannaire Eorpach a thug aghaidh ar an mBruiséil nach bhféadfaí a bheith cinnte go nglacfaí in Westminster le síneadh ar bith, más fada nó gearr é, ar dháta imeachta na Ríochta Aontaithe.
I mbeagán focal, ní léir fós móramh a bheith sa pharlaimint i bhfabhar rud ar bith maidir le síneadh ama, socrú imeachta ná caidreamh fadtéarmach leis an AE.
Mar is léir do gach Éireannach, tá na Sasanaigh trína chéile ó chaitheadar i leataobh na buanna agus na suáilcí a mbídís mórtasach astu – an mheasarthacht thar aon cheann eile. Níor shíl ár bhformhór riamh go mbeadh an Ríocht Aontaithe ina hábhar trua agus grinn in éineacht. Ná ina hábhar imní thar aon rud eile.
Sin ráite, ní foláir d’Éireannaigh agus do mhuintir na hEorpa i gcoitinne a bheith tuisceanach agus gach a mbaineann leis an mBreatimeacht á phlé. Ainneoin an dochar atá siad a bhagairt orthu féin agus ar thíortha eile, creid é nó ná creid, tá cineáltas tuillte ag ár gcomharsana ar chúiseanna éagsúla.
Is léir an phríomhchúis. Cibé rogha a dhéanfar faoi dheireadh in Westminster nó sa Ríocht Aontaithe, beidh leas na tíre nó na dtíortha sin (cá bhfios cé mhéad tír a bheidh sa Ríocht Aontaithe amach anseo?) agus leas a gcomharsana fite fuaite ina chéile.
Is fiú cuimhneamh ar chúis eile leis an gcineáltas: ceachtanna staire. Cuimhnigh ar na tréimhsí eile ina ndearna tíortha eile san Eoraip díobháil mhór dá muintir féin, gan trácht ar thíortha eile.
Is é cás na Gearmáine idir 1933 agus 1945 an sampla is tromchúisí, agus is scanrúla. Is féidir le tír dul ó smacht fiú agus an tsíocháin, an daonlathas agus córas láidir dlí i réim inti agus cead cainte fréamhaithe inti. Tír a raibh córas oideachais, sláinte agus leasa shóisialaigh i bhfeidhm inti, agus meas inti ar chultúr den uile chineál. Mar a tharla i mBeirlín tar éis do Hitler teacht i gcumhacht.
Ní gá dul rófhada chun teacht ar shamplaí eile. Féach ar scéal na Fraince idir 1930 agus 1940. Thit rialtais as a chéile gach bliain beagnach. D’éirigh breis agus scór príomh-airí as oifig in imeacht deich mbliana, de réir mar a thug na páirtithe aghaidh ar a chéile mar naimhde agus an chuma orthu nach ndéanfaidís comhréiteach lena chéile go deo. Chuaigh an geilleagar le fána go leanúnach sna blianta sular ionsaigh fórsaí na Gearmáine an tír i 1940.
Rinne easaontas agus faltanas polaitiúil den sórt céanna dochar as cuimse san Iodáil sna 1970idí. Ghéaraigh sceimhlitheoireacht an ghéarchéim. Na heachtraí ba mheasa: mharaigh antoiscigh ar an eite dheis 85 duine nuair a phléasc buama i stáisiún iarnróid in Bologna i 1980, mharaigh an Bhriogáid Dhearg ón eite chlé an t-iarphríomh-aire Aldo Moro sa Róimh i 1978. Neartaigh laige an chórais pholaitíochta an Mafia ar feadh an ama.
Is léir láithreach ceacht soiléir ónar tharla sna tíortha seo go léir. Rinne ceannairí polaitiúla a n-aimhleas go leanúnach, le tacaíocht láidir ó na vótóirí. Ainneoin an dainséar agus an dochar a bheith réasúnta soiléir roimh ré agus le linn na ndrochbhlianta sin, níor athraigh an claonadh polaitiúil.
Tá cur síos breá ar mhístuaim dá leithéid in The March of Folly, leabhar a scríobh an staraí Meiriceánach Barbara Tuchman i 1984. Fiú más léir do cheannaire nó do chách, dar léi, go bhfuil aimhleas tíre á dhéanamh, níl cinnteacht ar bith ann go n-athrófar polasaí rialtais dá bharr.
Níl dochar déanta fós ag géarchéim an Bhreatimeachta mar a tharla roimhe seo sa nGearmáin, sa bhFrainc nó san Iodáil. Tá fórsa láidir frithBhreatimeachta sa tír, cé nár tháinig mórathrú fós ar chur chuige na bpríomhpháirtithe dá bharr. Trí bliana tar éis reifreann 2016, níl críoch an scéil cinnte fós.
Sa litir a chuir uachtarán na Comhairle Eorpaigh Donald Tusk chuig ceannairí an Aontais Dé Máirt
mhol sé dóibh a bheith ómósach agus iad ag déileáil leis an Ríocht Aontaithe ar dhá chúis. Toisc gur ‘mian linn go mairfeadh cairdeas agus dlúth-chomhpháirtíocht eadrainn, agus toisc go mbeidh orainn teacht ar shocrú maidir leis an gcaidreamh eadrainn amach anseo’.
Bhí briathra Tusk stuama agus fadbhreathnaitheach. Ní féidir a bheith cinnte fós cén uair a bheidh meon réasúnta in uachtar arís in Westminster ach beidh, uair éigin. Cá bhfios cén díobháil a dhéanfar san idirlinn, san oileán seo go háirithe?
Ach beidh deireadh leis uair éigin.
Bímis cineálta tuisceanach mar sin lenár gcomharsana, nó chomh tuisceanach cineálta agus is féidir a bheith.
Iompaíonn gach gaoth, uair éigin.
Beidh ár gcomharsana cóngarach i gcónaí.
Fág freagra ar 'Bímis cineálta tuisceanach le muintir Shasana…'