Tá na chéad phíosaí reachtaíochta a dréachtaíodh i nGaeilge amháin á gcur trí Thithe an Oireachtais i láthair na huaire.
D’éirigh le dhá bhille a thionscain urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, dul tríd an gcéad chéim dá n-aistear trí Theach Laighean le cúpla lá anuas.
Deir sé nár tharla sé riamh i stair an stáit gur cuireadh bille i nGaeilge amháin os comhair na Dála.
“In ainneoin stádas na Gaeilge mar ár bpríomhtheanga oifigiúil agus náisiúnta faoin mBunreacht, is trí Bhéarla amháin a reáchtáiltear gnó parlaiminte,” a dúirt Ó Snodaigh.
“Seachas scata beag billí dátheangacha i stair an stáit, déantar billí a fhoilsiú agus a phlé beagnach go hiomlán trí Bhéarla, agus an dualgas reachtúil dlíthe achtaithe a aistriú go Gaeilge fágtha go dtí blianta níos déanaí, rud atá tar éis fadhb a chothú sna cúirteanna agus do Ghaeilgeoirí atá i dteideal rochtain ar an gceartas ina dteanga féin.”
Tá na céadta acht fós le haistriú go Gaeilge ag Rannóg an Aistriúcháin i dTeach Laighean agus deacrachtaí le fada dóthain foirne a earcú.
De réir tuarascáil a foilsíodh mí Iúil anuraidh, níl foilsithe go dtí seo ach 50% den bhreis is 500 acht a dúirt an Ard-Chúirt in 2018 a chaithfeadh Tithe an Oireachtais a chur ar fáil trí Ghaeilge.
“Trí bille atá scríofa i nGaeilge a thionscnamh den chéad uair, táimid ag léiriú gur féidir bogadh chun tosaigh ar an status quo, agus ag tarraingt aird ar na constaicí a chuireann isteach de ghnáth ar Theachtaí Dála atá ag iarraidh feidhmiú trí Ghaeilge [agus iad] ag déileáil le reachtaíocht i mBéarla amháin.”
Baineann an chéad cheann de bhillí Gaeilge an Teachta Uí Snodaigh le cosaint sa dlí a thabhairt dóibh siúd atá ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt. Dúirt Ó Snodaigh go bhfuil fostóirí ann nach dtugann cead dá n-oibrithe an teanga a úsáid agus go raibh scéalta cloiste ag Coiste Oireachtais na Gaeilge faoi chosc a bheith curtha ar úsáid na Gaeilge i “monarchana státmhaoinithe sa Ghaeltacht”.
Bhí conspóid ann in 2021 nuair a sheol Randox, cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta a bhfuil monarcha acu ar an gClochán Liath i nDún na nGall, treoir gan ach Béarla a labhairt chuig oibrithe sa nGaeltacht. Dúirt an comhlacht gur botún a bhí ann agus nár bhain an treoir leis an ionad sa nGaeltacht.
Agus í ag tacú leis an mbille, dúirt an Teachta Shonagh Ní Raghallaigh ó Shinn Féin gur cuireadh cosc uirthi an Ghaeilge a labhairt nuair a bhí sí ag obair ag gruagaire agus í níos óige.
Dúirt an Teachta Ó Snodaigh go raibh a bhille bunaithe ar chreatlach atá sa mBreatain Bheag agus go mbeadh duine in ann gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga dá ndéanfadh aon duine iarracht cur isteach ar an gceart a bheadh acu an Ghaeilge a labhairt.
Faoin dréachtreachtaíocht, d’fhéadfaí fíneáil suas le €5,000 a ghearradh ar fhostóir a chuirfeadh cosc ar labhairt na Gaeilge.
Baineann an bille eile atá curtha chun cinn ag an Teachta Ó Snodaigh le cearta maidir le taifead cruinn ar ainmneacha agus seoltaí i nGaeilge
“Tá sé náireach 100 bliain tar éis neamhspleáchas a bhaint amach, go bhfuil an nós coilíneach diúltú d’ainmneacha Gaeilge a thosaigh le Reachtanna Chill Chainnigh sa bhliain 1367 fós ag dul ar aghaidh, agus iachall ar dhaoine ainmneacha Gaeilge a ghalldú i gcomhthéacsanna éagsúla, ón tseirbhís sláinte go dtí bancaeireacht [a dhéanamh] agus eitiltí a chur in áirithe,” a dúirt Ó Snodaigh.
Dúirt sé go raibh Aer Lingus, Banc na hÉireann, an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i measc na gcomhlachtaí poiblí nach nglacann go fóill leis an síneadh fada.
Tugadh feidhm in 2024 d’fhorálacha san acht teanga a bhaineann le cosaint a thabhairt d’úsáid agus taifead cruinn ar ainmneacha, seoltaí, agus teidil i nGaeilge, úsáid chruinn an tsíneadh fada san áireamh. Níl na fororduithe cuí déanta ag Aire na Gaeltachta go fóill chun na dualgais sin a chur ar chomhlachtaí poiblí, áfach.
Eoin Ó Riain
Tá mé ag ceapadh gur cuireadh bille nua ós comhair an tSeanaid ag Mícheál Mac Dubhghaill (Michael McDowell) nuair a bhí sé ina Aire Dlí is Cirt 2006? Más cuimhin liom i gceart é bhí an bille i nGaeilge ach thug sé aistriúchán i mBéarla dóib siúd nach raibh go leor Gaeilge acu!
Stiofán Mac Gabhann
Airteagal 25.4.4° de Bhunreacht na hÉireann: “I gcás an tUachtarán do chur a láimhe le téacs Bille i dteanga de na teangacha oifigiúla agus sa teanga sin amháin, *ní foláir* tiontú oifigiúil a chur amach sa teanga oifigiúil eile.”
Cad atá ag dul ar aghaidh i Rannóg an Aistriúcháin? Tá na céadta ag obair leis an nGaeilge san AE anois; níl aon deacrachtaí acusan dóthain foirne a fháil. Tá lúb ar lár in áit éigin. Is léir go bhfuil ag teip ar an mbainistíocht.
Tá an Teachta Ó Snodaigh le moladh as a chuid oibre ar son na teanga!