‘Botún’ gur sheol Randox treoir gan ach Béarla a labhairt chuig oibrithe sa Ghaeltacht 

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers sa Dáil inniu nach raibh sé ‘inghlactha ar chor ar bith’ go dtarlódh a leithéid

‘Botún’ gur sheol Randox treoir gan ach Béarla a labhairt chuig oibrithe sa Ghaeltacht 

Tá leithscéal gafa ag an gcomhlacht Randox, a bhfuil saotharlann acu i nGaeltacht Dhún na nGall, as treoir gan ach Béarla a labhairt ag an obair a chur chuig a gcuid oibrithe sa Ghaeltacht.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers sa Dáil inniu nach raibh sé “inghlactha ar chor ar bith” go dtarlódh a leithéid agus gur chóir do Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta iarraidh ar Údarás na Gaeltachta teacht os a gcomhair ionas go gceisteofaí iad faoin scéal.

Deimhníodh ar chlár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin gur ó Randox a tháinig an meamram a scaipeadh ar bhaill foirne.

Agus plé á dhéanamh sa Dáil ar an mbille teanga, cháin roinnt Teachtaí Dála Randox go láidir agus dúradh nach bhféadfaí glacadh lena leithéid, bíodh botún i gceist nó ná bíodh. 

Ba iad na Teachtaí Dála a dúirt nach bhféadfaí glacadh leis an méid a tharla ná Aengus Ó Snodaigh agus Pa Daly, Sinn Féin, Catherine Connolly, neamhspleách, Fergus O’Dowd, Fine Gael, Aindrias Moynihan, Fianna Fáil agus Marc Ó Cathasaigh, an Comhaontas Glas.

D’aontaigh na Teachtaí Dála go n-iarrfaí ar Údarás na Gaeltachta teacht os comhair Chomhchoiste Gaeilge an Oireachtais chun an chonspóid a phlé. Tá sé i gceist ag baill an choiste ceisteanna a chur ar Údarás na Gaeltachta faoin bpolasaí atá acu i leith teanga oibre na gcomhlachtaí a mbíonn siad ag tacú leo.

Cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta é Randox agus tá breis is 100 duine fostaithe sa tsaotharlann acu ar an gClochán Liath.

Thug Randox le fios go raibh an treoir tarraingthe siar nuair a d’fhiosraigh Raidió na Gaeltachta an scéal agus tá ráite anois ag an gcomhlacht gur seoladh í “trí bhotún” agus nár bhain sí le hionad an Chlocháin Léith. 

Dúirt Randox nach raibh feidhm leis an treoir agus go raibh sí tarraingthe siar.

Tuairiscíodh ar Barrscéalta gur sheol rannóg na n-acmhainní daonna, a scaip an meamram, ríomhphost eile chuig oibrithe in ionad an Chlocháin Léith ag gabháil leithscéil faoin treoir gan ach Béarla a labhairt.

Tá Randox ar cheann de na cliantchomhlachtaí is mó ag Údarás na Gaeltachta agus ar cheann de na cliantchomhlachtaí is mó a chuireann fostaíocht ar fáil sa Ghaeltacht.

I ráiteas a d’eisigh Údarás na Gaeltachta inniu, dúradh gur pléadh an meamram le bainistíocht shinsearach Randox inné, go raibh aiféala ar an gcomhlacht faoin scéal agus go raibh siad fós “tiomanta” don Ghaeilge.

“Tá sé dearbhaithe ag Randox Teoranta gur scaipeadh meamram faoi úsáid teanga sa láthair oibre ar fhoireann a n-ionaid sa gClochán Liath trí dhearmad inné. Bhain an meamram seo le gníomhaíochtaí an chomhlachta i ndlínse éagsúil agus ní raibh bainteach le háis an Chomhlachta ar an gClochán Léith,” a deir Údarás na Gaeltachta. 

“Bhí teagmháil ag Údarás na Gaeltachta ó bhainistíocht shinsearach Randox ar an gcás seo tráthnóna inné agus tá sé deimhnithe acu gur trí bhotún a scaipeadh an nóta, go bhfuil aiféala ar an gcomhlacht gur tharla sé seo agus go bhfuil an comhlacht fós tiomanta don Ghaeilge mar theanga sa láthair oibre acu féin agus sa bpobal fré chéile.”

Tharraing an meamram conspóid mhór nuair a chuir an t-iriseoir de chuid Raidió na Gaeltachta, Aodh Máirtín Ó Fearraigh, an scéal amach ar na meáin shóisialta.

Dúradh sa mheamram, a raibh ‘Use of English Language’ mar theideal air, go gcaithfí a thuiscint go mb’fhéidir go mbraithfeadh daoine “scoite amach” dá gcloisfidís san ionad oibre teanga eile seachas an Béarla.

“Ní mór Béarla a labhairt i gcónaí,  bíodh tú ag comhrá faoin obair nó ag caint go neamhchúiseach le ball foirne eile,” a dúradh sa mheamram foirne.

Ní ghlacfaí le haon teanga eile san ionad oibre ach an Béarla, a dúradh.

“To facilitae effective communication between everyone in the Company, locally and globally, it is essential that all staff…communicate, both written and verbally, in English at all times. Failing to do so is not acceptable,” a dúradh.

Fág freagra ar '‘Botún’ gur sheol Randox treoir gan ach Béarla a labhairt chuig oibrithe sa Ghaeltacht '

  • Donncha

    Fós tiomanta don Ghaeilge…
    Cacamas!!

  • Rós

    Ah bhuel más botún….

    A leitheid de… 🤬

  • Diarmuid

    Táid Randox ag rá mar sin go bhfuil sé ceart go leor a leithéid de pholasaí a bheith acu in àiteacha eile. Níl, in aon áit ar domhan. Sárú ar chearta an duine atá ann. Tromaíocht teanga.

  • MVO

    Níl an polasaí seo ceart in aon áit!

  • MVO

    Níl an polasaí seo ceart in aon áit!

  • Breathnach

    An gcuirfear ceist ar Údarás faoina bpolasaí inmheánach féin agus cén chúis go mbíonn baill foirne ag seoladh comhfhreagras i mBéarla amháin chuig daoine le Gaeilge?

  • Eoghan Ó Néill

    Sin rud a bheadh ag lucht an Trumpadóra – English only agus bíodh na teangachaí eile polska, français, gaeilge etc ina dtost. Sin an straitéis domhanda atá acu – mar adúirt Dolores Ibarurri tráth “No pasarán!”

  • Peadar

    Nár léigh siad an Polasaí don Oideachas Gaeltachta?? Ochón, ochón Polasaí an chur i gcéill….

  • Mary Broderick

    Na boic mhora I bhfeighil.

  • Colmcille Ó Monacháin

    Is scannalach an treoir a thug an comhlacht dá chuid oibrithe, agus tá an leithscéal a thug siad lán chomh scannalach. Cén dlínse eile seo a bhfuil an comhlacht ag brú an Bhéarla ann, agus ag cur teanga(cha) eile faoi chois?

    Agus ba cheart do Údarás na Gaeltachta (agus don IDA más cuí) agus don Choimisinéir TEanga an cás a fhiosrú. Ba chóir gach uile thacaíocht a tharraingt siar ó Randox go dtí go ndearbhóidh Randox go bhfuil polasaí aige in éadan an ansmachta teanga i ngach ionad oibre dá chuid, is cuma cén dlínse.

    Ba cheart dúinne, do phobal na Gaeilge, seasamh leis na daoine sa ‘dlínse’ eile sin.

  • Seán Mac Bhriain

    An bhfuil sé ceart go leor mar sin an treoir sin a bheith acu i “ndlínse” eile? Ceist níos mó le fiosrú anseo.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Is comhlacht ‘domhanda’ Shasanach é Randox. Is fo-chomhlacht atá sa chomhlacht ar An Chlochán Liath. Go chuig http://www.randox.com agus féach ag bun an leathanaigh baile. Deir sé ‘Languages: Chinese | Korean | Polish’. Déan cliceáil ar na nascanna seo, athraíonn sé an suíomh gréasáin go dtí’n teanga sin – Sínis; aistrithe go hiomlán, Cóiréis; níl aistrithe ach an nasc ‘Teagmháil’, Polainnis; cuid mhaith aistrithe. Níl siad cosúil leis an leagan Béarla ach, i dtaca leis an Sínis de, is cosúil go bhfuilthear sásta leis an t-eolas atá air.

    Cén teanga a úsáideann na comhlachtaí ‘domhanda’ seo agus cé hiad na hoibrithe a dhéanann teagmháil idir-chomhlachtaí? An bhfuil, nó ar cheart go mbeadh, deighilt idir na foirne oibre áitiúla agus iad siúd a bhíonn ag cuir ríomhphoist/déanamh teagmháil laethiúil idir-chomhlachtaí? Cé mhéad teanga atá i gceist agus an bhfuil riachtanas ann oibrithe le níos mó ná an Bhéarla a fhostú? Seo anois an fhadhb atá le ‘domhandú’, go háirithe le fo-chomhlachtaí ar fud an domhain atá suite i réigiúin agus a dteangacha dúchais féin acu.

    Dár ndóighe, ba cheart coinníoll Gaeilge bheith in achan gnó sa ‘Ghaeltacht’ is cuma más cliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta iad nó nach b’é. Dála an scéil, an bhfuil sainmhíniú ann don ‘Ghaeltacht’?? Tá mé ag iarraidh seo a fheiceáil go fóill nó luaitear an ‘Ghaeltacht’ go minic ach níl míniú ar bith ar caidé go díreach atá ann…

    I mo thuairimse, tá Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú níos mó i mBéarla ná i nGaeilg – fiú leis na comhlachtaí agus leis na gnóanna beaga ‘Gaeltachta’ agus tá siad á dhéanamh le blianta. Sé mo bharúil nach ndéantar rud ar bith a scríobh i nGaeilg ar tús ach déantar an bhunchóip – an leagan Béarla – a aistriú go Gaeilge, gidh is go mbaineann an t-ábhar a phléitear go sonrach le ceantracha ‘Gaeltachta’. Agus is cosúil nach bhfuil eagraíocht ar bith ann le comhairle agus eolas a thabhairt do lucht gnó sa ‘Ghaeltacht’ le gnó s’acu a aistriú go Gaeilge – níl an Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB/FÁS/AnCo) ag déanamh faic ar an taobh sin de dá bhfeicimse. Nár cheart gnónna atá bunaithe sa ‘Ghaeltacht’ bheith cláraithe i nGaeilg agus le hainmneacha Gaeilge amháin??

    Tá córas acu san Ind go mbíonn scaracha ag rialtas na tíre sin in achan chomhlacht eachtrach a bhunaítear sa tír agus níl cead comhlacht a bhunú gan an rialtas bheith rannpháirteach ann. Bheinn ag moladh a leithéid de chóras don ‘Ghaeltacht’ agus coinníoll Gaeilge le polasaí láidir Gaeilge in ACHAN gnó, is cuma más eachtrach nó áitiúil.

    Cé mhéad eagraíocht rialtais a bhíonn ag plé le gnónna sa tír seo trí mheán an Bhéarla? Nach bhfuil ar laghad trí cinn? IDA, Enterprise Ireland agus an tOifig Fiontar Áitiúil/Local Enterprise Office (atá anois faoi chúram na comhairlí contae). Níl ag an ‘Ghaeltacht’ ach Údarás na Gaeltachta. An bhfuil sé in am eagraíocht eile bheith ann msh. chun tacaíocht a thabhairt do ghnónna le feidhmiú trí mheán na Gaeilge taobh amuigh den ‘Ghaeltacht’ nó rannóg Gaeilge ar leith bheith sna heagraíochtaí Béarla?

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!!