Bia agus mar a choinnítear úr é

Sceoin de chineál eile ar fad a léirigh an pobal san ollmhargadh gar dhomsa, an mhaidin roimh stoirm Éowyn

Bia agus mar a choinnítear úr é

Nuair a bhuail an stoirm Éowyn an tír roinnt seachtainí ó shin, ní mar a chéile a bhuail sé gach áit sa tír. Thart orainne anseo i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, leagadh roinnt mhaith crainnte móra láidre ach ní fhaca mé ach fíorbheagán damáiste déanta do thithe, don bhonneagar, ná don chóras leictreachais.

Bhí mé ag caint an lá cheana le cara liom atá tar éis bogadh go ceantar in aice le Cathair na Mart. Dúirt sí liom nach ndéanfaidh sí dearmad go brách ar an torann aisteach a rinne an ghaoth an oíche sin, an chaoi a raibh na fuinneoga móra ag lúbadh isteach is amach ar thaobh na gaoithe, an bhatráil uafásach a fuair an díon.

Maidin lá arna mhárach nuair a chuadar amach agus iad fós faiteach suaite tar éis imeachtaí na hoíche, bhí luach cúig mhíle euro de sclátaí ón díon nua sáite sa talamh amach os a gcomhair.

‘Bhí siad mar a bheidis caite le sleá ón spéir anuas,’ dúirt sí.

‘Bhí slinnte ó thithe eile sa gcomharsanacht caite anuas freisin ansin,’ dúirt sí. ‘An chéad uair eile a chloisfeas mé réamhaisnéis aimsire ag gealladh stoirm mhór, imeoidh mé ar an bpointe,’ a dúirt sí.

Ach sceoin de chineál eile ar fad a léirigh an pobal san ollmhargadh gar dhomsa, an mhaidin roimh stoirm Éowyn.

Ní raibh tada ar na seilfeanna. Shílfeá go raibh paca lócaistí tar éis ionsaí a dhéanamh ar an ollmhargadh agus chuile ní beo glanta de na seilfeanna. Bheifeá ag súil b’fhéidir go mbeadh tóir ar channaí bia nó ar arán. Mhaithfeá é don té a cheannódh mála fataí.

Ach céard a bhí daoine a dhéanamh leis na glasraí ar fad? Leithéidí ubhthorthaí nó aubergines, cúirséid, piobair, sillí?

Ní raibh an long an ‘Marie Celeste’ riamh chomh huaigneach, tréigthe is a bhí seilfeanna Dunnes an mhaidin thruamhéalach sin.

Agus gan gá ar bith leis. Thosaigh na trucaillí is na leoraithe ag seachadadh bia arís amach sa lá tar éis na stoirme. Thóg sé i bhfad ní b’fhaide ar mhuintir an iarthair rudaí a chur ina gceart arís idir chumhacht, idirlín, bhóithre agus slinnte an dín. Ach sin scéal eile agus níl deireadh ráite faoi sin go fóill.

Ach chuir an scéal a d’inis mo chara i gcuimhne dhom an chaoi ar léirigh muintir na cathrach – agus b’fhéidir bailte eile, a n-imní.

Deirtear go léirítear ‘fíorimní’ nuair a dhéantar bia a choimeád. Ach bhí an té a dúirt an méid sin ag smaoineamh ar an gcaoi a gcoimeádtar bia sa chistin, i soitheach, nó sa chuisneoir. Léiríonn muid imní freisin nuair a cheannaíonn muid go leor bia, bia nach dteastóidh uainn go ceann píosa.

Is é an deireadh a bhíonn air sin go minic ná go n-imíonn sé ó mhaith. Cén uair le gairid, ar chaith tú mála, nó cuid de mhála, leitíse, trátaí,  brioscaí, glasraí amach sa mbruscar?

Bí cinnte de gur caitheadh an t-uafás stuif amach sna seachtainí tar éis na stoirme. Déarfainn go bhfuil corr-aubergine fós ceilte taobh thiar de shailéad measctha nó slám buidéal Coke.

Cén uair a tháinig an chéad chuisneoir go hÉirinn? Níl an dáta agam ach tá’s agam cén uair a tháinig ceann isteach sa teach s’againne. Am éigin i ndeireadh na seascaidí. Agus b’éigean é a fheistiú sa halla ar cúl, toisc nach raibh aon soicéad saor i mballaí na cistine. Ba rud nua anois é ina bhféadfaí bainne a choinneáil, gan trácht ar im, uibheacha agus eile.

Sna 1950idí i Sasana agus déarfainn gur tharla an rud céanna sa tír seo, rinne an bhean tí turas gach lá go dtí an siopa grósaera agus trí thuras sa tseachtain go dtí an búistéara. Ní chuimhneodh duine ar bith ar ábhar dinnéir dhá lá a cheannach – ní raibh aon bhealach ann lena choinneáil úr. Is cuimhin liom bainne a bheith fágtha sa chrúiscín i gcanna stáin nó i mbáisín lán le huisce. Ní raibh an oiread gá le bainne a choinneáil úr ar aon nós – nár tháinig fear a’bhainne gach lá?

D’athraigh an cuisneoir gach rud, gan trácht ar an reoiteoir. Ansin tháinig athrú ar an gcineál cuisneora a cheannaigh daoine. Má cheannaíonn duine cuisneoir mór, bíonn fonn orthu ar an toirt é a líonadh le stuif. Stuif, b’fhéidir nár ith siad roimhe sin. D’athraigh teacht an chuisneora na nósanna a bhain le bia ar go leor bealaí. Tosaíodh ag ithe méiríní éisc, iógart reoite, málaí sailéad measctha, sú oráiste.

Ach ní hé amháin sin ach tosaíodh ag siopadóireacht ar bhealaí nua freisin. Thosaigh daoine ag siopadóireacht uair sa tseachtain b’fhéidir agus iad ag iarraidh an cuisneoir mór sa chúinne a líonadh go sásúil. Le blianta beaga anuas thosaigh daoine ag brath ar shiopadóireacht ‘ar líne’ agus de réir a chéile d’éiríodar as a bheith ag ceannach ón margadh áitiúil nó ón siopa neamhspleách.

Agus sa lá inniu, bímid ag brath ar chuisneoireacht ar bhealach eile nach dtugann muid faoi deara go minic. Sin é an ‘slabhra fuar’ a thugann bia chugainn trasna na tíre, trasna na farraige, trasna na mór-roinne agus a chinntíonn go mbeidh bia ‘úr’ ar an mbord againn aon uair a dteastaíonn sé.

Ní fheicimid na coimeádáin mhóra cuisnithe a thaistealaíonn ar bord loinge chugainn agus ansin a choinnítear in ionaid stórála mhóra mhillteacha chuisnithe, sula seachadtar iad go dtí na siopaí agus na hollmhargaí ar a mbealach chuig ár gcuisneoirí móra nua-aimseartha sa chistin.

An gcailltear aon rud ar an turas mór fada sin? Bhuel ar ith tú banana nó oráiste riamh sa tír inar fhás sé go nádúrtha? Níl aon chomparáid idir an blas ansin agus an blas a bhíonn orthu in Éirinn. Ach ní fhéadfaí iad a dhíol gan an córas iompair cuisnithe.

Níl aon amhras ach go cuireann an cuisneoir agus an córas iompair cuisnithe le héagsúlacht an bhia is féidir linn a ithe anois. Ach tá sé cruthaithe ag eolaithe go gcailltear rudaí dá bharr. Mar shampla, tá sé faighte amach acu go gcailleann an spionáiste i mála plaisteach sa chuisneoir trí cheathrú den vitimín C in imeacht seachtaine.

Sular tháinig an cuisneoir ar an saol ceapadh go mbíodh an tríú cuid de thorthaí agus glasraí ag imeacht ó mhaith ar an mbealach ón ngarraí go dtí an bord. Anois, meastar go gcailltear an tríú cuid sa chistin féin – toisc go gcoimeádtar é, ach go gcoimeádtar rófhada é. Cá bhfuil an buntáiste ansin?

Déarfainn go raibh na boscaí bruscair donn, ag cur thar maoil thart anseo, roinnt seachtainí i ndiaidh an ionraidh ar sheilfeanna Dunnes agus gan éinne ag smaoineamh ar thithe gan díon, tithe gan chumhacht ná aon easpa eile seachas b’fhéidir ganntanas courgettes.

Fág freagra ar 'Bia agus mar a choinnítear úr é'