Bhuail Phil Hogan drochbhuille ar ghliomadóirí na hÉireann sular fhág sé

De réir an chonartha a rinne Phil Hogan agus an AE ligfear gliomaigh as Meiriceá isteach sa tír seo agus ar fud an Aontais Eorpaigh gan dleacht a ghearradh orthu

Bhuail Phil Hogan drochbhuille ar ghliomadóirí na hÉireann sular fhág sé

Dream amháin nach silfidh a súil aon deoir i ndiaidh Phil Hogan déarfainn is ea gliomadóirí na tíre seo. Thug sé buille gránna dóibh sular imigh sé nuair a chríochnaigh sé an conradh trádála sin idir Aontas na hEorpa agus Meiriceá.

Ní chuirfeadh sé lá iontais orm dá mbeadh tagairtí do na gliomaigh sna cáipéisí a bhailigh sé i gCill Dara agus é ar a bhealach go dtí galfchúrsa Bhaile Conaola i gConamara agus chuig an dinnéar cáiliúil sa gClochán.

Léiriú ann féin ar staid na hÉireann ba ea an Fear Mór ag luascadh an mhaide gailf agus na potaí gliomach sna cuanta amach uaidh gan aird an mhada aige orthu ná ar an dream a bhfuil sé ag dul sách rite leo slí mhaireachtála a bhaint as na potaí céanna.

De réir an chonartha a rinne Hogan ligfear gliomaigh as Meiriceá isteach sa tír seo agus ar fud Aontas na hEorpa gan dleacht a ghearradh orthu. Tá sé chomh soiléir lena bhfaca tú riamh gurb é an toradh a bheas air sin go dtitfidh praghas na ngliomach in Éirinn tuilleadh fós. Bhí an praghas sin sách lag mar a bhí sé go deimhin.

Cuir leis go bhfuil na gliomaigh gann go leor amach ó na cóstaí seo faoi láthair agus go bhfuil meall rialachán curtha ar ghliomadóirí le tamall maith. Is gearr go ndéarfaidh gliomadóirí leo féin nach fiú baoite a chur i bpota feasta.

Tá contúirt eile ann a d’fhéadfadh a theacht as gliomaigh a bheith á dtabhairt as éadan as Meiriceá agus is é sin gur fánach an chaoi a dtabharfaidís galair isteach. Scaipfeadh na galair sin chuig gliomaigh na hÉireann gan mórán achair.

Rinne galar scrios mór ar ghliomaigh i Stát Maine le roinnt blianta anuas. ‘Epozoota shell disease’ a thugann siad ansiúd air.

Ní baileach gur mar a chéile an gliomach atá in Maine agus gliomach na hÉireann ach is col ceathracha iad.

Tionscal thar a bheith mór é tionscal na ngliomach in Maine. Tá na gliomaigh le fáil go fairsing ann.

Le linn dom a bheith ar Bhord Údarás na Gaeltachta chaith mé cheithre lá ag comhdháil gliomach i bPortland Maine. Fuair mé an-léargas go deo ar an tionscal atá acu ann.

Gliomadóirí saibhre a bhí ag an gcomhdháil. Mhínigh siad dhúinn go dtugann siad aire faoi leith i gcónaí don ghliomach baineann.

“Nuair a thógann muid gliomach baineann a bhfuil eochraí inti i bpota pógann muid í, cuireann muid v-eang ina heireaball agus cuireann muid ar ais sa sáile go cúramach aríst í,” a dúirt duine acu liom. “Ar an ngliomach baineann agus ar an síolrú a dhéanfas sí a bheas ár dtionscal ag brath sna blianta atá romhainn,” ar seisean.

“Chaithfeadh sé,” arsa mise, “gur dream sibh a bhfuil ómós faoi leith agaibh don dlí. Tá scéim v-eangú gliomach againne in Éirinn ach bíonn sé deacair go leor an dlí a chur i bhfeidhm.”

“Dlí na scine atá anseo,” a dúirt sé. “Má chloiseann muid go raibh iascaire ag tógáil gliomach a raibh v-eang iontu tugann muid an scian do na rópaí agus ligeann muid a chuid potaí le sruth.”

Mar chuid den cheangal a rinne Údarás na Gaeltachta le Maine an uair sin thug muid eolaí anall as Maine le labhairt le gliomadóirí na Gaeltachta faoi chomh riachtanach agus a bhí sé an stoc gliomach a chaomhnú.

Brian Beale ab ainm dó agus is maith is cuimhin liom an oíche ar labhair sé in Óstán Charna. Bhí an chuid ba mhó de ghliomadóirí an pharóiste istigh ag éisteacht leis. Bhí cluas na heascainne orthu ar fhaitíos go gcaillfidís focal ar bith a bhí sé a rá.

Cainteoir den scoth a bhí ann. Níorbh é amháin go raibh sé ina eolaí sároilte ach thuig sé teanga na n-iascairí go binn.

“Tuige nach dtuigfeadh,” a dúirt sé liom “nach raibh mé ag gliomadóireacht in Maine in éineacht le m’uncail ó bhí mé deich mbliana d’aois?”

Uair agus ceathrú a mhair an léacht a thug sé agus ní dheachaigh a oiread agus duine amháin chuig cuntar an bheáir an fhad is a bhí sé ag caint.

Tá an Galfaire Mór Phil imithe uainn anois. Imeacht ghé an oileáin air agus nár imí uainn ach é.

Níl an conradh trádála i bhfeidhm fós. D’fhéadfadh rialtas Bhaile Átha Cliath diúltú dó ach, mar a dúirt Éamon Ó Cuív ar Raidió na Gaeltachta, cén uair dheiridh ar dhiúltaigh rialtas i mBaile Átha Cliath do dhlí de chuid an Aontais Eorpaigh?

Fág freagra ar 'Bhuail Phil Hogan drochbhuille ar ghliomadóirí na hÉireann sular fhág sé'

  • Des O Murchu

    Caith isteach leis na gliomag e! Dinnear farraige!