Bhíodh teach m’aintín Phyllis lán lena saothar ealaíne, ansin stop sí ag péinteáil go tobann…

Níor chóir beag is fiú a dhéanamh de chumhacht na healaíne faoiseamh agus spreagadh a thabhairt dúinn

Bhíodh teach m’aintín Phyllis lán lena saothar ealaíne, ansin stop sí ag péinteáil go tobann…

D’éirigh m’aintín Phyllis as an bpéinteáil os cionn bliain ó sin. Roimhe sin, ba gheall le cuairt a thabhairt ar dhánlann ealaíne é cuairt a thabhairt uirthi.

Ina cónaí in árasán álainn le fuinneoga móra ag breathnú amach ar Abhainn na Muaidhe atá sí le blianta anuas.

Bhíodh an pictiúr ba dheireanaí crochta ar sheastán ealaíne in aice na fuinneoige i gcónaí. Bhí an abhainn ina hábhar inspioráide aici. Na héin bheaga uisce, na lachain, na plandaí, na hiascairí slaite. D’athraigh an radharc gach uile lá…

Ansin lá amháin stop an phéinteáil. Bhíodh sí ag freastal ar rang ealaíne – í féin agus scata eile ón gceantar máguaird. Rúiseach a tháinig chun cónaí i Maigh Eo blianta ó shin a thosaigh na ranganna. Thugadh sí an-aird air agus aon chomhairle a thug sé faoin dath, nó faoi leagan amach an phictiúir, ghlac sí leis go fonnmhar.

Ansin, go tobann, fuair sé bás. D’éirigh sí as an obair ealaíne. Fágadh an pictiúr de Mhainistir na Coille Móire i gConamara ar leataobh, é leathchríochnaithe.

Agus muid i mbun comhrá WhatsApp le deireanas, chuir mé ceist uirthi faoina saol i gClochar na Trócaire.

Ar chuidigh an stíl bheatha sin léi ar aon bhealach agus í ag clutharú?

“Ní raibh muide coinnithe istigh, mar bhí oird eile mná rialta,’ a dúirt sí. “Bhí deiseanna againne dul amach sa mbaile mór, bhí leabhair againn, bhíomar in ann carr a thiomáint agus bhí deis taistil againn.”

Chuir an comhrá ag smaoineamh í ar na deiseanna taistil a thapaigh sí i rith na mblianta.

Go háirithe ar an deis a thug ar ais chuig an ealaín í. Ar ndóigh, agus í ag freastal ar Choláiste Dhún Chéirín, bhí an ealaín ina hábhar staidéir aici. Bhí a cuid leabhar líníochta againne sa mbaile nuair a chuaigh sí isteach sa chlochar.

Tar éis blianta i mbun oibre i scoileanna agus i mbun bainistíochta in ord na Trócaire, thapaigh sí an deis briseadh sabóideach a ghlacadh i Meiriceá. Bhí a deartháir an tAthair Paul agus a leathchúpla Aidan thall.

Mhol siadsan di cúrsa a dhéanamh an fhad is a bheadh sí i Meiriceá agus roghnaigh sí cúrsa i ‘Spioradáltacht Eici-Feimineach’ i gcoláiste in Ohio.

Ach bheadh tréimhse le déanamh ag obair go deonach, rud a bhí riachtanach le háit a bhaint amach ar an gcúrsa.

Go drogallach, roghnaigh sí dul ag obair i dteach ‘leath bealaigh’ do mhná a bhí ag críochnú a dtéarma príosúnachta. Ach bhí an córas buailte go dona ag ciorruithe airgid an uair sin. Bhí go leor ama á chaitheamh ag na mná ina suí thart, ag caitheadh toitíní, agus iad ag síorghearán faoina laghad deiseanna caitheamh aimsire a bhí acu.

Cheap Phyllis nach ndéanfadh páipéar agus criáin aon dochar dóibh. “Tarraingígí cruthanna éagsúla,” a mhol sí dóibh. “Lig don chrián dul ar sceabha trasna an pháipéir. Bígí ag spraoi leo,” dúirt sí.

De réir a chéile, thosaíodar ag caint léi. “Miss Phyllis, what you do wrong? How’d you break the law?”

Ansin a thuig sí gur cheap siad gur duine díobh féin í, agus nach raibh uirthi ach lá amháin sa tseachtain a ‘chur isteach’ ann.

De réir a chéile, thosaíodar ag baint sásamh as an obair ealaíne. Nuair a thaispeáin sí dóibh cén chaoi le sonc a thabhairt do chnapán cré potaireachta leis an aer a bhualadh aisti, bhaineadar an-chraic as. “They used remarkable energy, calling out many non-blessings on male friends,” arsa Phyllis.

Tar éis scaithimh, d’fhás cairdeas eatarthu agus ba mhinic iad ag iarraidh uirthi bailchríoch a chur ar a gcuid saothar ealaíne.

Thugadar cuireadh di cuairt a thabhairt ar a gcuid seomraí leapa lena saothar ‘dána’ a scrúdú. B’éigean di srian a chur lena suim san obair sin, a dúirt sí.

Ag deireadh a tréimhse ann, tharraing dlíodóir as Nua-Eabhrac, a bhí ar Bhord na hInstitiúide, i leataobh í. Mhínigh sé di gur ‘Art Therapy’ a bhí ar bun aici leis na príosúnaigh. Níor chuala sí trácht ar a leithéid riamh roimhe sin. Ach bhí focal an dlíodóra ag múscailt a spéise ann mar ábhar staidéir.

Go gairid ina dhiaidh sin, d’aimsigh sí cúrsa i dteiripe ealaíne sa Scoil Taighde Sóisialta in Manhattan agus dhá bhliain eile ina dhiaidh sin, bhain sí máistreacht amach san ábhar nua seo.

Ag an am sin, thug mé féin cuairt uirthi agus í ag fanacht i gclochar i lár Greenwich Village. Agus muid ag siúl abhaile tráthnóna, bhí corrbhéic ó ‘charn éadach’ anseo is ansiúd, mar a bheidís caite ar an gcosán ansin.

“Hiya Phyllis!” a dúirt an duine gan dídean sa gcarn éadach. Bhí aithne phearsanta aici ar thart ar dheichniúr gan dídean sa tsráid sin, a d’inis sí dom.

Ar theacht abhaile go Maigh Eo di, bhain sí an-úsáid as an teiripe ealaíne, ag obair le páistí faoi mhíbhuntáiste, an lucht siúil ach go háirithe. Choinnigh sí uirthi ag obair leo, fiú amháin tar éis di aois oifigiúil scoir ón obair a bhaint amach.

I dtús mhí Feabhra i mbliana, bhí sé fós ina gheimhreadh.

Ar an WhatsApp, dúirt sí go raibh sé an-stoirmiúil agus go raibh an abhainn ag ardú gar go maith don bhruach.

Ar an 18 Feabhra, bhí an abhainn ag alpadh gach a raibh ag fás lena hais.

Ach tháinig an aimsir bhreá.

Chiúnaigh an abhainn. Lúb sí na rialacha de bheagán. Toisc gur bhain gortú dá cos tamall roimh an gclutharú, mheas sí go raibh beagán siúil riachtanach don chóir leighis.

Agus bruach na habhann ciúin go maith, níor casadh aon duine eile uirthi agus í ag glacadh an aeir.

“Is cuid den abhainn anois mé cosúil leis na carachtair i Wind in the Willows,” a d’fhógair sí an tseachtain seo caite.

Chonaic sí ál lachain fhiáine agus an gandal á dtreorú síos an abhainn, an ghé ina cúlgharda.

Tá an abhainn an-íseal. Tá carraigeacha nochtaithe chuile áit ann. Chonaic sí beirt i mbun cadhcadóireachta ach b’éigean dóibh an bád an iompar cuid den bhealach.

“Chuir sé sin ag smaoineamh mé, dá mbeadh mo chos fúm i gceart, gur bhreá liom tabhairt faoin gcadhcadóireacht,” a d’fhógair sí.

Agus dhá lá ina dhiaidh sin, dúirt sí liom gur thug sí faoi phictiúr Mhainistir na Coille Móire arís agus go “bhfuil sé ag teacht ar aghaidh go breá”.

Fág freagra ar 'Bhíodh teach m’aintín Phyllis lán lena saothar ealaíne, ansin stop sí ag péinteáil go tobann…'

  • Seán Míchaél ó Donnchadha

    Go raibh maith agat a Mhairéad, an-scéal faoi an-bhean.

  • Colm ó snodaigh

    Tá seo go hálainn ar fad a Mhairéid. Grma

  • Margarita Neothallaigh

    d’fhéadfadh an sliocht seo mothú a mhúscailt.