‘Bhí tú i do chónaí sa leabhar sin ach anois tá tú tar éis bogadh amach as an teach’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: níl comhairle ar bith ar domhan a d’ullmhódh úrscéalaí don dúlagar iar-úrscéil. 

‘Bhí tú i do chónaí sa leabhar sin ach anois tá tú tar éis bogadh amach as an teach’

Ní raibh leanbh agam riamh, agus dá bharr sin níl taithí phearsanta agam ar an dúlagar iarbhreithe.

Ach chaill mé gaol gairid nó dhó le linn mo shaoil agus briseadh mo chroí uair nó dhó freisin.

Agus déarfaidh mé seo leat: níl na mothúcháin sin an-éagsúil ó na mothúcháin a thagann ar scríbhneoir atá díreach tar éis saothar a thabhairt chun críche.

Is agamsa atá a fhios. 

An tseachtain seo caite, scríobh mé colún ar na leathanaigh seo faoin bparanóia a bhí orm go dtarlódh timpiste éigin dom féin nó don úrscéal atá idir lámha agam sula n-éireodh liom bailchríoch a chur ar an saothar sin.

An tseachtain seo, tá mé i mo shuí ar an tolg agus mo lámha trasna ar a chéile, ag stánadh isteach sa spás.

Luan Cásca, go gairid roimh am lóin, shocraigh mé go raibh mé críochnaithe. Bhí mé tar éis oibriú trí dheireadh seachtaine na Cásca ar fad, ag cinntiú go dtiocfadh tús an úrscéil leis an lár agus leis an deireadh. (Ceann de na deacrachtaí a bhaineann leis an úrscéalaíocht ná go dtógann sé chomh fada sin úrscéal a scríobh go dtagann forbairt ar stíl agus ar chur chuige an scríbhneora le linn an phróisis, agus bíonn ort dul siar ar an tús tar éis duit an deireadh a bhaint amach.)

An léifidh mé tríd an tús uair amháin eile, d’aon iarraidh amháin? a d’fhiafraigh mé díom féin tar éis dom dul siar, na scórtha uaire, ar an gcéad 17 caibidil ina gceann is ina gceann.

Ba í mo cholainn, seachas m’intinn, a d’fhreagair an cheist sin: ní léifidh muise. Tá tú réidh.

Agus ní gliondar nó lúcháir a bhí orm ach tuirse. Tuirse chomh mór sin go bhfuil carn soitheach sa doirteal ag fanacht ar chuimilt den spúinse le trí lá anuas. 

Tuirse – agus fearg. Bhí mé réidh leis an saothar sa chiall litriúil ach sa chiall mheafarach freisin. Réidh leis na carachtair, agus réidh leis an gcaidreamh achrannach san fhíorshaol a spreag an t-úrscéal an chéad lá riamh agus nach bhfuil ceann cúrsa bainte amach aige fós, ní nach ionann agus an t-úrscéal. (Ní nach ionadh, tá deireadh oscailte ar an úrscéal.)

Chuir mé glaoch ar mo chara, an scríbhneoir agus an síceolaí. Bhí meafar nua aige dom chun cur síos ar an dúlagar iar-úrscéil: ‘Bhí tú i do chónaí sa leabhar sin,’ a dúirt sé. ‘Ach anois tá tú tar éis bogadh amach as an teach.’

Tá – go ceann tamaill, pé scéal é. Ní bhíonn úrscéal ar bith réidh go dtí go mbíonn sé i gcló agus ar sheilfeanna na siopaí leabhar. Beidh athruithe beaga teicniúla le déanamh. Camóga, na bristeacha idir na hailt. Agus ansin foilsitheoir a lorg. Ach tá an scéal inste, agus tá sé in am aghaidh a thabhairt ar an bhfíorshaol arís. 

Nó ar an gcarn soitheach sa doirteal ar a laghad. 

Fág freagra ar '‘Bhí tú i do chónaí sa leabhar sin ach anois tá tú tar éis bogadh amach as an teach’'

  • Brendan Keane

    Ní sobal dráma d’úrscéal ar aon chaoi.