Is iomaí scríbhneoir a d’fhág Saothar Mór Neamhchríochnaithe ina dhiaidh…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Agus saothar á thabhairt chun críche acu, is minic a thagann imní ar scríbhneoirí go dtarlódh tubaiste éigin don saothar – nó dóibh féin

Is iomaí scríbhneoir a d’fhág Saothar Mór Neamhchríochnaithe ina dhiaidh…

Chuir mé moill mhór orm féin arú inné agus mé ar mo bhealach amach an doras.

Ba é an chaoi gur tháinig faitíos orm go gcuirfeadh an bhean a bhfuil cónaí uirthi san árasán thíos faoi m’árasánsa an foirgneamh ar fad trí thine leis an maide túise a bhí á dhó aici. Ar eagla na heagla, shábháil mé an t-úrscéal atá idir lámha agam le blianta – agus atá nach mór críochnaithe – ar chipín cuimhne USB, le tabhairt liom go dtí an t-ionad aclaíochta. Dá ndófaí an foirgneamh ar fad go talamh le linn domsa a bheith i mbun na meáchan, ar a laghad ar bith bheadh m’úrscéal slán! Ar ndóigh tá an saothar sábháilte ar mo ríomhaire glúine agus i néal éigin freisin ach ní bheadh a fhios agat le néalta, d’fhéadfadh rud éigin tarlú dóibh, ionsaí haiceála ón Rúis b’fhéidir – cá bhfios.

Nach bhfuil iarracht éigin den pharanóia ort a Alex, a deir tú? B’fhéidir go bhfuil! Ach bíodh foighid agat liom – tá úrscéal ar chaith mé na blianta fada ag obair air á thabhairt chun críche agam! Tá scéalta cloiste agam faoi scríbhneoirí a mbíonn dréacht clóite de pé saothar a bhíonn idir lámha acu ar iompar acu i gcónaí, ar eagla go mbuailfeadh bus iad agus iad ar a mbealach go dtí an t-ollmhargadh agus nach bhfoilseofaí a Saothar Mór Neamhchríochnaithe go deo toisc nach raibh pasfhocal a ríomhaire glúine ar eolas ag gaolta ná cairde.

Dála an scéil, ní gan bhunús ar fad a bhí an faitíos a bhí orm go ndófadh an bhean thíos staighre an foirgneamh ar fad go talamh. Ba dhóbair gur éirigh léi sin a dhéanamh le coinneal arú anuraidh agus ó shin i leith cuireann sí suas féasta mór ar an 4 Nollaig, lá Naoimh Bairbre, a shábháil a hárasán (agus an foirgneamh ar fad) ón tine an lá sin, dar léi.

Agus ós ag caint ar an mbean thíos staighre agus fórsaí osnádúrtha arís muid, inné féin, an lá tar éis dom imní a theacht orm faoin maide túise sin, bhí an bheirt againn inár luí, bolg faoi, in íoslach an fhoirgnimh, ag breathnú isteach sa taiscumar uisce. Bhí rud éigin cearr leis an gcaidéal (bíonn éigeandáil éigin san fhoirgneamh gach lá) agus bhí ag cinnt orainn an fhadhb a réiteach. Go deimhin bhí an chuma ag teacht ar chúrsaí go bhfágfaí gan uisce reatha sinn thar dheireadh seachtaine na Cásca. ‘Tá orm dul amach agus anáil den aer úr a tharraingt,’ a dúirt mo chomharsa tar éis leathuair an chloig, agus amach linn. Níor luaithe amuigh ar an tsráid muid nó chonaic muid uainn an fear a chuireann caoi ar chaidéal uisce ár bhfoirgnimh nuair a bhriseann sé!

‘Dia a chuir chugainn thú!’ a bhéic mo chomharsa agus ba dheacair ag an bpointe sin, dáiríre, gan chreidiúint i bhfórsa osnádúrtha éigin.

Cacamas, a dúirt mo chara an scríbhneoir agus an síceolaí nuair a d’inis mé an scéal dó, ní raibh ann ach comhtharlúint.

Mar sin féin, ar eagla na heagla agus ar fhaitíos na bhfaitíos, gheobhaidh mo chara dréacht uasdátaithe de m’úrscéal sa ríomhphost uaim gan mhoill – agus nóta leis ag iarraidh air aire a thabhairt do m’oidhreacht liteartha mura mbeidh ar mo chumas féin é sin a dhéanamh.

Fearacht na mná thíos staighre agus a cuid coinnle agus maidí túise, ba mhaith liom a cheapadh gurb ann d’fhórsa éigin a chinnteodh nach mbuailfeadh bus mé fad is nach mbeidh m’úrscéal críochnaithe agam.

Ach is iomaí scríbhneoir a d’fhág Saothar Mór Neamhchríochnaithe ina dhiaidh.

Fág freagra ar 'Is iomaí scríbhneoir a d’fhág Saothar Mór Neamhchríochnaithe ina dhiaidh…'

  • Brian Ó Dubhghaill

    Chuir an t-aiste seo gliondar ar mo chroí! Ar eagla na heagla, beidh mé ag guí nach ndófar bhur dteach agus nach gcaillfear an t-úrscéal, fiú mura bhfuil mé cinnte an ndéanfaidh sé faic!