Bhí taispeántas iontach le Damien Hirst le feiceáil, ach ní raibh aon chaint ar shé phionta a ól ná ar bhúgaíáil

Thug ár gcolúnaí a céad turas i gcéin le dhá bhliain anuas nuair a chuaigh sí chun na Róimhe le déanaí

Bhí taispeántas iontach le Damien Hirst le feiceáil, ach ní raibh aon chaint ar shé phionta a ól ná ar bhúgaíáil

Ba é seo an chéad turas cathrach i dtír eile le dhá bhliain anuas. Ba mhinic le linn na tréimhse sin mé ag smaoineamh ar cá ngabhfainn dá bhfaighinn an seans.

Ach le ceiliúradh a dhéanamh ar lá breithe áirithe a bhí curtha ar athló, ní raibh ach moladh amháin ag an gceiliúraí – An Róimh.

Bhíomar ann cheana mar ghrúpa deirfiúracha agus mar sin, bhí tuiscint acu ar fad ar a mbeadh rompu – óstán beag i lár na cathrach, gar go maith do bhialanna agus ionaid turasóireachta – agus go leor leor siúil. Bhí deireadh leis an bpaindéim, bhí an saol ina cheart arís, ní fhéadfadh aon rud a dhul in aimhréidh.

Rinne Michael O’Leary an beart agus d’imigh chuile shórt i gceart ó thaobh cúrsaí taistil. Ba léir agus an t-eitleán lán go béal, go raibh muintir na hÉireann sásta tabhairt faoin taisteal idirnáisiúnta arís.

Agus mise ag súil go mb’fhéidir go ligfí isteach luath muid san óstán, ní raibh aon tsúil agam leis an slabhra mór iarainn agus an glas mór trom ar an doras tosaigh. Chroith mé na doirse ach ní raibh aon mhaith ann. Bhí an t-óstán dúnta i gcomhair ‘obair chothabhála’.

Chun scéal fada a dhéanamh gearr, d’aimsigh muid an t-óstán eile a bhí curtha in áirithe dúinn, áit a raibh triail gach duine a tháinig chomh fada leis an slabhra agus an glas. Go deimhin, ag pointe áirithe, bhí deirfiúr amháin ag feidhmiú mar threoraí do thurasóirí a raibh mearbhall orthu, agus í ag fanacht liom taobh amuigh den chéad óstán.

De réir a chéile agus muid ag baint súp as na gcúpla lá thart ar an Róimh, bhí mé ag teacht ar an tuairim gur fhág an phaindéim a lorg ar shaol agus ar mhuintir na cathrach, ar bhealaí éagsúla.

Ar an gcéad amharc, bhí siopaí agus gnóthaí oscailte agus daoine ag teacht agus ag imeacht mar a bhídís sa tseanaimsir (dhá bhliain ó shin). Bhí na rialacha maidir le mascanna agus teastais vacsaínithe Covid á gcur i bhfeidhm go tréan. Leis an bhfírinne a dhéanamh, bhíodar i bhfad níb fhearr ná na nósanna a bhí á gcleachtadh sa tír seo, an tseachtain roimhe sin.

Thóg sé tamall orm na doirse dúnta, na fuinneoga gan éadaí, na sráideanna ciúine agus fianaise eile an bhuille eacnamaíochta a fheiceáil.

Fiú amháin, nuair a bhí gnó ar oscailt, bhraith mé nach raibh an t-uafás custaiméirí thart. Is beag duine a bhí ag siúl thart le glac málaí siopadóireachta, mar a d’fheicfeá sa tír seo.

Agus cé go mbíonn daoine gan dídean le feiceáil i gcónaí sa chathair seo, b’fhacthas dom go raibh i bhfad Éireann níos mó acu thart an geábh seo.

De réir a chéile a bhí na hionaid mhóra turasóireachta á n-oscailt suas arís. Ach fiú amháin ansin, ná bíodh éinne ag súil le ‘seirbhís mar a bhí’.

‘Ó, Covid Times,’ a dúirt coimeádaí i ndánlann amháin ealaíne, nuair a chuir mé ceist faoi thaispeántas ar leith a bhíodh le feiceáil ann tráth. Bhí sé ag déanamh leithscéil faoi nach raibh an chuid áirithe sin den taispeántas le feiceáil anois.

‘Níor taispeánadh é sin le hos cionn 20 bliain,’ a dúirt coimeádaí eile agus mé á cheistiú faoi. Chonaic mise é dhá bhliain ó shin ach ní raibh aon mhaith ann.

Bhí an caifé agus an siopa dúnta freisin ag Gailearaí Borghese i dtuaisceart na cathrach. Ba chuma liom, ach bhí mé tar éis caife agus beagán ama ‘suí síos’ a ghealladh do mo ghrúpa agus muid ag siúl le 40 nóiméad nó mar sin chuig an nGailearaí.

Ar a laghad bhí an Gailearaí féin ar oscailt ach ba dheacair an dá uair a chloig a chur isteach ag dul thart ar na saothair ealaíne, gan fiú bolgam caife. Bhíomar ag caitheamh súil éadmhar ar an mbuidéilín uisce a thug deirfiúr amháin léi.

Duine den ghrúpa a chonaic an fógra faoi thaispeántas an ealaíontóra Damien Hirst, nuair a bhí mé ag iarraidh ticéid a fháil tamall sular thaistil muid. Rud as an ngnáth amach is amach, a bhí ann – taispeántas nua-aimseartha Hirst agus na píosaí dealbhóireachta measctha isteach le saothair ealaíne cháiliúla Bernini, Canova, Caravaggio is a leithéid, sa Ghailearaí Borghese.

Bhí sé dochreidte – taispeántas de phíosaí dealbhóireachta a bhí bunaithe ar scéal samhlaíoch a bhain le long bháite sa tseanam. Gach rud clúdaithe le hainmhithe mara agus rudaí eile a bhí go domhain i bhfarraige ar feadh na gcianta, shílfeá.

Tháinig Hirst chun tosaigh go mór agus é ina fhear óg i Sasana nuair a chuir sé siorc i dtanc formaildéid – tá suim ar leith aige sna ceangail atá idir an saol réalaíoch daonna, saol an dúlra agus an saol a chruthaíonn an t-ealaíontóir.

Píosaí móra troma a bhí sa taispeántas seo agus bhíodar le feiceáil an chéad uair sa Veinéis cúpla bliain ó shin.

Cheannaigh go leor bailitheoirí príobháideacha iad agus is mór an t-iontas iad ar fad a fheiceáil le chéile arís. Ní shamhlaím go bhféadfadh sé sin tarlú an-mhinic.

Rinne mé dearmad ar an nganntan caife agus ar aon nós nach raibh balla deas cloiche taobh amuigh? Bhí neart taithí ar shuíochán balla cloiche againn le dhá bhliain anuas, nach raibh?

Chuaigh mé i dtaithí ar an rian a d’fhág an phaindéim ar an gcathair agus ar na daoine. Beidh rudaí ag dul i bhfeabhas ar aon nós – chonaic mé an lá cheana áit éicint go bhfuil ráta scaipthe an ghalair i bhfad níos ísle san Iodáil ná mar atá sé sa tír seo agus a dheich n-oiread daoine ina gcónaí thall ná mar atá in Éirinn.

B’fhéidir go gcoinníonn siad na rialacha níos fearr, b’fhéidir go bhfuil drogall orthu fós na iomarca ionaid chruinnithe a oscailt suas, b’fhéidir nach bhfuil an t-uafás béime ar chlubanna oíche agus ar phubanna ann?

Nuair a tháinig mé abhaile ba mhír nuachta faoi chlubanna oíche a bhí i dtús na gceannlínte nuachta.  Bhí sé cinn de phiontaí ólta ag an té a bhí ‘faoi agallamh’ agus bhí sé ag smaoineamh ar chur leo sin agus roinnt ‘boogeyáil’ a dhéanamh. Thosaigh mé ag caitheamh anuas ar an Rialtas (arís) faoi na rialacha a bhain le bac a chur ar an ngalar.

Go tobann, tháinig malairt aigne orm faoin gcaoi a raibh an Róimh á hoscailt suas go mall, cúramach. Níorbh iad clubanna oíche na hÉireann an t-aon dream a bhí faoi ghlas le dhá bhliain. Chuaigh an phaindéim i bhfeidhm ar an domhan ar fad. Agus tá gach tír ag teacht as ar bhealaí éagsúla. Tá go leor acu nach bhfuil ag déanamh go maith ar chor ar bith.

Chuirfinn geall nach bhfeicfimid mórán míreanna nuachta ag teacht as na tíortha sin ag ceiliúradh na sé phionta ná ag caint ar bhúgaíáil.

Bhí mé chomh sásta le mo thuras faoin am sin go raibh dearmad déanta agam ar an eachtra a tharla i scuaine slándála na Vatacáine, nuair a goideadh an sparán as mo mhála.

B’fhéidir gur mhó an gá a bhí ag an té a sciob mo chúpla euro ná mar a bhí agamsa dóibh.

Fág freagra ar 'Bhí taispeántas iontach le Damien Hirst le feiceáil, ach ní raibh aon chaint ar shé phionta a ól ná ar bhúgaíáil'