‘Agus púf!…’ a deir mo chomharsa liom is a lámha á luascadh san aer aici ar nós draíodóra nuair a casadh orm ar an tsráid í an lá i ndiaidh fhógra an Taoisigh maidir le scaoileadh na srianta Covid-19. ‘Díreach mar sin tá an phaindéim thart!’
‘Is iontach an cleas draíochta é dháiríre,’ a d’fhreagair mé. ‘Meas tú an oibreoidh sé?’
‘Airím go bhfuil mé ag siúl thart i ndomhan osréalach,’ a deir sí, ‘is nár tharla an dá bhliain seo atá díreach caite ar chor ar bith.’
Chuimhnigh mé ar an malairt fógra a rinne Leo Varadkar ar an 12 Márta, 2020 agus é thall in Washington ar thuras na Féile Pádraig agus ar na fógraí a tháinig ina dhiaidh. Beagnach dhá bhliain ó shin anois. Ba gheall le cuimhne cheomhar neamhréadúil í a tharla fadó fadó, má tharla.
Ag an am céanna, d’airigh sé gur inné a rinne Varadkar an fógra go raibh na scoileanna ag dúnadh is go raibh an ghéarchéim chugainn. Tharraing muid anáil mhór is tá sí coinnithe ó shin againn.
An chéad osna faoisimh a lig muid ná an tseachtain seo caite nuair a rinne Micheál Martin an fógra go raibh formhór na srianta á scaoileadh. Faraor níl sé chomh héasca le ‘Púf!’ agus níor tharla sé. Tharla sé go deimhin agus tá sé fós ag dul ar aghaidh.
Tá an tír ag teacht as agus traochadh catha uirthi. Is tá cuid againn a d’fhulaing níos mó ná a chéile. Caithfear glacadh leis an dóchas nuair a thagann sé agus is mó údar dóchais atá anois againn ná mar a bhí againn le fada an lá.
Ag éisteacht leis an gcaint ar an nuacht i ndiaidh an fhógra agus súil siar á caitheamh ar eachtraí móra na dianghlasála chuala muid tagairt do dhúnadh na scoileanna.
‘Céard?’ a deir an Babaí, é ag éirí aníos den tolg agus preab bainte as, ‘dhún siad na scoileanna?’
Bhreathnaigh Fear an Tí anonn air agus iontas air. ‘Ná habair nach gcuimhníonn tú go raibh muid ag déanamh an scoil sa mbaile?’
‘Scoil sa mbaile?’ a deir sé is é ag breathnú thart orainn agus mearbhall air. ‘Anseo?’
‘Nach gcuimhníonn tú anuraidh bhí sibh sa mbaile ón scoil agus bhí muid ag déanamh na hoibre anseo sa gcistineach,’ a deir Fear an Tí.
Ba léir nár chuimhnigh. ‘An bhfuil tú cinnte Daidí?’ a d’fhiafraigh sé.
Is dóigh go mbaineann sé lena aois agus is dóigh freisin nár chuir sé isteach ná amach rómhór air. Léiríonn taighde ar chúrsaí cuimhne gur láidre san intinn go minic iad na droch-chuimhní ná cuimhní maithe. Ceaptar gurb iad na mothúcháin atá ceangailte leis an gcuimhne is cúis leis.
Chun go ndéanfaidh an intinn cuimhne a stóráil caithfidh próitéin ar leith an inchinn a spreagadh le ceangail nua a chothú. Dá mhinice a fhilleann muid ar chuimhne áirithe agus na himeachtaí a bhain léi, is láidre a éiríonn na ceangail néarónacha thart ar an gcuimhne sin.
‘Chaithfeadh go raibh an scoil sa mbaile thar cionn ar fad mar sin,’ a deir Fear an Tí is é ag ealaín, ‘is dóigh gur cheap tú gur sa scoil cheart a bhí tú!’
‘Ní cheapaim é,’ a deir an Bheainín go géar is leathmheangadh uirthi. ‘B’fhéidir gur ag iarraidh dearmad a dhéanamh air atá sé!’
Fág freagra ar '‘Bhí scoil sa mbaile againn anseo?’ a deir sé agus mearbhall air'