Bhí muid i ngar do Chloich na Coillte, ná fiafraigh díom cén chaoi a ndeachaigh muid ann… 

Tá chuile dhuine go maith ag tabhairt treoracha ach níl a fhios agam an bhfuil aon duine go maith á leanúint

Bhí muid i ngar do Chloich na Coillte, ná fiafraigh díom cén chaoi a ndeachaigh muid ann… 

‘An bhfuil muid gar do Bheanntraí?’ a d’fhiafraigh mé d’Fhear an tSiopa. Bhí muid tarraingthe isteach i stáisiún peitril áit éigin i ngar do Chloich na Coillte, ná fiafraigh díom cén chaoi a ndeachaigh muid ann.

Thosaigh muid i gCorcaigh, rinne muid camchuairt sa mbáisteach agus théis uair an chloig shocraigh muid gur chóir dúinn treoracha a iarraidh.

‘Ó tá girleen!’ a deir sé go suáilceach agus ceirt á cuimilt ar chuntar an tsiopa aige. ‘Tá tú beagnach ann.’

D’ardaigh mo chroí. ‘Is iontach an dea-scéala é sin,’ a dúirt mé leis, is mé ag tabhairt sracfhéachaint le teann áthais ar an rogha lonrach milseán a bhí crochta thart ar an gcuntar.

‘Tá muid sa gcarr le seacht mbliana is níor cheap muid go bhfeicfeadh muid ceann scríbe go deo.’

‘Bhuel, anois tá do thuras beagnach déanta, trí lá eile, nó beagnach os a chionn, is beidh tú ann,’ a dúirt sé nó rud éigin mar é. Bhí muid beagnach ann.

‘Ach nach bhfuil GPS sa gcarr ag chuile dhuine na laethanta seo?’ a d’fhiafraigh mo chomharsa díom nuair a bhí sé de sheafóid orm a rá leis go raibh imní orm go ngabhfainn amú ar an mbealach.

‘Tá,’ a deir mé, ‘ach ceapaim go raibh sé ag magadh fúm nó do mo chur ar strae.’

‘Séard atá le déanamh agat,’ a mhínigh mo chara dom, ‘ná nuair a thiocfaidh tú chomh fada leis an Bhlarna, imigh den bhóthar i dtreo Chill Airne agus is é an bealach is sciobtha é.’

Bhí beagán amhrais orm faoin moladh seo. ‘Ó tá, tá, tá, déan é sin is beidh tú ann gan mhoill.’

Tá chuile dhuine go maith ag tabhairt treoracha ach níl a fhios agam an bhfuil aon duine go maith á leanúint.

‘Fébí céard a dhéanfaidh tú,’ arsa mo ghruagaire, ‘ná himigh den mhótarbhealach go dtiocfaidh tú go Corcaigh, cuardaigh na comharthaí do Bheanntraí ansin.’

‘An bhfuil tú cinnte?’ a d’fhiafraigh mé di. ‘Nach bhfuil mé ag dul ann ar feadh mo shaoil!’ a deir sí is an triomadóir gruaige te lasta dírithe full blast ar mo chloigeann aici.

‘Is dóigh gur agat atá an ceart!’ a dúirt mé is mé buíoch as an gcomhairle cé nár chuala mé na treoracha ar fad ag callán an triomadóra.

‘Tá sí sách tirim anois ceapaim,’ a deir mé ag breith ar mo mhála is ag éirí den chathaoir.

‘Fan nóiméad,’ a deir sí is a lámh á leagan ar mo ghualainn aici, ‘suigh síos arís is cuirfidh mé an t-iarann air.’

Dá mbeinn in ann díriú ar threoracha bóthair nuair a thugtar iad bheadh liom. Ach ar chúis éigin imíonn m’intinn ar thuras aislinge agus ní bhíonn agam ach an chéad chéim nó dhó. Ach an oiread le togra ar bith, is é an lár an píosa is casta dhe.

Bhuel, anois nuair a chuimhním air, tá an tús é féin sách casta. Caithfidh tú chuile shórt atá agat i do theach a chur isteach i mbúit an chairr sula ngabhfaidh tú in áit ar bith is bí cinnte go ndéanfaidh tú dearmad ar na scuaba fiacla.

Mar a dúirt an té a dúirt, dhéanfainnse stocaí marach an tosaí, an tús is an lár, an deireadh is an barr.

Fág freagra ar 'Bhí muid i ngar do Chloich na Coillte, ná fiafraigh díom cén chaoi a ndeachaigh muid ann… '