Bhí mé ag súil go n-éireodh le Donald Trump sa toghchán

An dtiocfaidh an lá go deo a dtuigfidh lucht oibre Mheiriceá gur deighilt idir iad féin agus aicme an rachmais is géire a theastaíonn?

Bhí mé ag súil go n-éireodh le Donald Trump sa toghchán

Ar an eite chlé atá mé ó thaobh na polaitíochta de ach bhí mé ag súil go n-éireodh le Donald Trump sa toghchán. Ba bheag nár thug sé an eang leis. Cuimhnigh go bhfuair sé níos mó vótaí ná a fuair Barack Obama sa toghchán ab fhearr a throid sé siúd.

Tá a fhios ag an saol mór nach bhfuil meas mada ag Donald Trump ar an eite chlé ach duine díchéillí a cheapfadh go dtiocfaidh tada d’fhealsúnacht na heite clé chun cinn de bharr an bhua a bhí ag Joe Biden.

Is fearr i bhfad a léireodh Trump córas an rachmais agus is mó freisin a chuideodh sé leis an gcóras sin a lagan i ngan fhios dhó féin.

Tá an lucht oibre i Meiriceá in amhras le fada faoin bPáirtí Daonlathach. Feictear dóibh gur thréig an páirtí sin iad féin. Thit cuid mhaith acu isteach le Trump da bharr.

Sa deireadh thiar thall níl oiread na fríde de dhifríocht idir an Páirtí Poblachtach agus an Páirtí Daonlathach. Ba mhaith a chuir an scríbhneoir cáiliúil Meiriceánach Gore Vidal é:

“Níl ach páirtí amháin sna Stáit Aontaithe,” a dúirt sé, “Páirtí Lucht na Maoine … agus tá dhá eite ar an bpáirtí sin, Poblachtaigh agus Daonlathaithe. Tá na Poblachtaigh beagán níos dúire ná na Daonlathaithe, tá siad níos dolúbtha faoina gcuid caipitleachais laissez faire. Tá na Daonlathaithe níos glice .. agus fonn níos mó orthu athrú beag a chur ar an gcóras nuair a thosaíonn na boicht, an cine gorm agus na frith-impiriúlaigh ag cur a gcosa uathu.”

Le linn an fheachtais toghchánaíochta bhí na Tráchtaírí Móra ag cur a dteanga bheag amach ag míniú dhúinn go raibh pobal Mheiriceá deighilte. Cén chaoi eile a mbeidís nuair a bhí dhá pháirtí in iomaíocht le chéile?

Ach tá an deighilt níos doimhne ná sin. An deighilt idir daoine bána agus an cine gorm is follasaí. Ní dhearna Trump tada leis an deighilt sin a leigheas. Ba mhinic é ag maslú daoine gorma go deimhin.

Fós féin vótáil slua maith den chine gorm dhó. Ar an drochuair dhósan ní sna stáit is mó a ndéanfaidís leas dhó is láidre a fuair sé tacaíocht uathu.

Déarfá leat féin gur cheart go mbeadh trua ag an dream a ligeadh isteach go dleathach go Meiriceá do na hinimircigh a bhí ag iarraidh a theacht isteach agus gan fáilte ar bith ag Trump rompu. Cheapfá go ngoillfeadh an balla idir Meiriceá agus Meicsiceo orthu.

Faraor ní mar sin a bhíonn an saol.

Bhíomar i mbialann i gcathair na Gaillimhe lá. Bhí cailín suáilceach ag freastal orainn.

“Cén tír arb as tú?” arsa mise.

“As an bPolainn,” a dúirt sí.

“An bhfuil mórán Polannach i nGaillimh anois?” arsa mise.

“Tá an iomarca acu ann,” ar sise.

Vótáil neart de na mná do Trump d’ainneoin na rudaí gránna a dúirt sé fúthu. An bhfuil míniú ar bith air sin? Is críonna an té a déarfadh.

Bhí sé ráite ariamh gurb iad na trí ní nach féidir a thuiscint obair na mbeach, intinn na mban agus teacht agus imeacht na taoille.

Faoi mar atá deighilt idir cathair agus tuath in Éirinn tá an t-amhras céanna idir lucht na mbailte móra agus laochra na machairí i Meiriceá. Ceapann a lán go bhfuil iomarca cumhachta in Washington agus go bhfuil cinseal ansin arb é a leas féin is mó is cás leo.

“Let’s drain the swamp,” a dúirt Trump. Rosc catha a bhí ann a chuaigh i bhfeidhm ó cheann ceann Mheiriceá.

An dtiocfaidh an lá go deo a dtuigfidh lucht oibre Mheiriceá gur deighilt idir iad féin agus aicme an rachmais is géire a theastaíonn? An bhfeicfidh siad luath nó mall gur cheart dóibh féachaint le gach deighilt eile a leigheas agus díriú ar an gcath mór sin atá le troid acu?

Níor léirigh an toghchán seo go bhfuil sé ag tarlú ach tá Bernie Sanders beo fós agus tá daoine óga cumasacha den eite chlé ag teacht ina dhiaidh.

Tiocfaidh an lá.

Fág freagra ar 'Bhí mé ag súil go n-éireodh le Donald Trump sa toghchán'

  • Poraic o'hEipicín

    Tá brón orm faoí Trump.

  • Eoin Ó Murchú

    Ní raibh Seósamhm gann ar mhisneach riamh. Alt cróga – agus ciallmhar.

  • Poraic o'hEipicín

    Is Dúnmharú é an ghimhilleadh.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Deacair a thuiscint cén caoi a fhéadfadh duine den eite chlé a bheith ‘ag súil go n-éireodh le Donald Trump sa toghchán’ ach tuigim réasúnaíocht Joe: ceithre bhliain eile de Trump agus beidh lucht oibre sna Stáit Aontaithe sásta ‘díriú ar an gcath mór sin atá le troid acu’ in aghaidh córas an rachmais.

    Maidir leis an ráiteas san alt gur ‘vótáil slua maith den chine gorm’ do Trump, níl a fhios agam cé ar a bhfuil sé bunaithe. Do réir exit polls a foilsíodh, níor vótáil ach 12% de na vótóirí ón gcine gorm do Trump.

  • Ciarán Ó Coigligh

    A Sheosaimh Chóir, Ghnóthaigh an Trumpach an toghchán mar a léireofar sna cúirteanna go gairid. Scríobh tú go ma mhinic leis an Uachtarán an Trumpa an cine gorm a mhaslú. A mhalairt ghlan atá fíor. Dlíthe éagóracha an Bhadhdanaigh a d’fhág a oiread sin acu in sa bpríosún, chuir an Trumpach ar ceal iad. Chuir sé an líon is mó gormach, Spáinneach, Áiseach, agus ban ag obair riamh i stair SAM. Bhain sé croitheadh as NATO, rud a theastaigh. D’fhág sé an WHO sa tubaiste, eagras diabhlaí atá ag truailliú an domhain sgus ag cothú dún-mharú trí mheán an ghin-mhillte. Thug sé dúshlán bholscairí an téimh dhomhanda. Chosain sé na mianaigh gháis, ghuail, agus ola, agus chosain an fhreacáil. Siod iad na nithe is mó riamh i stair SAM a rinneadh ar son an lucht oibre. Leag Obama 16,000 buama in 2016. Shínigh an Trumpach scata conarthaí síochána agus trádála. Chosain sé saoirse chreidimh agus chuir an gin-mhilleadh ar gcúl. Is gléas an gin-mhilleadh leis an gcine gorm a dhíothú. Féach go ngin-mhilltear os cionn 60% de thoirchis in Harlem agus Nua-Eabhrac trí chéile. Gaiscíoch an tUasal Dónall an Trumpa a mairfidh an mhaith stá sé a dhéanamh nuair a bheas dearmad ar a chuid peacaí agus a lsigí follasacha daonna. Go ngnóthaigh Dia duit, a Sheosaimh. Ciarán Ó Coigligh

  • Brian Ó Dubhghaill

    “Is deacair fear cinnte a spreagadh le malairt intinne a ghlacadh.” Agus an chinnteach sin chomh tábhachtach le gealltanas slánaithe ag teacht ón spéir, “seans gur lú an phian í an díshondas a fhulaingt ná an creideamh a chur i leataobh agus admháil go rabhthas mícheart.”

    https://www.theatlantic.com/health/archive/2015/12/the-christmas-the-aliens-didnt-come/421122/

  • AOC

    Go dtrumpaí an deabhail leis sibh, a thrumpairí buí buinneach marar oraibh atá an tsifil!
    ‘Gaeil’ Chonamara agus Bhleá Cliath ag moladh an oráistigh – an bréagadóir, an maslaitheoir, an peata ar fágadh na milliún le hoidhreacht aige, oidhríocht an stríopachais agus na caimiléireachta! Coigligí an t-oráisteach, fear an bhíobla bhig agus na mionn mór…alt cróga…pléascfaidh mé..!