Bhí léargas ar leith ag Ruth Bader Ginsburg ar chás na mban

Bean chumhachtach neamhghnách a bhí i Ruth Bader Ginsburg (1933-2020) a d’athraigh dlí na Stát Aontaithe ó bhun go barr

Bhí léargas ar leith ag Ruth Bader Ginsburg ar chás na mban

Cuireadh an toghchán uachtaránachta i Meiriceá as a riocht ar fad an tseachtain seo caite nuair a fuair an Breitheamh Ruth Bader Ginsburg bás de dheasca na hailse. Roghnaigh Bill Clinton í chun a bheith ina breitheamh ar Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe i 1993, agus bhí sí fós ag obair ann cúpla uair an chloig sular cailleadh í. Ón mbliain 1962 ba shuíochán ‘Daonlathach’ an suíochán a bhí aici. Roghnaigh an tUachtarán Kennedy an bhliain sin a chara Byron ‘Whizzer’ White mar bhall den Chúirt Uachtarach, agus thug Clinton an suíochán do Ginsburg nuair a d’éirigh  White as i 1993. Ba bhreá leis an GOP, an páirtí poblachtánach, greim a fháil ar an suíochán fíorthábhachtach seo chomh tapa agus is féidir leo roimh an 3 Samhain. Ní léir fós an bhfuil an 51 vóta ag Trump i Seanad na Stát Aontaithe atá ag teastáil chun breitheamh coimeádach a  chur chun na Cúirte Uachtaraí in áit Ginsburg.

Ábhar imní agus fíorbhróin é bás Ginsburg do liobrálaithe Mheiriceá go léir. Rinneadar siúd éachtaí Ginsburg a cheiliúradh le blianta beaga anuas, agus cheapfá gur chineál laoch ab ea an breitheamh Giúdach seo ó Nua-Eabhrac. Breitheamh neamhghnách ab ea í toisc gur bhain sí clú agus cáil amach fiú sular ceapadh ina breitheamh sóisearach í. I 1980 a roghnaigh Jimmy Carter í mar bhreitheamh ar an gcúirt chuarda náisiúnta in Washington D.C. B’iomaí cás tábhachtach a bhí buaite ag Ginsburg roimhe sin mar abhcóide sna 1970idí. Saineolaí ab ea í ar ghéarleanúint oifigiúil ar bhonn inscne. Dhírigh sí ar dhlíthe éagsúla a rinne idirdhealú géar idir mná agus fir. Bhí Ginsburg an-bhródúil as cás amháin a chuir sí os comhair na Cúirte Uachtaraí i 1975 Weinberger v. Wiesenfeld.

Fuair bean chéile Stephen Wiesenfeld bás agus bhí air aire a thabhairt dá mhac óg as féin. Ní raibh sé in ann obair a agus rinne sé achainí ar an rialtas airgead sa bhreis a thabhairt dó chun aire a thabhairt dá mhac. De réir an Social Security Act áfach, baintreacha mná amháin bhí i dteideal íocaíochta. Dar le Ginsburg ní raibh aon mhíniú ceart ag an rialtas ar an idirdhealú sin a d’fhág nach raibh aon chabhair le fáil ag baintreacha fir amhail Stephen. D’aontaigh an chúirt léi agus cuireadh an chuid sin den dlí ar ceal.

Dlíodóir cúramach ab ea Ginsburg a bhain úsáid as fir chun sáinn na mban a shoiléiriú i gceart nuair a bhíodh sí ag caint os comhair seanbhreithiúna fireanna na 1970idí. Agus nuair a bhí sí féin ina breitheamh ó 1980 ar aghaidh, breitheamh cúramach, coimeádach fiú, ab ea í freisin. Cé gur cheap sí nach bhféadfadh mná Mheiriceá a bheith ina saoránaigh i gceart gan smacht iomlán a bheith acu ar a gcolainn féin nuair a bhí siad ag iompar clainne, cháin sí cur chuige Roe v Wade i 1973. Dar léi, níor mhínigh an Chúirt Uachtarach ceist an ghinmhillte i gceart. Mhaígh an Chúirt i 1973 gur chóir go mbeadh cead ag bean deireadh a chur le toircheas dá dtabharfaí an chomhairle sin di nuair a bhí sí ag caint lena dochtúir go príobháideach. Más ea, d’eascair an ceart sin as an bpríobháideachas féin. Argóint fhíorlag ab ea í sin dar le Ginsburg agus chuir sí béim ar choincheap eile, sé sin an comhionannas.

Dar léi, dá gcuirfeadh an stát féin pionós ar bhean a bhí ag déanamh iarracht ginmhilleadh a fháil di féin, ní bheadh an stát ag tabhairt cothrom na Féinne di toisc nár cuireadh bac nó pionós ar bith ar an bhfear a chruthaigh an féatas céanna.

Ar an mbean amháin a bhí ualach an phionóis. Ina haiste cháiliúil Some Thoughts on Autonomy and Equality in Relation to Roe v. Wade, a foilsíodh i  1985, mhínigh Ginsburg gur tháinig dlíthe cosúil leis an ochtú leasú a bhí againne in Éirinn idir 1982 -2018 salach ar chumas na mban ‘to stand in relation to man, society, and the state as an independent, self-sustaining, equal citizen’. Sin an léargas ba thábhachtaí a bhí ag an mbean chumhachtach neamhghnách seo fad is bhí sí ag athrú dlí na Stát Aontaithe ó bhun go barr. Vale.

Fág freagra ar 'Bhí léargas ar leith ag Ruth Bader Ginsburg ar chás na mban'