Bhí an Ghaillimh anseo cheana, tá sé iontu an uair seo

B’fhéidir go mbréagnóidh an dá fhoireann tuar an duaircis agus go mbrisfí le nós na craoibhe go nuige seo ach bímis dílis don bhfianaise atá againn

Bhí an Ghaillimh anseo cheana, tá sé iontu an uair seo

Ní dócha go mbeidh muintir Ard Mhacha ná lucht leanta na caide sa Ghaillimh ag cuimhneamh an deireadh seachtaine seo air ach tá seans ann gurb é seo an cluiche ceannais deireanach a imreofar fé ghreim docht na heolaíochta agus fé shrathair na múnlaí atá i bhfeidhm le blianta beaga anuas.

Má fhaigheann coiste athbhreithnithe Jim Gavin cead a gcinn is a gcos, ba cheart go mbeadh cluiche a thaithneodh níos fearr leis an uile dhuine an dtaca seo an bhliain seo chughainn againn.

Toisc go bhfuil níos mó nuaíochta thar aon chluiche ceannais le cuimhne na ndaoine ag baint le coimhlint an lae inniu, b’fhéidir ná beadh mórán daoine sa dá chontae a thiocfadh liom, go háirithe leis an bhfuinneamh, an spleodar agus an tsiamsaíocht a bheidh i measc an lucht leanúna.

B’fhéidir go mbréagnóidh an dá fhoireann tuar an duaircis agus go mbrisfí le nós na craoibhe go nuige seo ach bímis dílis don bhfianaise atá againn, fiú má chuireann san cuma an chancráin ar chuid againn.

Más aon slat tomhais a bhfuil feicthe sna cluichí leathcheannais agus sna coimhlintí idir an dá fhoireann roimhe seo, beidh imirt an lae inniu, tomhaiste, foighneach, feidhmiúil agus ficheallach, má tá a leithéid d’fhocal ann. Anois is arís, b’fhéidir, beidh éachtaintí beaga samhlaíochta agus tuaiplisí a bhainfidh siar asainn go léir, splancanna beaga a chruthóidh iontaisí a mhairfidh inár gcuimhne agus a dhéanfaidh idirdhealú idir bhris agus bua.

Ag féachaint dom ar an gcluiche a bhí idir Gaillimh is Ard Mhacha níos luaithe an samhradh seo i bPáirc Markievicz, is dóigh liom go bhfuil dóthain ann chun lón machnaimh a thabhairt don dá thaobhlíne ach ba léir ós na babhtaí leathcheannais coicíos ó shin go bhfuil an dá fhoireann dulta céim eile chun cinn ina gcur chuige agus go bhfuilid gar go maith don mhúnla a oireann dóibh ag an bpointe seo.

Cuimhnítear ar an gcúl a ghéill an Ghaillimh an tráthnóna úd i Sligeach toisc gurb é an t-aon chúl é atá géillte i gcraobh na bliana seo é. Féach chomh neafaiseach is a tharla sé chomh maith – cic amach gearr, míthusicint idir John Daly agus an cúl báire Connor Gleeson agus ransach bainte go paiteanta as an líontán ag Conor Turbitt.

Tháinig an báide sin sna sála ar chic saor a bhí géillte díreach roimis sin ag Céin Darcy, an chéad chic saor géillte an tráthnóna go léir laistigh de réimse na scórála ag an nGaillimh.

Tabhair fé ndeara, leis, an tslí a bhfuair Ard Mhacha a gcúl cinniúnach in aghaidh Chiarraí coicíos ó shin. Bhí a gcaptaen Aidan Forker tar éis iarracht a chur amú le taobh na bróige, thóg cúl báire Chiarraí, Shane Ryan, cic amach nár bhain sprioc amach, bhí Conor Turbitt arís sa bhearna bhaoil, lean stropa pasanna, iarracht iomrallach ó Rian O’Neill, botún láimhseála den gcéad uair i mbliana ag Rian agus bhí an chaid neadaithe an líontán lena dhorn ag Barry McCambridge.

De phreib díreach tar éis an dá chúl, bhí lucht leanúna Ard Mhacha ina mbeathaigh, gaoth i seolta na foirne amuigh ar an bpáirc agus boladh na fola fachta ag fiagaithe cruthanta ar nós Rian O’Neill, Stefan Campbell agus Conor Turbitt féin.

Tuigim go bhfuil scata ag filíocht le coicíos anuas fé Jack O’Connor agus faoina raibh le rá aige fén ndifríocht idir an dá lucht leanúna coicíos ó shin ach i gcluichí a bhíonn idir dhá cheann na meá, níl aon teora le tacaíocht ghlórach, ghlamach chun an unsa breise sin a mhealladh ós na himreoirí.

Ní mór atá níos fearr ná lucht leanúna Ard Mhacha chun cúinsí an chatha a chruthú agus más áil le Gaillimh aon ní cóir a dhéanamh, b’fhearr dóibh iad a chiúnú go luath agus go minic i rith na himeartha.

Timpeall deich nóimeat ó dheireadh na himeartha sa chluiche sin i bPáirc Markievicz, bhí na foirne ar comhtharrac, 1-10 le 0-13, agus sánas tite ar an slua. Bhí Johnny McGrath i seilbh na caide don nGaillimh, é ag déanamh ar an mbáide agus chloisfeá go soiléir ag an bpointe sin na treoracha a bhí ag teacht isteach ó thaobhlíne Ard Mhacha.

Bhí na haon bhéic ag roghnóir Ard Mhacha, Kieran McKeever, é ag rá go neamhbhalbh lena chuid imreoirí ná tabharfadh McGrath faoina scór féin. B’fhíor dó, ach anois táthar tagtha go dtí an pointe sa bhliain nach gcloisfear treoir ón dtaobhlíne agus go mb’fhéidir go gcaithfidh bairnigh aitheanta ar nós Johnny McGrath nó Jack Glynn tabhairt faoina scór féin más chun tosaigh atá a dtriall.

Tá an iomarca aithne á cur ag gach imreoir ar a chéile agus fiú muna bhfuil ag méadú ar an dtarcaisne eatarthu, fágann an fhaisnéis agus an cur amach atá acu ar a chéile go mbíonn paistí fada tura ina mbíonn béim ar sheilbh a choimeád agus, ar ais nó ar éigean, gan dearmad a dhéanamh.

Bhí cuid mhaith des na paistí imeartha seo sa dá chluiche leathcheannais agus thóg sé idirghabháil ó imreoirí ar leith, botúin gan choinne nó gortú d’imreoir tábhachtach chun na foirne a dhealú óna chéile.

Cad a dhéanfaidh an uair seo é?

An mbeidh taispeántaisí ó Shane Walsh nó Cillian McDaid againn mar a bhí i gcluiche ceannais na bliana 2022?

An bhféadfadh beirt Chora Finne, Liam Silke agus Dylan McHugh, bheith chomh tréan san imirt is a bhíodar coicíos ó shin?

An mbeidh na fathaigh sa líne leath tosaigh. Maher agus Tierney, ag an nGaillimh rómhaith do leathchúlaithe Ard Mhacha ar a gcic amach féin?

Cad fé Rian O’Neill, fear atá ag tabhairt léasacha iontacha ach fánacha dúinn ar a chumas i gcaitheamh na craoibhe? An é an lá inniu, an lá go mbeidh tine ar a chraiceann ó thús deireadh?

Ar cheart do Kieran McGeeney Stefan Campbell a chur ag imirt ó thús toisc go bhfuil dóthain roghanna aige ar an mbinse, le Ross McQuillan, Jarly Óg Burns agus Jason Duffy, atá ullamh chun catha?

Bhí Oisín Conaty ana-chiúin i gcoinne Chiarraí ach tá fios go maith againn ar an ndíobháil a d’fhéadfadh sé a dhéanamh ach an té atá air a bheith ina chodladh.

Ní fhéadfadh Barry McCambridge tosaí maith a chiúnú agus cúl a aimsiú don dtríú cluiche as a chéile i bPáirc an Chrócaigh. Nó an bhféadfadh?

Tá seanfhondúirí ar nós Paul Conroy, Rory Grugan agus Aidan Forker ag fanacht leis an lá seo i gcaitheamh a saoil ar fad. Anois nó riamh, más ea, dóibh siúd.

Is suarach an té a cheilfeadh a lá bán ar aoinne den dtriúr agus go deimhin ar cheachtar den dá fhoireann agus a lucht leanúna. Tá dhá bhliain is fiche ó shroich Ard Mhacha Tír Tairngire don gcéad uair riamh agus ní bhuaileadar a bruach ó shin. Tá bliain lena chois sin arís ó bhí an Ghaillimh in ard a réime fé stiúir John O’Mahony agus ba bheag ina measc an uair úd a cheap go mbeadh an feitheamh chomh fada sin don 10ú craobh acu.

Tá scata den dtuairim gur buntáiste don nGaillimh é iad a bheith anseo dhá bhliain ó shin agus go mb’fhéidir gurb é seo an ionga bheag a dhéanfaidh oiread na fríde de dhifríocht i gcoimhlint idir dhá fhoireann ná fuil mágáine eatarthu.

Go siúrálta, is spreagadh breise don nGaillimh é taithí na bliana 2022 ach ní shásaítear an tsúil le hamharc ná ní líontar an chluais le héisteacht. Caithfear dul amach agus an bua a thuilleamh gach aon lá.

Is dóigh liom go bhfuil sé iontu an uair seo.

Fág freagra ar 'Bhí an Ghaillimh anseo cheana, tá sé iontu an uair seo'

  • WTF

    “A mhuintir na Gaillimhe!” ×2 !!!!