‘Bhí an Ghaeilge agus an ceol fite fuaite ina chéile dom riamh’

Sheol Emer O'Flaherty as contae an Chláir a céad albam aonair, Go dtí seo, le deireanas. Labhair sí le Tuairisc faoin gcion atá aici ar an gceol agus ar an nGaeilge agus faoina nasc le Gaeltacht Chonamara

‘Bhí an Ghaeilge agus an ceol fite fuaite ina chéile dom riamh’

Edel Vaughan, Gráinne Cotter, Philip Fogarty, Paddy Mulcahy, Angelo Heart, agus Pádraig Jack ag seinm le hEmer O'Faherty. Pic: John O'Neill

Tá a céad albam aonair tagtha ar an saol agus is deacair ag Emer O’Flaherty é a chreidiúint.

“Tá sé cineál dochreidte dom go bhfuil an t-albam ann anois, le bheith iomlán macánta,” a deir Emer O’Flaherty, amhránaí, ceoltóir iliuirlise agus cumadóir ceoil as Inis i gcontae an Chláir ó dhúchas. Seoladh a céad albam aonair, Go dtí seo, ag ceolchoirm i rith Fhéile na gConsairtín in Inis níos túisce i mbliana.

As Inis ó dhúchas di agus b’ócáid fíorspeisialta a bhí ann di agus fiche bliain caite ó thosaigh sí ar shaol an cheoil go gairmiúil, ach tagann gach rud in am is i dtráth, dar léi.

“Tá mé sásta anois gur fhan mé chomh fada is a d’fhan, nuair a éiríonn tú níos sine bíonn a fhios agat níos fearr cé thú féin, agus cén chaoi le do shaothar a chur trasna i gceart.”

D’fhás Emer aníos i gclann ina raibh an ceol agus an Ghaeilge lárnach i saol an teaghlaigh. Ba as Ros an Mhíl ó dhúchas a hathair agus a seanathair, agus deir sí gur airigh sí nasc láidir i gcónaí leis an gcuid sin dá hoidhreacht. “Bhí an Ghaeilge agus an ceol fite fuaite ina chéile dom riamh,” a deir sí.

“Bhí grá mór ag m’athair do leabhair, don scéalaíocht agus don cheol. Cailleadh é nuair a bhí mé fós i mo dhéagóir agus d’airigh mé uaim go mór é. Níos deireanaí, nuair a chuaigh mé go dtí an Ollscoil i nGaillimh rinne mé staidéar ar an nGaeilge agus thit mé i ngrá leis an teanga.”

Thug sí an teideal Go dtí seo ar an albam mar gur bailiúchán amhrán atá ann a bhfuil baint acu le tréimhsí éagsúla ina saol.

“Tá an scríbhneoireacht agus an fhonnadóireacht i nGaeilge an-tábhachtach dom. Braitheann sé domsa gurb é an bealach is cumhachtaí é chun áilleacht agus castachtaí teanga a thaispeáint ná trí na healaíona, aon rud a spreagann an t-éisteoir chun sos a thógáil agus machnamh a dhéanamh ar na focail, is maith ann é.”

Ceann de na hamhráin a chasann Emer ar an albam ná leagan de Cúirt Bhaile Nua, amhrán ar an sean-nós a mbíodh a haintín á chanadh go minic agus a bhfuil cion mór aici air dá bharr. Amhrán eile atá ar an albam ná Amhrán na Leabhar leis an bhfile Tomás Rua Ó Súilleabháin, a roghnaigh sí i gcuimhne ar a hathair.

“Tá mo theach lán le leabhair. Nuair a chuala mé an t-amhrán sin den chéad uair líon sé mo chroí agus bhris sé mo chroí freisin. Is nod atá ann do m’athair, mar gur bhreá leis a bheith ag déileáil le leabhair agus ba múinteoir scoile a bhí ann.”

D’oibrigh Emer leis an bhfile Dairena Ní Chinnéide agus liricí cuid de na hamhráin ar an albam á bhforbairt aici. Tá dhá amhrán ar an albam a thosaigh amach mar dhánta, Grian Dhubh agus Ag Gearradh Romham.

“Is file álainn í Dairena agus bhí an t-ádh dearg orm go raibh deis agam oibriú léi. Thug sí an misneach dom muinín a bheith agam as an scríbhneoireacht. Bhí mé ag cuimhneamh freisin ar an snagcheol agus an struchtúr atá air, is breá liom gur féidir rudaí mar sin i dhéanamh i nGaeilge.”

Is ceoltóir iluirlise í Emer, seinneann sí an pianó, an fheadóg mhór, an fheadóg stáin agus an consairtín. Bhí ar stáitse ag féilte ar fud na hÉireann agus na hEorpa agus is iomaí duais Oireachtais atá buaite aici i gcaitheamh na mblianta. Bhuaigh sí an Comórtas Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach sa mbliain 2017 leis an amhrán ‘Taibhse’, a scríobh sí le Paddy Mulcahy agus Angelo Heart.

Cé gur albam aonair é, tá meitheal ceoltóirí le cloisteáil in éineacht léi ar Go dtí seo. I dteannta Paddy Mulcahy agus Angelo Heart, cloistear Edel Vaughan, Therese McInerney, Gráinne Cotter agus Philip Fogarty.

Is é Jack Talty a rinne an máistriú ar an albam agus is í Ana Colomer a rinne obair ealaíne an chlúdaigh. Quentin Cooper a rinne an taifeadadh. Rinneadh an taifeadadh ar fad i seomra suite Emer agus tugann sé atmaisféar cluthar teolaí don albam.

“Bhí seachtar againn sa seomra suite i gcaitheamh an deireadh seachtaine agus rinne muid taifead beo ar na traiceanna. Tá Quentin iontach, tháinig sé agus shocraigh sé suas gach rud agus bhí atmaisféar álainn ann.”

Tá dhá thraic aonair ar an albam, ní raibh sé sin sa bplean ar dtús a deir Emer, ach caithfear a bheith faoi réir i gcónaí don rud nach bhfuil súil agat leis.

“Dhúisigh mé an mhaidin dheireanach a bhí leagtha amach againn don taifeadadh agus bhí mo ghlór caillte agam. Ní raibh mé in ann faic a rá!”

Anois agus an t-albam nua eisithe, tá Emer ag breathnú chun cinn arís agus súil aici a ghabháil ar camchuairt agus leanúint uirthi ag cumadóireacht, ag fonnadóireacht is ag scríobh amhrán.

“Is breá liom an chaoi gur féidir an ceol a úsáid leis na healaíona ar fad a thabhairt le chéile, tá scéal taobh thiar de gach amhrán.”

Fág freagra ar '‘Bhí an Ghaeilge agus an ceol fite fuaite ina chéile dom riamh’'

  • Ciarán Ó Maitiú

    Comhgháirdeas ó chroí le hEmer & le gach duine a raibh baint acu leis an albam álainn seo.