Bhí áit lárnach ag an gcaoineadh i dtraidisiúin amhránaíochta na Gréige agus na nGael

Tagann cumas na Gaeilge maidir le mothúcháin láidre a chur in iúl go mór chun cinn san aistriúchán ríchumhachtach atá déanta ag Nuala Ní Dhomhnaill ar Na Peirsigh

Bhí áit lárnach ag an gcaoineadh i dtraidisiúin amhránaíochta na Gréige agus na nGael

Caitríona Ní Mhurchú i Na Peirsigh. Pic: Ros Kavanagh

Sa mbliain 472 roimh Chríost bhí cathair na hAithne fós ag teacht chuici féin. Ocht mbliana roimhe sin b’éigean do mhuintir na cathrach a n-áit dúchais a fhágáil ina ndiaidh agus iad ag teitheadh roimh ionradh na bPeirseach. Loisceadh na tithe, creachadh agus scriosadh na teampaill, ach d’éirigh leis na hAithnigh an ceann is fearr a fháil ar na Peirsigh – cé go mba líonmhaire go mór fórsaí an namhad – i gcath mara Shalamais. Is é is dóichí go raibh an drámadóir Aescaileas i measc na saighdiúirí a sheas an fód in aghaidh na bPeirseach, agus sa mbliain 472 cuireadh ar stáitse drama dá chuid dar teideal Na Peirsigh a léiríonn imeachtaí na tréimhse cinniúnaí sin.

Aisteach go leor, is é dearcadh na bPeirseach féin – mar a samhlaíodh d’Aescaileas é – a thugann an dráma dúinn. Léirítear an imní atá ar an mbanríon (máthair Xeirxéas, rí na Peirse) agus ar sheanóirí na cúirte agus iad ag fanacht le nuacht faoin bhfeachtas. Tagann teachtaire a chuireann síos go beacht is go brónach ar an sléacht a rinneadh ar fhórsaí na Peirse, agus ag deireadh an dráma tagann Xeirxéas é féin ar stáitse agus caoineann in éineacht le seanóirí na cúirte (arb iad cór an dráma) an méid atá fulaingthe aige féin agus ag impireacht na Peirse trí chéile.

Cén fáth nár dhírigh Aescaileas ar na buaiteoirí, a mhuintir féin? Tugann scéal a insíonn an staraí Heireadótas leid dúinn. Scór bliain nó mar sin sular léiríodh Na Peirsigh den chéad uair, cuireadh an dráma Gabháil Mhíléatais le Frineacas ar stáitse na hAithne. Cloíodh muintir Mhíléatais, a raibh gaol acu leis na hAithnigh, i gcogadh in aghaidh na bPeirseach tamall roimhe sin, agus tháinig na deora le gach duine san amharclann agus iad ag breathnú ar an dráma. Gearradh fíneáil ar Fhrineacas as ucht ‘a dtrioblóidí féin a mheabhrú’ do na hAithnigh, agus is cosúil gur tuigeadh uaidh sin amach nár mhór don dráma tragéideach fanacht glan ar imeachtaí nó ar phearsana a bhain go dlúth le saol an lucht féachana.

Ach an féidir gur shíl Aescaileas go mbeadh trua ag lucht féachana na hAithne do na carachtair Pheirseacha? Tá roinnt scoláirí den tuairim nach féidir, agus gur ceiliúradh ar an mbua amháin atá sa dráma. Os a choinne sin, cuirtear béim arís is arís eile ar leochaileacht an duine dhaonna le hais mhailís na ndéithe. An tsaint agus an uaillmhian a thug ar Xeirxéas an t-ionradh a dhéanamh, is beag duine nach mbíonn cathú air géilleadh do na duáilcí siúd ó am go chéile, agus má bhíonn rún ag na déithe thú a scriosadh, is iad na drochthréithe céanna a thabharfaidh isteach sa ngaiste thú. Sa gcás seo, ba iad na Gréagaigh a chuir díoltas na ndéithe i bhfeidhm, ach thuig na hAithnigh go bhféadfadh siadsan a bheith thíos leis an chéad uair eile.

Tá éifeacht an cheoil le cur san áireamh freisin. Bhí áit lárnach ag an gcaoineadh i dtraisiúin amhránaíochta na Gréige, go háirithe i measc na mban, ach faoin am ar scríobh Aescaileas Na Peirsigh bhí srianta ar chaointe poiblí i bhfeidhm san Aithin le fada an lá. Is dócha gur fhág sé sin go mba chumhachtaí fós an radharc é don lucht féachana Aithneach a gcomhshaoránaigh sa gcór a fheiceáil, chomh maith leis an aisteoir a rinne páirt Xerxéis (arbh fhéidir gurbh é Aescaileas é féin a bhí ann), agus iad ag caoineadh na marbh Peirseach go sollúnta. Ní foláir nó gur chuimhnigh siad ar na hAithnigh a cailleadh sa gcogadh, agus b’fhéidir gur lig an caoineadh dóibh mothúcháin chasta a raibh guaim coinnithe orthu le fada acu a aithint agus a scaoileadh.

Má thugann an drámadóir tragéide faoi ábhair choimthíocha ar mhaithe le téamaí atá gar don chnámh a láimhseáil, is é bua an aistritheora teanga iomlán a chur in oiriúint do chomhthéacs iasachta. Más féidir leas a bhaint as acmhainní atá ar fáil sa teanga cheana féin is amhlaidh is fearr é. Ar ndóigh, bhí traidisiún saibhir caointeoireachta ag na Gaeil riamh anall, agus cé go bhfuil an traidisiún sin imithe i léig anois a bheag nó a mhór i saol na ndaoine, tá a rian fágtha fós ar an amhránaíocht ar an sean-nós. Tagann cumas na Gaeilge maidir le mothúcháin láidre a chur in iúl go mór chun cinn san aistriúchán ríchumhachtach atá déanta ag Nuala Ní Dhomhnaill ar Na Peirsigh, aistriúchán atá le cloisteáil sa léiriú atá ar stáitse na Péacóige faoi láthair. Is dual dúinn a bheith bródúil agus buíoch agus muid ag breathnú ar an leagan nua seo den bhundráma Gréagach, ach b’fhéidir go mbeadh cumha ar chuid againn freisin má chuimhnímid ar mheath an chultúir as ar eascair traidisiún Gaelach an chaointe.

 – Is léachtóir le litríocht na Sean-Ghréigise in Ollscoil Chill Rímhinn in Albain é Michael Carroll

Fág freagra ar 'Bhí áit lárnach ag an gcaoineadh i dtraidisiúin amhránaíochta na Gréige agus na nGael'

  • JP

    I mBÁC amháin atá an dráma seo le feiceáil. Seans ar bith go dtaispeánfaí in áiteanna eile ar fud na tíre é?

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Agus greim na heaglaise bogtha de na socraidí roinnt, an mbeadh éinne sásta seirbhís chaointeoireachta a thairiscint mar chuid den searmanas?
    Is é an feall é gan na Gaeil a chaoineadh.