Bhí a fhios againn gur fear contúirteach é Donald Trump, ach níor thuigeamar a chontúirtí is atá sé

An gcaithfear Donald Trump a thabhairt os comhair na gcúirteanna coiriúla le go dtabharfaidh na Poblachtánaigh droim láimhe leis?

Bhí a fhios againn gur fear contúirteach é Donald Trump, ach níor thuigeamar a chontúirtí is atá sé

Thug mé éitheach an tseachtain seo caite nuair a dúirt mé go raibh an coiste speisialta faoi eachtraí Eanáir 6 in Washington scortha le haghaidh an tsamhraidh. Tháinig siad ar ais i dtús na seachtaine seo do chruinniú speisialta mar gheall go raibh eolas nua curtha faoina mbráid. Eolas a bheadh cinniúnach.

Tabhair an leabhar air go raibh an t-eolas cinniúnach. Ní hamháin sin ach bhí sé drámatúil agus scanrúil. B’fhéidir go raibh tuairim againn le fada gur fear contúirteach ab ea Donald Trump. Má bhí féin, is dona a chreid muid go raibh sé chomh contúirteach agus atá.

Bean óg í Cassidy Hutchinson a thug an fhianaise scáfar seo. Labhair sí go ciúin údarásach agus bhí an méid a bhí le rá níos cumhachtaí arís mar gur dílseoir de chuid Donald Trump a bhí inti. Bhí sí ag obair mar chúntóir ag Mark Meadows, ceann foirne an Tí Bháin. Dá réir bhí sí i lár an aonaigh nuair a tharla an chíréib. Chuala sí an chomhairle a cuireadh ar Donald Trump fanacht glan ar an gCaipeatól. Chuala sí freisin na bagairtí a rinne Trump is é ag iarraidh go dtabharfaí cead dó meascadh leis an lucht agóide. Chaith sé a bhéile leis an mballa mar a dhéanfadh páiste dána. Rug sé ar roth an chairr agus rug i ngreim scrogaill ar a cheannasaí slándála nuair nach bhfuair sé a chomhairle féin. Thug sé ordú cead a gcinn a thabhairt do na daoine a bhí i mbun agóide cé go raibh a fhios aige go raibh siad armtha agus bagrach.

Ó thug sí a cuid fianaise tá ionsaithe fíochmhara déanta ag lucht tacaíochta Trump ar Cassidy Hutchinson. Tá sé curtha ina leith go bhfuil sí as a meabhair agus i mbun comhcheilge le dochar a dhéanamh do chás Trump. Má bhreathnaíonn tú ar mhianach polaitiúil Hutchinson ní féidir sin a rá – sula ndeachaigh sí ag obair ag Meadows bhí sí fostaithe ag Steve Scalise, aoire na bPoblachtach sa teach agus ag an Seanadóir Ted Cruz. Beirt iad siúd a dhiúltaigh a dhearbhú go raibh Joe Biden tofa mar Uachtarán agus a sheas le leagan amach Trump ar an toghchán.

Ag pointe éigin chinn Cassidy Hutchinson go raibh sé níos tábhachtaí an fhírinne an inseacht faoi bhagairt an lae úd ná seasamh le teachtaireacht a páirtí agus a cheannaire Donald Trump. B’fhéidir gur chóir suntas ar leith a thabhairt don méid a bhí le rá aici faoi Pat Cipollone, dlíodóir an Tí Bháin. Ba léir go raibh imní air agus gur thuig sé go raibh an baol ann go mbeadh an tUachtarán agus a lucht tacaíochta ag sárú an dlí ar an 6 Eanáir. D’impigh sé ar an bhfoireann Trump a choinneáil sa Teach Bán. Má théann sé suas ann, níl áireamh ar an méid coireanna as a mbeidh muid ciontach, a thuairiscítear a dúirt sé.

Tá toghairm chúirte anois eisithe ag iarraidh fianaise ar Cipollone. Dhiúltaigh sé comhoibriú leis an gcoiste go dtí seo. Nuair a gheofar a leagan d’imeachtaí an lae úd agus nuair a chuirtear iad le leagan Hutchinson, an mbeidh na Poblachtánaigh in ann seasamh le Trump? An mbeidh na húdaráis in ann cúiseanna coiriúla a sheachaint?

Tá Bob Woodward, Carl Bernstein agus John Dean feicthe ar an teilifís go minic le seachtain. Triúr a bhí lárnach sa scannal mór polaitiúil a tháinig chun cinn sna Stáit Aontaithe leathchéad bliain ó shin – Watergate. Deir an triúr acu go bhfuil an scéal seo níos measa. Ag an am sin, i dtús na seachtóidí, d’éirigh Richard Nixon as an uachtaránacht sula dtáinseofaí é. Cuireadh Trump ar a thriail faoi dhó ach níor ciontaíodh é mar gheall ar an deighilt pholaitiúil atá i Meiriceá faoi láthair.

An gcaithfear é a thabhairt os comhair na gcúirteanna coiriúla le go dtabharfaidh na Poblachtánaigh droim láimhe le Donald Trump? Nó go séanann siad é nó sin go gciontaítear é, beidh sciar mór den phobal nach gcreidfidh gur bagairt ar an Stát a bhí in eachtraí Eanáir 6. Agus leanfaidh an scoilt agus an creimeadh ar an daonlathas a bhfuil na Meiriceánaigh chomh maíteach sin as.

Fág freagra ar 'Bhí a fhios againn gur fear contúirteach é Donald Trump, ach níor thuigeamar a chontúirtí is atá sé'

  • Antóin

    Tá cuma dúirt bean liom go ndúirt bean léi ar chuid fianaise Hutchinson ‘rug Donald Trump ar roth an chairr agus rug i ngreim scrogaill ar a cheannasaí slándála nuair nach bhfuair sé a chomhairle féin’ a deir sí

    Ach ní raibh Hutchinson ann nuair ‘a tharla sé seo’. Dúirt sí faoi mhionn go ndúirt Tony Ornato, sainchabhróir sa Teach Bán, léi céard a tharla do cheannasaí slándala Trump, Bobby Engel. Ach ní raibh Ornato sa charr ag an am ach an oiread. Mar sin, chuala Hutchinson an scéal ó Ornato a chuala an scéal ó Engel. Ní ghlacfaí le fianaise Hutchinson i gcúirt.

    Ach tá Engel agus tiománaí an chairr toilteanach ráiteas faoi mhionn a dhéanamh nár tharla a rud a dúradh a tharla.

    Maidir leis an gcomhrá a bhí ag Hutchinson le Pat Cipollone an mhaidin sin, is iomaí duine a deir nach raibh Cipollone sa Teach Bán an lá sin. An eol duit go raibh sé ann cinnte?