Bheith istigh tugtha ag Easons do Tuatha Dé Danann ar liosta buaiteoirí

Tháinig sé chun solais níos luaithe inniu go raibh gach leabhar eile a bhuaigh duais ag National Book Awards An Post seachas Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson ar liosta na mbuaiteoirí ar shuíomh idirlín an chomhlachta díolacháin leabhar

Bheith istigh tugtha ag Easons do Tuatha Dé Danann ar liosta buaiteoirí

Tá fáilte curtha roimh an scéala go bhfuil buaiteoir an ghradaim do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ curtha san áireamh ag Easons san ábhar poiblíochta atá foilsithe acu faoi na leabhair a thug duaiseanna leo ag gradaim náisiúnta leabhar An Post an tseachtain seo caite.

Tháinig sé chun solais níos luaithe inniu go raibh gach leabhar eile a bhuaigh duais ag National Book Awards An Post, seachas Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson, ar liosta na mbuaiteoirí ar shuíomh idirlín an chomhlachta díolacháin leabhar.

Fágadh Tuatha Dé Danann ar lár chomh maith sa ‘full list’ de na buaiteoirí a scaip Easons ina nuachtlitir.

Léirigh LoveLeabharGaeilge agus foilsitheoirí an tsaothair Leabhar Breac, a ndíomá inniu faoi chinneadh Easons an leabhar Gaeilge a fhágáil ar lár, ach chuir siad fáilte tráthnóna roimh an scéala go raibh a cheart tugtha anois do Tuatha Dé Danann ar shuíomh Easons.

D’fhiosraigh LoveLeabharGaeilge agus Leabhar Breac an scéal le Easons inniu, ach ní bhfuair siad aon fhreagra uathu fós. De réir an tsuímh, níl an leabhar sa stoc acu faoi láthair.

Níl aon mhíniú tugtha go fóill ag Easons do Tuairisc.ie ach oiread faoin gcúis gur fágadh Tuatha Dé Danann ar lár nó faoin gcinneadh é a chur leis an liosta.

Dúirt Breandán Ó hEaghra Stiúrthóir Meas Media, an comhlacht a bhíonn i mbun an fheachtais LoveLeabharGaeilge, a rinne urraíocht ar an ngradam Gaeilge, níos luaithe inniu gur údar “díomá” dó nár chuir Easons Tuatha Dé Danann san áireamh ina ábhar bolscaireachta faoi bhuaiteoirí na nGradam Náisiúnta Leabhar.

Agus aird á tarraingt aige ar an scéal ar na meáin shóisialta níos luaithe inniu, dúirt Darach Ó Scolaí ó Leabhar Breac, a d’fhoilsigh saothar Johnson, gur ábhar iontais a bheadh ann dó dá mbeadh cinneadh déanta ag Easons Tuatha Dé Dananna fhágáil ar lár toisc gur leabhar Gaeilge é.

Mhol an t-údar agus foilsitheoir aitheanta Easons tráthnóna as an leabhar a chur leis an liosta.

Tá ráiteas faoin scéal seo iarrtha ag Tuairisc.ie ar Easons.

Fág freagra ar 'Bheith istigh tugtha ag Easons do Tuatha Dé Danann ar liosta buaiteoirí'