Bheadh céim san innealtóireacht uait le rialacha Ryanair maidir le málaí a thuiscint…

Ní hé an cuimhneamh ar an eitleán ná an eitilt an rud a choinníonn mé ó chodladh na hoíche, ach an méid a thagann roimhe agus ina dhiaidh

Bheadh céim san innealtóireacht uait le rialacha Ryanair maidir le málaí a thuiscint…

Pictiúr: Leon Farrell / Photocall Ireland

Ní raibh tuairim agam, nuair a chuir mé ticéid in áirithe le Ryanair roinnt míonna ó shin, go dteastódh céim san innealtóireacht uaim chun buntuiscint a fháil ar na rialacha atá acu maidir le málaí. Níor luaigh aon duine in aon cheann de na seacht gcéad seachtó r-phost atá faighte agam uathu le trí mhí anuas go mbeadh rialóir, scálaí, agus céim dochtúireachta sa mheicnic chandamach uaim chun mo mhálaí a phacáil. 

Is dóigh nach iad Ryanair amháin a chuireann an dúshlán seo ar phaisinéirí, ach ní rómhinic a théimse ar eitleán ar chor ar bith, agus tá rudaí athraithe go mór ó bhí mé ar cheann go deireadh. Ní hé an cuimhneamh ar an eitleán ná an eitilt an rud a choinníonn mé ó chodladh na hoíche, ach an méid a thagann roimhe agus ina dhiaidh.

Is é an chaoi a mbreathnaímse air ná faoin am go mbíonn tú ar an eitleán, níl aon dul as agus faoi Dhia atá sé an dtiocfaidh tú slán nó nach dtiocfaidh. 

An purgadóir a théann roimh an eitilt a chuireann crith ionam agus a choinníonn i mo shuí san oíche mé. Scaití bím ag déanamh iontais ar fiú an trioblóid é ar chor ar bith. Deir fear an tí liom go bhfuilim ag dul thar fóir leis an imní ar fad agus nach bhfuil ag teastáil ach do phas is do sparán is dearmad a dhéanamh ar an gcuid eile.

Aontaím leis. 100%. 

Faraor, níl aon neart agam air. Tá an cur chuige sin róchiallmhar ar fad. 


Céard a dhéanfaidh muid má bhíonn garda slándála géar ann, céard a dhéanfaidh muid má scaipeann siad amach óna chéile muid, céard a dhéanfaidh muid más rud é go bhfuil an déantús céanna ar an uachtar láimhe a d’úsáid mé agus comhábhar buama? 

Nach bhfuil rud éicint faoi washing up liquid agus buamaí? An féidir pléascán a dhéanamh as leacht níocháin? Nach raibh rud éicint mar sin i gceist le Seisear Bhirmingham? 

Ní hé go mbím ag déanamh imní faoi na rudaí sin. Ach d’fhéadfadh duine imní a dhéanamh fúthu, mura mbeidís cúramach. 


Murar leor a bheith ag déanamh imní faoin scuaine slándála, is ceist báis nó beatha anois atá ann cén tomhas agus cén meáchan atá i gceist leis na málaí a thabharfaidh tú leat. Tá iarracht déanta trí huaire agam liosta na riachtanas a léamh. 

Domsa, tá  liosta na riachtanas ar mhálaí cosúil le bheith ag breathnú ar thuar na haimsire. Tosaíonn m’intinn ar seachrán sula mbíonn an t-eolas súite isteach agam.

Níl a fhios agam an é go gcaillim suim ann sula mbím ag a dheireadh, nó an é go bhfuil sé scríofa ar bhealach a chuirfidh mearbhall ort, ach ar chúis éicint is cuma cé mhéad uair a bhreathnaím air, ní théann an t-eolas isteach i m’inchinn. 

Níl tuairim agam fós cén sórt mála atá ceadaithe dom, cén saghas, cén meáchan nó cén costas a bheadh ar an mála.

Cén difríocht a dhéanfaidh sé dóibh má bhíonn mo mhála ceintiméadar rófhada nó ceintiméadar róleathan? Nó má tá sé gar go maith den mharc? 

‘Bhuel, Bridget, tá innealtóirí éifeachtúlachta théis an mata sin a dhéanamh agus déanfaidh sé difríocht mhór, difríocht mhór mhillteach, a dheirfiúirín,’ a deir an róbat caidreamh poiblí i m’intinn. 

Ar aon nós, b’fhéidir gur leor an pas agus an sparán.

Feicfidh muid linn.

Fág freagra ar 'Bheadh céim san innealtóireacht uait le rialacha Ryanair maidir le málaí a thuiscint…'

  • AnTteanga Bheo

    No bags Free agus deireadh le saor ghluaiseacht san Aontas Eorpach