Bhain portán pinse as mo laidhricín, Mamaí!

Tá sé éasca a bheith ag gáire nuair a bhaintear pinse as laidhricín duine eile

Bhain portán pinse as mo laidhricín, Mamaí!

‘Áááááá!’ a bhéic an Babaí agus é ag seasamh sa gcrompán is an fharraige go básta air. ‘Mo chos,’ a bhéic sé, ‘mo chos!’

D’éirigh mé as m’iarrachtaí mé féin a thumadh san uisce is rinne mé mo bhealach anonn chuige. Bhí móid tugtha agam go ngabhfainn isteach sa bhfarraige an mhaidin sin agus mar is iondúil, ba iad an chéad chúpla nóiméad ba mheasa. Is mé a bhí buíoch as leithscéal éirí as ar feadh nóiméad nó dhó.

Shílfeá go mbeadh cleachtadh agam air faoin am seo, ach is é an scéal céanna é chuile uair a dtéim amach sa bhfarraige. D’imigh mo mhisneach uaim chomh luath is a chuir mé an chéad mhéar choise sa bhfarraige.

‘Ó a thiarna,’ a bhéic mé go cróga, ‘tá sé sin préachta!’

‘Mamaí, tá an t-uisce go hálainn, tar isteach’ a deir an Bheainín liom is gliondar uirthi ag imeacht san uisce. Bhí sé deacair í a thuiscint is í ag caint tríd an snorcal atá á chaitheamh aici chuile lá le coicís anuas.

Bhronn an n-aintín snorcal an duine orthu cúpla seachtain ó shin agus tá siad á gcaitheamh ar tír is ar muir. Bhreathnaigh mé amach an fhuinneog an lá cheana is chonaic an Bheainín ag imeacht ina lasracha síos na garrantaí is an snorcal á chaitheamh aici.

Ní fada nó go bhfaca mé an bheirt eile sna sála uirthi, an feisteas faiseanta samhraidh is deireanaí á chaitheamh acusan chomh maith. Níor chuir mé aon cheist.

‘An bhfuil tú ok?’ a d’fhiafraigh mé den Bhabaí nuair a tháinig mé chomh fada leis sa gcrompán. Bhí sé geal san éadan agus an chuma air go raibh cuid de shoineantacht na hóige sciobtha uaidh.

‘Bhain portán pinse as mo laidhricín, Mamaí.’

‘Portán,’ a dúirt sé is an mothú bainte as. ‘Bhain portán pinse as mo laidhricín, Mamaí.’ Rug mé ar an ngáire a léim aníos as mo bholg is d’éirigh liom greim a choinneáil air. Bhreathnaigh mé síos ar a chos, ní raibh aon mharc air.

‘An bhfuil tú cinnte nach raibh ann ach gur rith sé thar do chois?’ a d’fhiafraigh mé dhe. ‘Ní cheapaim go bhfuil na portáin sách mór thart anseo le mórán damáiste a dhéanamh duit.’

‘Tá mé cinnte Mamaí,’ a dúirt sé is rug sé ar mo lámh. ‘Mo laidhricín a bhí ann, bhain sé pinse as!’

Bhí an Bheainín, duine de na murúcha, thall ar an taobh eile is í ag snámh ar bharr an uisce is a héadan faoi aici, í ag breathnú síos tríd an snorcal ar thóin na farraige.

D’éirigh sí aníos. ‘Tá an áit seo lán le portáin,’ a deir sí ag tacú le fianaise an Bhabaí. ‘Tá mé a cheapadh gurb é seo paradise na bportán.’

‘B’fhéidir gur cheap sé go raibh ribe róibéis deas faighte aige don dinnéar nuair a chonaic sé do laidhricín,’ a dúirt mé leis an mBabaí ag iarraidh ruaig a chur ar an bhfaitíos.

Is ansin a d’airigh mé dinglis ag dul trasna ar bharr mo chois féin. Tá sé éasca a bheith ag gáire nuair a bhaintear pinse as laidhricín duine eile, ach is scéal eile é nuair is é do laidhricín beag féin atá i mbaol an phinse.

Bhreathnaigh mé síos faoin uisce is chonaic portáinín beag ag deifriú anonn ar an bhfoscadh faoin bhfeamainn bhuí. Bhí sé sin é fhéin ag iarraidh na cosa a thabhairt leis.

Fág freagra ar 'Bhain portán pinse as mo laidhricín, Mamaí!'

  • Des O Murchu

    Caith isteach SA phota uisce te at feadh cupla noimead! Beile Brea!