Bhain 20% de na gearáin a fuair an Coimisinéir Teanga leis an bpaindéim

Deir an Coimisinéir Teanga gur bhraith go leor de na daoine a rinne gearán leis go raibh ‘leithcheal á dhéanamh ar an nGaeilge nó ar lucht a labhartha sa dioscúrsa náisiúnta in aimsir éigeandála’

Bhain 20% de na gearáin a fuair an Coimisinéir Teanga leis an bpaindéim

Bhain 20% de na gearáin a fuair an Coimisinéir Teanga anuraidh le teip an stáit eolas faoin bpaindéim Covid-19 a chur ar fáil i nGaeilge.

Deir an Coimisinéir Teanga ina thuarascáil bhliantúil a foilsíodh inniu gur léirigh an phaindéim gur nuair is “tábhachtaí” agus is “práinní” an tseirbhís nó an chumarsáid is ea is “lú an seans go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í”.

Idir tús na géarchéime sláinte poiblí agus deireadh 2020, fuair Oifig an Choimisinéara Teanga 86 gearán a bhain le teip comhlachtaí poiblí eolas faoin bpaindéim a chur ar fáil i nGaeilge nó faoi mhoill a bheith leis an eolas sin i nGaeilge.

Bhain na gearáin le heaspa Gaeilge ar chomharthaí, i leabhráin eolais, ar shuíomhanna gréasáin agus ar fhógraí sna meáin.

Deir an Coimisinéir Teanga gur cuireadh comharthaí faoin tsláinte phoiblí in airde i mBéarla amháin ar fud na tíre.

Bhraith go leor de na daoine a rinne gearán leis, a deir sé, go raibh “leithcheal á dhéanamh ar an nGaeilge nó ar lucht a labhartha sa dioscúrsa náisiúnta in aimsir éigeandála”.

Dar leis an gCoimisinéir go mbaineann braistint sin an leithcheala den “chuspóir náisiúnta” cur le líon na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge gach lá.

Maidir leis na comharthaí i mBéarla amháin, dúirt sé gur “teip shuntasach fheiceálach” a bhí ann “ar bhundualgas reachtúil atá i bhfeidhm le breis agus deich mbliana faoin tráth seo”.

Ba iad na leithscéalta is coitianta a luaigh na comhlachtaí poiblí nár bhac le heolas a chur ar fáil i nGaeilge go mb’éigean dóibh “gníomhú go práinneach” nó go gcuirfeadh sé moill ar chúrsaí dá dtabharfaí aird ar dhualgais teanga.

Deir an Coimisinéir Teanga nach bhfuil aon bhunús le leithscéalta mar sin.

“Níl an teidlíocht reachtúil seirbhís a fháil as Gaeilge ag brath ar thosca, tosaíochtaí nó acmhainn an chomhlachta phoiblí.

“Ní cheart go mbeadh coimhlint idir na gníomhartha tromchúiseacha náisiúnta atá idir lámha agus dualgais i dtaca le cearta teanga. Is é croí na ceiste na hacmhainní a chuirtear ar fáil chun na dualgais teanga a chomhlíonadh.”

Thagair an Coimisinéir do ráiteas  a rinne an saineolaí ar chearta teanga as Ceanada, an tOllamh François Larocque, a dúirt go gcaithfí “a choinneáil san áireamh gur reachtaíocht é dlí ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla agus go bhfuil feidhm aige i gcónaí agus, b’fhéidir, feidhm níos mó in am éigeandála”.

Deir an Coimisinéir ina thuarascáil do 2020 gurb í “an bhraistint fhairsing” i measc na ndaoine a rinne teagmháil lena oifig “go raibh beag is fiú déanta den chéad teanga náisiúnta nó go raibh imeallú á dhéanamh ar an teanga agus lucht a labhartha ag comhlachtaí poiblí ar uairibh, tráth ar ghá an pobal ar fad a thabhairt le chéile in iarracht chomónta”.

Fág freagra ar 'Bhain 20% de na gearáin a fuair an Coimisinéir Teanga leis an bpaindéim'