Beirt imreoirí Gaeltachta ainmnithe ar shárfhoireann peile na gcomórtas tríú leibhéal

Tá Tadhg O’Malley as Leitir Móir ainmnithe mar chúl báire agus tá Seán Mulkerrin as Inis Mór mar lánchúlaí ar chlé ar fhoireann na bliana

Beirt imreoirí Gaeltachta ainmnithe ar shárfhoireann peile na gcomórtas tríú leibhéal

Tá aitheantas faighte ag beirt pheileadóirí óga as Gaeltacht na Gaillimhe dá dtaispeántais i gcomórtas Chorn Mhic Shigiúir i mbliana.

Tá Tadhg O’Malley as Leitir Móir ainmnithe mar chúl báire agus tá Seán Mulkerrin as Inis Mór mar lánchúlaí ar chlé ar shárfhoireann an chomórtais tríú leibhéal.

Bhí an bheirt ar fhoireann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a shroich cluiche ceannais Chorn Mhic Shigiúir mí Feabhra. Ba í an chéad uair ag an ollscoil sin áit a bhaint amach sa chluiche ceannais le cúig bliana déag anuas.

Fuair Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath an ceann is fearr ar OÉ Gaillimh agus cúilín amháin mar fharasbarr acu sa chluiche ceannais, ach thuill taispeántais bheirt na Gaeltachta moladh le linn an fheachtais go léir. Níor ghéill an Máilleach cúl ar bith sa chluiche ceathrú ceannais ná sa chluiche leathcheannais agus ba mhór an cúnamh dó Mulkerrin, a bhí ag imirt díreach os a chomhair mar lánchúlaí.

Bhain beirt eile ó OÉ, Gaillimh áit amach ar fhoireann na bliana, Enda Tierney as Uachtar Ard agus laoch na foirne idirchontae, Damien Comer.

Roghnaíodh cúigear ó Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath a thug leo an corn: Conor Mullally, Jack Barry, Liam Casey, Conor McCarthy agus Evan O’Carroll.

Fógraíodh foireann na bliana do na comórtais tríú leibhéal iomána chomh maith. Ba iad Ollscoil Luimnigh a bhuaigh Corn Mhic Giobúin in 2018 agus áit bainte amach ar an sárfhoireann ag Conor Cleary, Seán Finn, Gearóid Hegarty, David Fitzgerald, Jason Forde agus John McGrath.

Foireann peile na bliana

1.Tadhg O’Malley (OÉ, Gaillimh)

2. Andrew Mc Gowan (Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath)

3. Brian Power (Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath)

4. Seán Mulkerrin (OÉ, Gaillimh)

5. Conor Mullally (Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath)

6. Gareth Mc Kinless (Ollscoil Uladh)

7. Michael Mc Kernan (Ollscoil Uladh)

8. Jack Barry (Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath)

9. Liam Casey (Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath)

10. Enda Tierney (OÉ Gaillimh)

11. Conor Mc Carthy (Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath)

12. Liam Carey (Coláiste Mhuire gan Smál)

13. Mark Bradley (Ollscoil Uladh)

14. Damien Comer (OÉ, Gaillimh)

15. Evan O’Carroll (Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath)

 

Foireann iomána na bliana

1. David McCarthy (Ollscoil Luimnigh)

2. Conor Cleary (Ollscoil Luimnigh)

3. Eoghan O’Donnell (Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath)

4. Seán Finn (Ollscoil Luimnigh)

5. Gearóid Hegarty (Ollscoil Luimnigh)

6. Brian Hogan (Ollscoil Mhá Nuad)

7. David Fitzgerald (Ollscoil Luimnigh)

8. Colin Dunford (Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach)

9. Joe O’Connor (Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath)

10. John Donnelly (Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath)

11. Martin Kavanagh (Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach)

12. Donal Burke (Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

13. Niall O’Brien (Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath)

14. Jason Forde (Ollscoil Luimnigh)

15. John McGrath (Ollscoil Luimnigh)

Fág freagra ar 'Beirt imreoirí Gaeltachta ainmnithe ar shárfhoireann peile na gcomórtas tríú leibhéal'