Measann níos mó ná beirt as gach triúr sa stát gur cheart úsáid a bhaint as an nGaeilge chun turasóirí a mhealladh.
De réir pobalbhreithe náisiúnta, creideann formhór an phobail go mbíonn daoine ó thíortha eile ‘níos fáiltí roimh an nGaeilge’ agus gur cheart úsáid a bhaint as an turasóireacht chultúrtha chun airgead a thabhairt isteach go dtí an Ghaeltacht.
De réir an tsuirbhé náisiúnta a rinne Kantar Millward Browne do Chonradh na Gaeilge, dúirt 67% den phobal gur acmhainn faoi leith í an Ghaeilge a d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith aici ar fhorbairt na turasóireachta ar an oileán seo.
Léirigh pobal Thuaisceart Éireann tacaíocht láidir d’úsáid na Gaeilge mar acmhainn turasóireachta freisin agus 55% den tuairim go bhféadfadh an teanga tionchar dearfach a bheith aici ar chúrsaí turasóireachta ar fud na hÉireann.
Ag fócasghrúpa a reáchtáladh mar chuid den taighde, luadh Albain mar dea-shampla de na hiarrachtaí atá déanta úsáid a bhaint as teanga dhúchais chun borradh a chur faoi chúrsaí turasóireachta.
Tuairiscíodh in Alban go bhfuil méadú tagtha ar líon na ndaoine a mbíonn spéis á cur acu i gcultúr Gaelach na hAlban mar gheall ar chláracha teilifíse ina raibh an Ghàidhlig le cloisteáil agus láithreacha tábhachtacha i stair na nGael le feiceáil.
Mar chuid den phobalbhreith chéanna, dúirt beagnach leath den phobal ó dheas go mbeidís níos toilteanaí earraí a cheannach dá mbeadh an Ghaeilge le feiceáil ar an bpacáistíocht.
Dúirt 45% de na daoine go gceannóidís táirge ar a raibh an phacáistíocht dhátheangach, i nGaeilge agus i mBéarla, thairis táirge le pacáistíocht i mBéarla amháin.
Ní raibh an tacaíocht chéanna le fáil i dTuaisceart Éireann. Níor thug ach 19% ansin le fios go meallfadh an Ghaeilge ar phacáiste iad agus dúirt 50% nach roghnóidís táirge le pacáistíocht dhátheangach thairis táirge le pacáistíocht Bhéarla.
Is cuid iad na torthaí seo den tsraith taighde Céard é an Scéal?, sraith suirbhéanna atá á foilsiú ag Conradh na Gaeilge ó 2015.
Éilís Ní Anluain
Tá sé thar am pacáistí a bheith dhátheangach mar atá i gCeanada agus sa Bheilg, mar shampla.
Mártan Ó Náraigh
Measann níos mó ná beirt as gach triúr sa stát gur cheart úsáid a bhaint as an nGaeilge chun turasóirí a mhealladh. I ndáiríre? Ach níl duine amháin sa chéad sásta í a labhairt ina shaol laethúil. Froinse eile. Ach arís, tá sé i bhfad níos fearr turasóirí a mhealladh ná an Ghaeilge a labhairt.