Leath den phobal ar son a ngasúir a chur chuig scoil lán-Ghaeilge  – pobalbhreith náisiúnta

Léirítear i dtorthaí an tsuirbhé náisiúnta a rinne Kantar Millward Browne do Chonradh na Gaeilge go bhfuil tacaíocht láidir don ghaeloideachas i measc an phobail.

Leath den phobal ar son a ngasúir a chur chuig scoil lán-Ghaeilge  – pobalbhreith náisiúnta

Roghnódh leath de phobal an stáit oideachas lán-Ghaeilge dá ngasúir dá mbeadh a leithéid ar fáil ina gceantar, de réir pobalbhreithe nua.

Léirítear i dtorthaí an tsuirbhé náisiúnta a rinne Kantar Millward Browne do Chonradh na Gaeilge go bhfuil tacaíocht láidir don ghaeloideachas i measc an phobail.

Dúirt 49% de dhaoine sa stát go roghnódh siad scoil lán-Ghaeilge dá ngasúir sa chás go mbeadh a leithéid ar fáil ina gceantar.

23% a dúirt amhlaidh sa Tuaisceart, de réir na pobalbhreithe.

Tá lucht an ghaeloideachais ag rá le fada nach bhfuil dóthain scoileanna ann chun freastal ar an éileamh atá ann ar an scolaíocht lán-Ghaeilge agus tabharfaidh torthaí na pobalbhreithe nua a thuilleadh armlóin dóibh agus scoileanna nua á n-éileamh acu.

73% ó dheas agus 54% ó thuaidh a dúirt gur cheart go mbeadh an deis ag gach páiste a fhaigheann a chuid oideachais bunscoile trí Ghaeilge leanúint lena oideachas iarbhunscoile trí Ghaeilge.

Tá sé aitheanta le fada go bhfuil an easpa iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ar cheann de na fadhbanna is mó le cur chun cinn an Gaeloideachais in Éirinn.

Dúirt 44% de dhaoine ó dheas agus 20% de dhaoine ó thuaidh go roghnódh siad naíolann Ghaeilge dá ngasúir dá mbeadh sí ar fáil ina gceantar.

Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Príomhfheidhmeannach Gaeloideachas, go léiríonn torthaí na pobalbhreithe an t-éileamh atá ann don scolaíocht lán-Ghaeilge agus an gá atá leis an bpolasaí don Ghaelscolaíocht atá beartaithe ag an Roinn Oideachais.

“Cuireann na figiúirí sa suirbhé seo bonn láidir faoin éileamh atá againn do pholasaí Stáit don oideachas lán-Ghaeilge – polasaí a bhí geallta ag an iarAire Oideachais i mí na Nollaig 2019 agus ag Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais,” a dúirt Ní Ghréacháin.

“Beimid ag súil leis go gcuimseoidh an polasaí seo plean agus cur chuige le cur leis an soláthar den oideachas lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal, mar aon leis an bhfreastal ar na luathbhlianta trí Ghaeilge. Cabhróidh an polasaí seo leis an Roinn freastal ar an éileamh an-mhór atá ar oideachas lán-Ghaeilge  agus atá dearbhaithe i dtorthaí suirbhé Kantar.”

D’fhógair an t-iarAire Oideachais Joe McHugh anuraidh athrú mór ar an gcóras bunaithe scoileanna a fhágfadh gur chóir go mbeadh sé níos éasca gaelscoil a bhunú feasta.

Tá an cheist maidir le bunú gaelscoileanna á plé ag Oifig an Choimisinéara Teanga leis an Roinn Oideachais ó chinn sé go raibh an reachtaíocht oideachais á sárú ag an Roinn i gcás bunú scoile i mBaile Átha Cliath.

Chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh an Roinn Oideachais an tAcht Oideachais, 1998 nuair nár cuireadh san áireamh a ndualgais reachtúla teanga “go cuí” sa phróiseas a bhain le roghnú pátrúin do bhunscoil nua a bhí le bunú i gceantar pleanála scoile Dhroim Conrach/Marino.

Mar thoradh ar an imscrúdú sin, mhol an Roinn go mbunófaí córas nua a d’fhágfadh nár ghá gur ag an bpátrún a bheadh ag lorg scoil Ghaeilge a bheadh an líon is mó léirithe spéise.

Faoi mholadh na Roinne bhunófaí dhá scoil – scoil Bhéarla agus scoil Ghaeilge – sa chás go gcruthófaí go raibh éileamh i measc céatadán áirithe tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge.

Tá lucht an ghaeloideachais ag súil go bhfeicfear toradh an pholasaí nua sin sna blianta amach romhainn.

Cé go raibh borradh faoin ngaeloideachas ar feadh blianta fada, tá laghdú mór tagtha ar líon na nGaelscoileanna nua atá á mbunú sa stát le roinnt blianta anuas.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur léir go bhfuil an pobal “i bhfad chun tosaigh ar na Rialtais thuaidh agus theas maidir leis na buntáistí cultúrtha agus oideachasúla” a bhaineann leis oideachas lán-Ghaeilge.

“Cuireann na torthaí in iúl nach bhfuil ag éirí leis na rialtais thuaidh agus theas freastal ar mhianta an phobail le breis Gaelcholáistí, Gaelscoileanna agus naíonraí a chur ar bun fud fad na hÉireann.

“Mar shampla, ní leor an freastal reatha atá á dhéanamh ag an Rialtas ó dheas mar a bhfuil níos lú ná 8% de dhaltaí bunscoile ag freastal ar Ghaelscoileanna agus níos lú ná 4% ag freastal ar Ghaelcholáistí nuair a thógtar san áireamh sa suirbhé Kantar go ndúirt 49% go roghnódh siad scoil a mhúineann trí mheán na Gaeilge dá mbeadh sí ar fáil ina gceantar.

“Táimid i bhfad ón soláthar sin a bheith ar fáil dóibh. Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna Norma Foley ó dheas agus ar an Aire Oideachais Peter Weir ó thuaidh gníomhú ar an mbearna sin a laghdú mar ábhar práinne.”

Is cuid iad na torthaí pobalbhreithe den tsraith taighde Céard é an Scéal?, sraith suirbhéanna atá á foilsiú ag an gConradh ó 2015.

Rinneadh scrúdú ar réimse leathan ábhar mar chuid den taighde agus beidh tuilleadh ábhar ó Céard é an Scéal? á fhoilsiú ar Tuairisc.ie sna seachtainí amach romhainn.

Ba chóir go mbeadh an deis ag gach páiste a fhaigheann a chuid oideachas bunscoile trí Ghaeilge leanúint lena oideachas iarbhunscoile trí Ghaeilge

Aontaíonn Ní Aontaíonn Níl a fhios/Gan freagra
Theas 73% 5% 22%
Thuaidh 54% 23% 24%

Foinse: Céard é an Scéal? Pobalbhreith Kantar Millward Browne do Chonradh na Gaeilge

Roghnóinn scoil a mhúineann trí mheán na Gaeilge dá mbeadh sí ar fáil i mo cheantar

Aontaíonn Ní Aontaíonn Níl a fhios/Gan freagra
Theas 49% 23% 29%
Thuaidh 23% 48% 30%

Foinse: Céard é an Scéal? Pobalbhreith Kantar Millward Browne do Chonradh na Gaeilge

Roghnóinn naíolann a reáchtáiltear trí Ghaeilge dá mbeadh sé ar fáil i mo cheantar

Aontaíonn Ní Aontaíonn Níl a fhios/Gan freagra
Theas 44% 23% 33%
Thuaidh 20% 47% 33%

Foinse: Céard é an Scéal? Pobalbhreith Kantar Millward Browne do Chonradh na Gaeilge

Fág freagra ar 'Leath den phobal ar son a ngasúir a chur chuig scoil lán-Ghaeilge  – pobalbhreith náisiúnta'

  • S. Mac Muirí

    Síleann daoine go leor go fóill go dtiocfadh le dalta teanga eile, ar mhullacht an Bhéarla, a thabhairt leis as córas na gallscolaíochta. Léiríodh a athrach go soiléir in Éirinn le dhá nó trí ghlúin anuas 7 léiríodh an méid céanna i dtíortha eile chomh maith (Voces Diversae, Béal Feirste 2006, 37, 49, 50, 77,98, 130, 137). Ba chóir cur i gcoinne seanchóras na gallscolaíochta ar bhun eolaíochta feasta óir ní scrios i dtír go dtí é 7 an óige a bhíos fágtha thíos leis. Is leatrom é sin orthu ag an nglúin a chuaigh rompu.
    Éiríodh dreamanna Gaeilge /oideachais as an mbéim ar fad a leagan ar mhodhanna múinte. Bhí oide Gaeilge iontach agam féin ach ní labhraíonn ach aon duine amháin eile dá chuid iardhaltaí liom i nGaeilg. Níl sa gcóras gallscolaíochta i ndeireadh báire ach scolaíocht ghallda.
    Is rud iontach bunúsach in aon tír go snámhann rath agus forás na ndaoine ar chraiceann a dteangadh.
    (Bhí an tír chomh báite i mBéarla gur mór an faoiseamh na teangacha cumasacha eile anoir 7 aneas chugainn ar na mallaibh, an Pholainnis 7 an Liotuáinis go háirithe 7 breis is 150 eile lena gcois.)