Geallúint tugtha ag an Taoiseach go mbeidh Gaeilge ag 20% d’oibrithe an chórais phoiblí

Gheall an Taoiseach Enda Kenny ar TG4 tráthnóna go gcinnteodh sé go mbeadh 20% d’oibrithe an chórais phoiblí agus Gaeilge líofa acu

Toghchán Strap
Screen Shot 2016-02-17 at 19.17.49

Gheall an Taoiseach Enda Kenny tráthnóna go gcinnteodh sé go mbeadh 20% d’oibrithe an chórais phoiblí agus Gaeilge líofa acu.

Thug an Taoiseach an méid sin le fios agus é faoi agallamh ar an gclár Vóta 2016 ar TG4.

Bhain conspóid mhór le fógra na Roinne Gaeltachta i 2013 go raibh córas nua bunaithe ar phainéal earcaíochta le teacht in áit chóras na marcanna bónais don Ghaeilge sa státseirbhís.

Faoin gcóras nua a tugadh isteach, dúradh go mbeadh Gaeilge ag 6% de dhaoine ar ‘phainéil earcaíochta’ sa státseirbhís.

Ní hionann an cur chuige sin agus Gaeilge a bheith ag 6% de na hoibrithe ar fad sa státchórais, cé go bhféadfaí an bhrí sin a bhaint as caint an Taoisigh tráthnóna.

Bhí easpa dul chun cinn maidir le hearcú státseirbhíseach le Gaeilge i measc na gcúiseanna le héirí as an Iar-Choimisinéara Teanga Seán Ó Cuirreáin.

Sna míonna sular éirigh sé as a phost, thug an tIar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, rabhadh don Taoiseach go mbeadh polasaí nua an Stáit chun chur le líon na gcainteoirí Gaeilge sa Státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí ina theip shuntasach agus gur “Béarla éigeantach” sa státchóras a bheidh fágtha mar oidhreacht aige.

Bhíodh an Ghaeilge ina riachtanas do gach post sa státseirbhís go dtí 1974 ach cuireadh córas na marcanna bónais i bhfeidhm nuair a fuarthas réidh leis an gcóras sin.

Ní raibh inniúlacht sa Ghaeilge ina riachtanas d’aon phost i measc na 589 post a líonadh i ranna Rialtais le linn na bliana 2014.

Dúirt an tIar-Aire Gaeltachta Dinny McGinley le Tuairisc.ie anuraidh go dtuigtear go forleathan go bhfuil ganntanas daoine sa tseirbhís phoiblí le Gaeilge ach nach bhfuil an córas a thug sé féin isteach i 2013 á chur i bhfeidhm. Bhí an Rialtas ag “tarraingt na gcos” maidir le ceist na Gaeilge agus cúrsaí earcaíochta, a dúirt McGinley.

I mí Iúil seo caite, scríobh Joe McHugh litir chuig Enda Kenny ag iarraidh beannacht an Taoisigh a fháil chun “tionscnaimh polasaí” a fhorbairt i dtaobh cheist seo na hearcaíochta.

Dúirt an tAire sa litir go mba mhaith leis go méadófaí céatadán na ndaoine le Gaeilge ar ‘phainéil earcaíochta’ sa státseirbhís ó 6%, mar atá geallta faoi láthair, go 10% mar thús agus go 20% amach anseo.

Fág freagra ar 'Geallúint tugtha ag an Taoiseach go mbeidh Gaeilge ag 20% d’oibrithe an chórais phoiblí'

  • padraig

    HA HA HA HA HA……………breagadoireacht naireach aifeiseach leadranach leanbai