McGinley ag éileamh freagraí ó Howlin agus míshástacht air faoi eapsa postanna ‘Gaeilge’

Deir an tIar-Aire Gaeltachta go dtuigtear go forleathan go bhfuil ganntanas daoine sa tseirbhís phoiblí le Gaeilge ach nach bhfuil an córas a thug sé féin isteach á chur i bhfeidhm

An Teachta Dála, Dinny McGinley. Pictiúr: Photocall Ireland
An Teachta Dála, Dinny McGinley. Pictiúr: Photocall Ireland

Tá an Teachta Dála Dinny McGinley (FG) míshásta faoina a laghad post a raibh riachtanas Gaeilge luaite leo sa Státseirbhís anuraidh. Thug an tIar-Aire Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie go mbeidh sé ag lorg freagraí ón Aire Caiteachais Phoiblí, Brendan Howlin faoin scéal a foilsíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite nach raibh inniúlacht sa Ghaeilge ina riachtanas d’aon phost i measc na 589 post a líonadh i ranna Rialtais le linn na bliana 2014.

Dúirt sé go dtuigtear go forleathan go bhfuil ganntanas daoine sa tseirbhís phoiblí atá ábalta a ndualgais a chomhlíonadh trí Ghaeilge agus go raibh sé féin míshásta nach bhfuil an córas a thug sé isteach mar Aire Gaeltachta a chur i bhfeidhm.

Bhain conspóid mhór le fógra na Roinne Gaeltachta i 2013 go raibh córas nua bunaithe ar phainéal earcaíochta le teacht in áit chóras na marcanna bónais don Ghaeilge sa státseirbhís.

Tá an tIar-Aire Gaeltachta den tuairim gur léir go bhfuiltear ag “tarraingt na gcos” maidir leis an gcóras nua a tugadh isteach an uair sin.

“Dá gcuirfí an plean a thug mise isteach i bhfeidhm, is cinnte go mbeadh sé éifeachtach agus níos éifeachtaí ná mar atá an plean atá ann i láthair na huaire. Dá gcuirfí i bhfeidhm é, bheadh cumas sa Ghaeilge ag ar a laghad 60 duine de na daoine uilig a tugadh isteach,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Idir an dá linn, dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill gur léiriú eile fós iad na figiúirí nua a d’fhoilsigh Tuairisc.ie an tseachtain seo caite ar an “géarghá le gníomh radacach agus córasach i dtaobh earcaíocht sa Státseirbhís, agus san earnáil phoiblí go ginearálta”.

Dúirt sé go raibh an chosúlacht i gcónaí ar an scéal gur beag Roinn nó eagraíocht Stáit atá ag déanamh aon iarracht lena chinntiú “go mbeidh ar a gcumas bunchaighdeán seirbhíse i nGaeilge a chur ar fáil tríd an bpróiseas earcaíochta”.

Thug an Taoiseach, Enda Kenny le fios sa Dáil le déanaí gur aontaigh sé leis an gCoimisinéir Teanga nach bhfuil eagrais stáit, comhairlí contae agus ranna Stáit áirithe “ag déanamh a ndíchill chun an Ghaeilge a choimeád agus a láidriú” mar theanga “ar féidir le duine ar bith í a úsáid ina ghnó laethúil”.

Ní raibh inniúlacht sa Ghaeilge ina riachtanas d’aon phost i measc na 589 post a líonadh i ranna Rialtais le linn na bliana 2014.

Fág freagra ar 'McGinley ag éileamh freagraí ó Howlin agus míshástacht air faoi eapsa postanna ‘Gaeilge’'

  • Colm Ó Cinnseala

    Ach go h-áirithe sa Roinn Oideachas.