‘Beidh feachtas dátheangach agam’ – an t-iarchraoltóir Cynthia Ní Mhurchú ag seasamh d’Fhianna Fáil sa toghchán Eorpach

Deir Cynthia Ní Mhurchú, a bheidh ag seasamh sa Deisceart, go bhfuil a croí sa Ghaeilge agus go mbainfidh sí úsáid as an ardán a bheidh aici chun an teanga a chur chun cinn

‘Beidh feachtas dátheangach agam’ – an t-iarchraoltóir Cynthia Ní Mhurchú ag seasamh d’Fhianna Fáil sa toghchán Eorpach

Tá an t-iarchraoltóir, abhcóide agus cainteoir líofa Gaeilge Cynthia Ní Mhurchú le seasamh d’Fhianna Fáil sna toghcháin Eorpacha mí an Mheithimh.

Deir Ní Mhurchú, a bheidh ag seasamh i dtoghcheantair an Deiscirt, go bhfuil a croí sa Ghaeilge agus go mbainfidh sí úsáid as an ardán a bheidh aici chun an teanga a chur chun cinn.

Dúirt sí go mbeadh “feachtas dátheangach” aici agus go ndíreodh sí “ar an nGaeilge a chur cinn san Aontas Eorpach”  chun tacú le “stádas oifigiúil na teanga”.

Beidh sí ag seasamh d’Fhianna Fáil in éineacht leis an bhFeisire Eorpach Billy Kelleher.

Bhain Cynthia Ní Mhurchú an-cháil amach mar chomhláithreoir ar Chomórtas Eurovision 1994, an oíche ar cuireadh Riverdance os comhair an tsaoil den chéad uair, agus bhí sí ar dhuine de na craoltóirí Gaeilge ab aitheanta lena linn chomh maith.

Bhí sí ina láithreoir ar Cúrsaí agus Scoil Amach an Bobailín ar RTÉ agus d’oibrigh sí le RTÉ Raidió na Gaeltachta freisin, áit ar craoladh a clár Cynthia Sa gCathaoir.

Mar mhúinteoir i scoil lán-Ghaeilge i gCeatharlach a chuir sí tús lena saol oibre.

Cynthia Ní Mhurchú lena hiníon Rachel Ní Chaomhánaigh ag comórtas díospóireachta Gael Linn. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Tá Ní Mhurchú, atá 57 bliain d’aois, ag obair mar abhcóide le os cionn 25 bliain, i réimse an dlí teaghlaigh go háirithe. Dúirt sí go gcabhródh a taithí saoil, agus a taithí i saol an dlí go háirithe, go mór léi dá dtoghfaí í.

Dúirt sí go raibh “luí áirithe” aici le Fianna Fáil riamh agus gur cuireadh ceist uirthi i 1990 an mbeadh suim aici a bheith ina hiarrthóir toghcháin dóibh.

Dúirt Cynthia Ní Mhurchú dá dtoghfaí í go mbeadh sí ina “guth láidir” ag muintir an Deiscirt maidir le cúrsaí forbartha agus athrú aeráide.

Dúirt sí go raibh suim ar leith aici sa dlí teaghlaigh agus sa tsábháilteacht ar líne do chách.

Dúirt sí go n-oibreodh sí “go dian chun Éire agus an Deisceart a chur chun cinn san Aontas Eorpach” agus lena chinntiú go dtabharfaí isteach polasaithe a bheadh “chun leas na hÉireann agus saoránaigh na hÉireann”.

Fág freagra ar '‘Beidh feachtas dátheangach agam’ – an t-iarchraoltóir Cynthia Ní Mhurchú ag seasamh d’Fhianna Fáil sa toghchán Eorpach'

  • Carraig53@protonmail.com

    Beidh a hAon aici uaimse pé ar bith é!

  • Pádraig O'hEipicín

    Go n-éirí Leat.

  • Tadhg Ó Ruadhan

    Ní thoghfar í (cén ghaeilge ar “sweeper”?) ach m’fhéidir go dtabharfaí jab di sa Seanad nó ar an mbinse, mar bhuíochas