Beidh Cré na Cille i 20 teanga eile faoi cheann 10 mbliana

Tá leagan nua Béarla de shaothar Uí Chadhain le foilsiú mí Aibreáin seo chugainn agus i dtrí theanga eile faoi thús na bliana 2017

Cre-Na-Cille

Tá sé i gceist ag Cló Iar-Chonnacht go mbeadh an t-úrscéal Cré na Cille ar fáil in os cionn scór teangacha faoi cheann deich mbliana. Dheimhnigh an foilsitheoir Mícheál Ó Conghaile an méid sin do Tuairisc.ie agus é ag caint faoi na trí leagan nua d’úrscéal Mháirtín Uí Chadhain a fhoilseofar faoi thús na bliana 2017.

Foilseofar leaganacha Ollanaise, Seicise agus Gearmánise den saothar agus é á aistriú ag Alex Hijmans (Ollainnis), Gabriele Haefs (Gearmáinis) agus Radvan Markus (Seicis) faoi seach.

Dúirt Ó Conghaile le Tuairisc.ie go bhfuil an leabhar á chur ar fáil sna teangacha seo mar go bhfuil Cló Iar-Chonnacht ag iarraidh litríocht na Gaeilge a chur chun cinn agus a thaispeáint go bhfuil “níos mó againn in Éirinn ná saothar Yeats, Joyce agus Beckett”.

“Tá foilsitheoirí fiosrach [faoi Cré na Cille], níl aon eolas acu faoi thar lear; níl a fhios acu go bhfuil an Ghaeilge ann fiú amháin. Ach nuair a chuirtear ina láthair litríocht na Gaeilge, bíonn siad sách fiosrach fúithi agus go háirithe faoi Cré na Cille.

“Taobh istigh de dheich mbliana tá súil againn go mbeidh Cré na Cille aistrithe go 20 teanga eile. Sin an aidhm atá againn. Seo é an leabhar Gaeilge is tábhachtaí agus tá muid ag déanamh go leor leor oibre an leabhar a chur amach d’fhoilsitheoirí i ngach tír is féidir: sa Spáinn, sa bhFrainc, i Meiriceá Theas, sa Rúis agus tíortha eile,” a dúirt sé.

Irish writer Máirtín Ó Cadhain in 'The Writers: Sa gCnocán Glas' (1967)
Máirtín Ó Cadhain (1967)

Tá na foilsitheoirí thar lear an-tógtha leis an leabhar, dar leis an gConghaileach, atá ag freastal ar Aonach Leabhar Frankfurt le nach mór 20 bliain anuas. Tá Aonach Frankfurt i measc na n-aontaí leabhar is tábhachtaí dá bhfuil ann, agus bíonn seacht míle seastán ann ag foilsitheoirí ó gach tír ar domhan. Bíonn díol agus ceannach cearta aistriúcháin go mór sa treis ag Aonach Frankfurt.

“Tá muid ag scaipeadh eolais go tréan faoi [Cré na Cille]. Tá sé an-neamhghnách mar leabhar agus deirim leo gurb é Ulysses na Gaeilge é, an rud is giorra dó atá againn i nGaeilge, rud atá fíor, agus bím ag iarraidh a chur in luí orthu go bhfuil níos mó ná Joyce againn,” a dúirt sé.

Beidh leagan eile Béarla de Cré na Cille ar fáil an bhliain seo chugainn ó Chló Iar-Chonnacht, á aistriú an uair seo ag an scríbhneoir Liam Mac Con Iomaire agus an staraí Tim Robinson. Beidh an leagan sin le fáil i mí Aibreáin, bliain nach mór ó cuireadh tiontú Alan Titley i gcló.

Foilsíodh leagan Titley faoin teideal The Dirty Dust, ach is é The Graveyard Clay atá baiste ag Robinson agus Mac Con Iomaire ar a leagan siúd.

“Bhí Liam agus Tim an-an-dílis do Ó Cadhain, focal ar fhocal, agus ní hé amháin go n-aistreoidh siad an teanga ach aistreoidh siad an comhthéacs. Tógann Titley níos mó saoirse, agus is urscéalaí é féin chomh maith, agus tá sé cineál cruthaíoch san aistriúchán.

“Tá Titley beagán níos scaoilte agus beidh sé soiléir go bhfuil an dá aistriúchán an-difriúil, ach go bhfuil siad ag tacú lena chéile níos mó ná ag baint dá chéile,” a dúirt Ó Conghaile le Tuairisc.ie.

Dúirt sé go mbeadh sé ag súil go mbeadh spéis ag léitheoirí an dá aistriúchán a léamh mar go bhfuil siad chomh difriúil sin lena chéile.

Tá aistí faoin gCadhnach féin agus faoi chúlra Cré na Cille le bheith mar chuid de shaothar Mhic Con Iomaire agus Robinson.

Fág freagra ar 'Beidh Cré na Cille i 20 teanga eile faoi cheann 10 mbliana'

  • Fearn

    “Beidh Cré na Cille i 20 teanga eile faoi cheann 10 mbliana” v, “Taobh istigh de dheich mbliana tá súil againn go mbeidh Cré na Cille aistrithe go 20 teanga eile”.

    Fanann tú os cionn seasca bliana le leagan béarla agus tagann dhá cheann as éadán.

    Ar a laghad , tá an seirbhís chéanna ag dul i dtreo na Gaeilge le dhá Phrionsa Bheaga.

    Ach molaim an fiontar agus an tionscnamh seo. Go n-éirí leis