Beidh an lá leis na Gaeil agus pointe bónais acu freisin

Cuirfear fáilte go dtí Staid Aviva roimh na hIodálaigh inniu i gcluiche a bheas sách aontaobhach

Beidh an lá leis na Gaeil agus pointe bónais acu freisin

Imreoirí na hÉireann. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Is ar éigean go raibh seans againn breith ar ár n-anáil fós ón gcúpla nóiméad deiridh den chluiche úd i bPáras an Satharn seo caite. Bhí mo chroí agus ceann chuile Ghael ar fud na cruinne inár mbéal ag guí go mbeadh fad agus cruinneas i gcic Johnny Sexton. Bhí agus chinntigh an cic álainn sin bua le dhá phointe dúinn, toradh a choinnigh an aisling, bua sa gcomórtas, beo fós. Bhí Sexton iontach ar fad, go háirithe sa gcúpla nóiméad deiridh sin. Is é a d’aimsigh pointí na hÉireann ar fad ach le bheith fírinneach ní raibh na hÉireannaigh thar mholadh beirte le linn an chluiche. Theip orthu úd amháin féin a aimsiú i gcoinne fhoireann nach raibh mórán aithne ag a cuid imreoirí ar a chéile fiú amháin. Mar sin féin, is iontach bua as baile a fháil sa gcomórtas seo, go háirithe agus tú ag imirt go dona. Is mó i bhfad a rachaidh an bua sin chun tairbhe dúinn ná bua éasca agus scór mór a bheith againn.

Cuirfear fáilte go dtí Staid Aviva roimh na hIodálaigh inniu i gcluiche a bheas sách aontaobhach, seans. Rinne Joe Schmidt ceithre athrú don chluiche seo, ach, mar sin féin, níl duine ná deoraí ag tabhairt seans na ngrást d’fhoireann Chonor O’Shea, foireann a fuair greadadh ó na Sasanaigh agus sa Róimh an Domhnach seo caite. Beidh na Gaeil ag súil anois go bhfuil an tús mall a rinne muid sa gcéad chluiche curtha díobh acu, díreach mar a tharla bliain ó shin nuair a bhí tús lag eile againn i gcoinne na hAlban, cluiche a chaill muid (27-22) i Murrayfield. 

Beidh an lá leis na Gaeil an Satharn seo agus tá mé sásta a thuar freisin go mbeidh ar ár gcumas ceithre úd agus pointe bónais a shlánú. Caithfidh muid é sin a dhéanamh, mar go mbeidh an sprioc chéanna ag chuile fhoireann eile a bheas i gcoinne na nIodálach, go háirithe agus iadsan ag imirt as baile.

In Twickenham a bheas an dá fhoireann atá ar bharr an tábla, Sasana agus an Bhreatain Bheag, ag tabhairt faoina chéile. Is cinnte gurb í an choimhlint seo an rogha i measc na gcluichí uile a bheidh á n-imirt i mBabhta 2 den chomórtas. Beidh an-seans go deo ag pé foireann a mbeidh an bua aici sa gcluiche seo greim a fháil ar an gcraobh. Beidh muide sa tír seo ag súil go bhfeicfear arís in Twickenham an tsárimirt a rinne na Breatnaigh i gcoinne na hAlban seachtain ó shin agus go mbainfear geit agus stangadh as fir an bhaile. Tá amhras ormsa faoi sin, faraor. Tá na Sasanaigh an-láidir ar fad.  Ní hamháin sin ach creideann siad gur leo arís an comórtas seo. Is oth liom é seo  a rá,  ach creidim go mbeidh an lá leo tar éis sárchluiche a imirt.

Beidh coimhlint shuimiúil eile againn in Murrayfield, idir dhá fhoireann a chaill i mBabhta 1, Albain agus an Fhrainc. Bhí Albain uafásach ar fad agus iad i gcoinne na mBreatnach seachtain ó shin agus bhí na Francaigh i bhfad níos fearr sa gcéad chluiche i gcoinne na nGael ná mar a bhí súil ag aon duine leis. Cuimhnigh ar an droch-cháil atá ag baint le foirne ón bhFrainc agus iad as baile. Rud é seo a thugann seans eicínt d’Albain ach ní bheadh tada ann.

Fág freagra ar 'Beidh an lá leis na Gaeil agus pointe bónais acu freisin'