Beidh an Chúirt Uachtarach lárnach i rás uachtaránachta na Stát Aontaithe 

Glacann saineolaithe dlí leis nach dtabharfaidh an Chúirt Uachtarach cead do Donald Trump éalú ó na cúiseanna coiriúla ar an mbunús go bhfuil díolúine aige.

Beidh an Chúirt Uachtarach lárnach i rás uachtaránachta na Stát Aontaithe 

Tá an tseachtain dar tús an dara lá fichead d’Aibreán leagtha amach ag Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe le héisteacht a thabhairt don chás atá ag Donald Trump go bhfuil toirmeasc ar a chúiseamh i gcás coiriúil. Ghlac an chúirt leis an tseachtain seo go raibh ról acu sa gcás atá tugtha ag an abhcóide speisialta Jack Smith. De thoradh ar an gcinneadh sin tá an chúirt anois i mbun machnaimh agus tá sé á thuar go mbeidh siad i mbun a machnaimh go deireadh mhí an Mheithimh.

Ciallaíonn sin ar fad go gcuirfear moill arís eile leis an bpróiseas trialach agus gur dóigh anois nach mbeidh Trump ar a thriail go mí Lúnasa ar a thúisce. Má tharlaíonn sin beidh a chuid dlíodóirí i mbun argóna go bhfuil an próiseas toghchánaíochta faoi lán seoil.

Beidh Trump á dhearbhú go hoifigiúil mar iarrthóir ag na Poblachtánaigh ag a gcoinbhinsiún i mí Iúil agus áiteofar go gcuirfeadh triail choiriúil an próiseas toghchánaíochta as a riocht. Déanfaidh siad iarratas, ag an bpointe sin, moill eile a chur ar reáchtáil na trialach. Óna thús, bhí súil ag Trump agus a fhoireann gurb é sin an deireadh a bheidh leis an scéal ar fad – go mbeidh sé féin ar ais sa Teach Bán agus tofa in athuair ionas go bhféadfadh sé maithiúnas a thabhairt dó féin agus an scéal ar fad a chur ar neamhní.

Glacann saineolaithe dlí leis nach dtabharfaidh an Chúirt Uachtarach cead do Trump éalú ó na cúiseanna coiriúla ar an mbunús go bhfuil díolúine aige. Tá an chúirt, mar sin féin, tar éis deis bholscaireachta leanúnach a thabhairt dó le cinneadh na seachtaine seo. Tá dhá shnáith chomhthreormhara á reáchtáil i bhfeachtas Trump – na cásanna cúirte agus na trialacha coiriúla a deir Trump atá á n-úsáid ag an Teach Bán le dochar polaitiúil a dhéanamh dó. Tá sé féin ag baint leas as na cásanna céanna mar shlógaí bolscaireachta ag iarraidh tacaíocht a mhealladh.

An rud deiridh a theastaíonn uaidh go reáchtálfaí aon cheann de na trialacha coiriúla – tá sé léirithe go soiléir ag pobalbhreitheanna go mbeadh tionchar ag triail choiriúil ar mheon an phobail cé nach bhfuil aon tionchar ag na cásanna eile atá ina aghaidh. Dá réir, leanfaidh na dlíodóirí den mhana atá acu – moill, moill, moill.

Ugach do chás Trump is ea fógra na seachtaine seo ón gCúirt Uachtarach. Tá breithiúnas le teacht go fóill a bheidh bunaithe ar chinneadh cúirte in Colorado Trump a bhaint den pháipéar ballóide. Cinneadh an rud céanna i Chicago an tseachtain seo. Cuir leis sin an fógra an tseachtain seo go mbeidh an cás eile á mheas san Aibreán agus ní bréag a rá go mbeidh an Chúirt Uachtarach lárnach sa mhéid a tharlóidh ó thaobh reáchtáil toghcháin faoi Shamhain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Beidh an Chúirt Uachtarach lárnach i rás uachtaránachta na Stát Aontaithe '