‘Bean a’ tí’ ina ‘bean na t-léinte’ agus gnó nua Gaeilge bunaithe ag máthair óg as Ard Mhacha

Bhunaigh Louise Smith as an Mullach Bán an comhlacht ‘Smigsmig’ agus a cuid T-léinte Gaeilge á ndíol aici óna teach ar fud na cruinne

‘Bean a’ tí’ ina ‘bean na t-léinte’ agus gnó nua Gaeilge bunaithe ag máthair óg as Ard Mhacha

Tá bailiúchán úr T-Léinte i nGaeilge ar an mhargadh agus tús curtha ag máthair óg Ghaelach as an Mhullach Bán i gcontae Ard Mhacha le gnó nua baile.

Bhunaigh Louise Smith, a bhfuil cúpla óg aici, an comhlacht ‘Smigsmig’ le déanaí agus tá a cuid T-léinte Gaeilge á ndíol aici óna teach le daoine ar fud na cruinne.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Smith gur smaoinigh sí ar a gnó nua a bhunú agus í “gafa sa teach ag cothú na leanaí”.

“Thosaigh mé ag déanamh taighde ar ghnólachtaí a dtiocfadh liom iad a láimhseáil ón bhaile den chuid is mó agus tháinig mé ar roinnt físeán YouTube faoi dhearadh t-léinte. Bhí mé i gcónaí an-tógtha le himeartas focal agus thosaigh mé ag smaoineamh faoi dhearaí agus manaí greannmhara a bheadh fóirsteanach do T-léinte,” a dúirt Smith.

Tá réimse T-léinte i ndathanna geala deartha ag Smith a bhfuil meascán d’fhocail Ghaeilge agus d’íomhánna le feiceáil orthu. I measc na roghanna Gaeilge is mó tóir, tá ‘Aililiú Aililiú, tá an crog [crogall] ar buile’, tagairt don fheachtas ar son acht Gaeilge ó thuaidh, ‘teanga bheo’ agus ‘tóg go bog é’, ina bhfuil pictiúr de bhóín Dé le feiceáil in áit an fhocail ‘bog’.

Thug Smith le fios go ndéanann sí iarracht “teacht ar cheangail ghreannmhara” idir focail agus “dearadh cliste” a chruthú le cur leis na focail sin.

Cinneadh “nádúrtha” a bhí ann, dar le Smith, go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil ar na T-léinte agus measann sí gurb í an teanga ‘USP’ nó ‘unique selling point’ a comhlachta.

Dúirt Smith go raibh sí ag súil go mbeadh ‘bród’ ar dhaoine agus T-léine Smigsmig á caitheamh acu, go mbeadh deis ag Gaeil thar lear ceangal a léiriú lena dtír féin “i mbealach atá éadrom, sultmhar agus tarraingteach”.

Seo an dara hiarracht ag an fhiontraí as Ard Mhacha comhlacht a bhunú. Bhunaigh sí féin agus a fear céile bialann ghluaiste cúpla bliain ó shin agus cé gur theip air, dúirt sí gur fhoghlaim sí cuid mhór ón taithí sin a rachaidh chun tairbhe di ina gnó nua.

“Seo gnó atá i bhfad níos fóirsteanaí dom. Úsáidim na scileanna cruthaitheacha, teanga agus cumarsáide atá agam féin agus faighim sásamh agus sult as daoine a fheiceáil ag caitheamh t-léine a dhear mé,” ar sí.

Cé go bhfuil sí ag baint sult as an ghnó a fhorbairt, d’admhaigh Smith go raibh dúshláin áirithe i gceist leis agus aire le tabhairt do bheirt leanaí óga chomh maith.

“Deirtear go mothaíonn máithreacha ciontach is cuma cad é a dhéanann siad. Bíodh sé sin go dtéann siad ar ais ag obair go luath, nó nach mbíonn siad ag saothrú airgid luath go leor. Cuireann an mothú ciontachta sin isteach orm níos mó ná an easpa codlata.”

“Ba bhreá liom an gnó a fhorbairt de réir a chéile sa dóigh is go n-éireoidh sé níos éasca an obair agus saol an teaghlaigh a láimhseáil,” a dúirt Louise Smith, bunaitheoir Smigsmig.

Fág freagra ar '‘Bean a’ tí’ ina ‘bean na t-léinte’ agus gnó nua Gaeilge bunaithe ag máthair óg as Ard Mhacha'

  • Pól Ó Braoin

    Is brea liom an plan a bhalla…

  • Pól Ó Braoin

    Is brea liom an slán a bhalla ach tá an dearg-ghráin agam ar an gcabhair a thugann an córas clóbhuailte ar an bhfón nua seo…