Béaloideas na Manainnise ar fáil anois i nGaeilge

Tá leagan Gaeilge den leabhar Skeealaght curtha ar fáil ag an Ollamh Kevin Scannell saor in aisce ar líne

Tá bailiúchán gearrscéalta agus béaloidis ó Oileán Mhanainn, a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1976, curtha ar fáil athuair ag an Ollamh Kevin Scannell ar líne agus aistriúchán Gaeilge ar na scéalta Manainnise leis.

Tá os cionn 70 mír ar an leagan digiteach den leabhar Skeealaght [Scéalaíocht] agus trí rogha ann leis an leagan Gaeilge de na scéalta a léamh ar gach aon cheann acu.

Faoin rogha ‘ainliú luiche’, preabann an t-aistriúchán Gaeilge aníos nuair a chuirtear luchóg an ríomhaire os cionn na bhfocal atá le haistriú. Is féidir an dá leagan, Manainnis agus Gaeilge, a léamh taobh le taobh freisin, nó is féidir ‘anótáil inlíne’ a roghnú a chuireann na focail Ghaeilge os cionn an téacs Manainnise.

Bailíodh na scéalta atá i Skeealaght sna seachtóidí ó na cainteoirí Manainnise Lewis y Crellin, Juan y Crellin, Colin y Jerree agus Shorus u Creayrie.

Chruthaigh Scannell an suíomh ionas go mbeadh cainteoirí Gaeilge in ann an Mhanainnis a fhoghlaim gan dul i muinín an Bhéarla.

“An fhadhb is mó atá ann ná gur i mBéarla atá an chuid is mó den ábhar foghlama atá ar fáil: leabhair, cúrsaí ar líne, agus foclóirí dátheangacha. Sin an fáth ar chruthaigh mé an suíomh seo, chomh maith leis an bhfoclóir Manainnis-Gaeilge agus an t-ineall aistriúchán ar Intergaelic, mar áiseanna do dhaoine le Gaeilge gan aon ghá dul i muinín an Bhéarla ar chor ar bith,” a scríobh sé ar an suíomh nua.

D’úsáid Scannell a uirlis féin, Intergaelic, leis an ábhar a aistriú ón Manainnis go Gaeilge agus ghlan sé ansin é de láimh “le roinnt botún a cheartú”.

Tá cuma aisteach ar chuid de na habairtí Gaeilge sa leabhar, atá beagán mínádúrtha ó thaobh struchtúir de, ach mhínigh an tOllamh Scannell gur fágadh mar sin iad mar “áis d’fhoghlaimeoirí”.

“Ní dhearna mé iarracht Gaeilge ‘líofa’ a chur ar an téacs; chloígh mé go dlúth le foclaíocht agus le struchtúr na Manainnise. Is d’aon turas a rinne mé seo, mar áis d’fhoghlaimeoirí.

“Mar shampla, is an-choitianta é an struchtúr ‘ren’ (rinne) + ainm briathartha sa Mhanainnis: “ren ny guillyn goll mygeayrt…”; thabharfainn “rinne na buachaillí/giollaí dul timpeall…” ar a leithéid cé go mbeadh sé sách ciotach i nGaeilge,” a dúirt sé.

Chuir Scannell a fhoclóir Manainnis-Gaeilge ar fáil níos túisce i mbliana. Bhí 18,994 ceannfhocal sa chéad dréacht a chuir sé amach i mí Feabhra agus é i gceist aige 20,000 a bhaint amach. Níor foilsíodh aon fhoclóir eile Manainnis-Gaeilge riamh go dtí sin.

Go gairid i ndiaidh dó an foclóir a chur ar fáil, chuir sé an Mhanainnis le Intergaelic. Chruthaigh Michal Boleslav Měchuraan an acmhainn sin anuraidh agus tá an leagan Gáidhlig de ar fáil ó Mheitheamh na bliana seo caite.

Tá InterGaelic i measc na bhfoclóirí atá in úsáid ar an suíomh multidict.net, a bhaineann úsáid as go leor foclóirí ar líne chun aistriúchán a chur ar fáil idir teangacha éagsúla.

Toisc go bhfuil InterGaelic dírithe go sonrach ar na teangacha Gaelacha, is fearr i bhfad é ná Google Translate, a cháintear go minic mar gheall ar an mí-úsáid a bhaintear as an uirlis.

Fág freagra ar 'Béaloideas na Manainnise ar fáil anois i nGaeilge'