Beag dóchas go ndéanfaidh Rialtas na Breataine beart de réir a mbriathair faoi reachtaíocht don Ghaeilge

Deir lucht feachtais ar son na reachtaíochta Gaeilge ó thuaidh go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an Státrúnaí Brandon Lewis ag dul siar ar ghealltanais a thug sé dtabharfadh Rialtas na Breataine an reachtaíocht isteach

Beag dóchas go ndéanfaidh Rialtas na Breataine beart de réir a mbriathair faoi reachtaíocht don Ghaeilge

Is beag dóchas atá ag gníomhaithe teanga i dTuaisceart Éireann go bhfuil Rialtas na Breataine chun reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach in Westminster roimh thoghchán Stormont mí Bealtaine, in ainneoin na ngealltanas go ndéanfaí sin.

Agus é ag labhairt ar UTV, dúirt Státrúnaí an Tuaiscirt, Brandon Lewis. go raibh sé chun gach iarracht a dhéanamh lena chinntiú go dtabharfaí an reachtaíocht isteach tríd an bhFeidhmeannas nó trí Westminster. Gheall Rialtas na Breataine roimhe seo go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster roimh mhí Dheireadh Fómhair seo caite mura mbeadh an beart déanta in Stormont. Nuair ná tharla sin, gealladh i mbliana go dtabharfaí an reachtaíocht chultúir, féiniúlachta agus teanga isteach roimh thoghchán Stormont na Bealtaine.

Dúirt Brandon Lewis mí Eanáir go raibh an reachtaíocht teanga a aontaíodh sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua le tabhairt isteach le linn mhandáid an Tionóil ach is beag seans go dtarlóidh sin anois. Tiocfaidh deireadh le mandáid Stormont Dé Luain seo chugainn, an 28 Márta, agus tá an Feidhmeannas i sáinn pholaitiúil ó mhí Feabhra agus an Chéad-Aire Paul Givan ón DUP éirithe as a chúram.

Deir lucht feachtais ar son na Gaeilge ó thuaidh go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an Státrúnaí Lewis ag dul siar ar na gealltanais a thug sé roimhe seo go ndéanfadh Rialtas na Breataine an reachtaíocht a thabhairt isteach.

Nuair a cuireadh i leith an Státrúnaí Lewis nach raibh an gealltanas maidir leis an reachtaíocht a thabhairt isteach comhlíonta aige, ghéill sé do UTV nach raibh mórán ama fágtha ach dúirt sé go raibh Rialtas na Breataine fós “tiomanta” di.

“Déanfaidh mé mo dhícheall chun a chinntiú go dtabharfar í seo isteach, tríd an bhFeidhmeannas nó, mar atá ráite againn i gcónaí, trí Pharlaimint Westminster.”

Tagann an ráiteas sin sna sála ar ráiteas a rinne aire de chuid Rialtas na Breataine maidir leis an reachtaíocht teanga an tseachtain seo caite.

Agus í ag labhairt in Westminster Lá Fhéile Pádraig, dúirt Maria Caulfield go dtabharfaí reachtaíocht don Ghaeilge isteach in Westminster mura ndéanfaí sin in Stormont.

Dúirt Caulfield, ar de shliocht na hÉireann í, gurb é mian an rialtais go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Stormont ach go raibh an t-ullmhúchán á dhéanamh chun sin a dhéanamh in Westminster sa chás nach dtarlódh sé sa Tuaisceart.

Tá lucht feachtais ó thuaidh ag cur an mhilleáin ar an DUP faoin mhoill atá ar thabhairt isteach na reachtaíochta.

Bhí éirí amach san DUP anuraidh in aghaidh a n-iarcheannaire Edwin Poots mar gheall ar an margadh a rinneadh le Rialtas na Breataine go dtabharfaí an reachtaíocht teanga isteach in Westminster.

Tá an DUP ag iarraidh ar Rialtas na Breataine gan dul ar aghaidh leis an reachtaíocht tráth a bhfuil an Prótacal Breatimeachta don Tuaisceart fós ina údar aighnis.

Deir An Dream Dearg go bhfuil pobal na Gaeilge i dTuaisceart Éireann ag fanacht breis is 5,600 lá ar acht teanga, reachtaíocht a gealladh ar dtús in 2006.

Mí na Nollag seo caite, d’iarr Conradh na Gaeilge ar na Náisiúin Aontaithe idirghabháil a dhéanamh san fheachtas ar son na reachtaíochta Gaeilge don Tuaisceart.

Iarradh ar na Náisiúin Aontaithe tacú le héileamh an Chonartha go dtabharfaí cothrom na Féinne do phobal na teanga i dTuaisceart Éireann agus go ndéanfaí gníomh chun sin a bhaint amach.

roinnt beartas don Ghaeilge geallta sa reachtaíocht, ina measc coimisinéir teanga agus stádas oifigiúil don teanga.

Fág freagra ar 'Beag dóchas go ndéanfaidh Rialtas na Breataine beart de réir a mbriathair faoi reachtaíocht don Ghaeilge'