Beag cantal a chuirfidh easpa Gaeilge ar bhileoga ná Brexit ort i dteannta ‘The Beekeeper of Sinjar’

Ní scéalta taitneamhacha iad na scéalta i leabhar nua Dunya Mikhail faoi shlad ISIS ach tá uaisleacht is dínit álainn iontu freisin

Beag cantal a chuirfidh easpa Gaeilge ar bhileoga ná Brexit ort i dteannta ‘The Beekeeper of Sinjar’

Sa mbliain 2014 bhí go leor cainte sna meáin faoin slad a bhí ISIS a dhéanamh ar ghrúpa beag Yazidi a bhí ina gcónaí thart ar chathair Sinjar i dtuaisceart na hIaráice. Bhí na ceartchreidmhigh Mhoslamacha ar a dtugtaí Daesh nó an Stát Ioslamach á ndíbirt seo as a dtithe agus as a ngabháltais.

Bhí na nuachtáin lán le scéalta uafáis faoin sléacht sin ag an am ach ar léamh an leabhair seo dom, is ea a thuig mé arís eile an dídhaonnú a chothaíonn staitisticí na n-uafás i míreanna nuachta.

Maraíodh breis is 3000 fear agus seanduine de na Yazidi agus caitheadh isteach i dtrinsí móra oscailte iad, idir mharbh is dhíbheo agus díoladh breis is 6000 bean agus a bpáistí ar mhargaí sclábhaíochta is gnéis. A gcoir – gur ainchreidmhigh a bhí iontu nár ghéill d’Ioslam.

Iarácach, iriseoir agus file í Dunya Mikhail, údar The Beekeeper of Sinjar, a thug na cosa léi as an Iaráic nuair a chuir a cuid iriseoireachta múisiam ar Saddam Hussein sna nóchaidí agus bhailigh sí scéalta pearsanta coscracha na ndaoine a ciapadh agus a céasadh an t-am sin.

Sular tháinig Isis go Sinjar, bhí an beachaire Abdullah Shrem ag saothrú a bheatha ag díol meala agus seantaithí aige ag taisteal lena chuid meala trí shléibhte na hIaráice agus na Siria. D’úsáid sé an saineolas sin anois chun daoine a bhí gafa agus díolta mar sclábhaithe ag Isis a shábháil nó a cheannach ar ais le cabhair ó bhuíon bheag chróga dá lucht aitheantais agus sparán teann airgid.   

Is é Abdullah Shrem laoch an scéil seo agus is eisean an fear teagmhála a bhí ag an údar agus í ag caint leis na daoine bochta seo. 

Ní scéalta taitneamhacha iad seo – éigniú, marú, maslú agus fuadach á ndéanamh in ainm Allah tar éis do shaighdiúirí Isis dreas cantaireachta as an gCórán a dhéanamh ar a nglúine. Mná, drugaí, marú agus cumhacht á n-úsáid le fir a cheansú i gcogadh eile an aineolais.

Ach tá uaisleacht is dínit álainn le brath ar an mbeachaire a thugann uchtach agus misneach dom.

Banríon na mbeach nó an mháthair aba a spreag a mheas ar mhná agus a mhuinín iontu, a deir Abdullah. “Bíonn an bhanríon i bhfad níos cumasaí ná an bheach fhireann agus má tharlaíonn aon cheo don bhanríon cuirtear an choirceog ar fad ó mhaith,” a deir sé agus ní dona an t-údar é sin le mná an tsaoil a chosaint agus a chur chun cinn.

Tá dánta leis an údar féin le fáil tríd an saothar seo:

What would we plant on the land filled with bones and skulls?

What would grow?

How much blood would flow in the veins of the trees?

Serpents Tail a d’fhoilsigh an leabhar seo atá ar fáil anseo ar €13.20 – geallaim duit gur beag cantal a chuirfidh sceamhaíl na n-iarrthóirí uachtaránachta, míchruinneas nó easpa Gaeilge ar phóstaeir, cúlstop ná ardú céime Joe McHugh ort agus tú ag déanamh do bhealaigh leis an mbeachaire mánla gnaíúil trí phostaí custaim na Siria agus na Tuirce. Ach nach breá an rud go mbíonn an dea-dhuine ag bláthú i measc na n-amhas? Ach ní hé misneach Abdullah Shrem amháin a shábháil na daoine seo ach an fón póca agus an mioneolas agus na mapaí a thug sé do na daoine seo a bhí sáinnithe i measc na gcnoc ag an gclaí teorann.

An fón póca mo dhia beag nua. 

Fág freagra ar 'Beag cantal a chuirfidh easpa Gaeilge ar bhileoga ná Brexit ort i dteannta ‘The Beekeeper of Sinjar’'