Bata agus bóthar tugtha don ‘Rt Hon Pat Jimmy Den Rua MP’ mar gheall ar ráiteas faoin sceimhlitheoireacht

Aithne mhaith ar an bhFeisire Pat McFadden i gceantar an Fháil Charraigh agus is mac é le beirt de mhuintir na háite – Jimmy Den Rua Mac Pháidin (nach maireann) agus a bhean chéile Annie

Bata agus bóthar tugtha don ‘Rt Hon Pat Jimmy Den Rua MP’ mar gheall ar ráiteas faoin sceimhlitheoireacht

Pat McFadden

Tá ráite ag Pat McFadden, ball de pharlaimint Westminster de bhunadh Ghaeltacht Thír Chonaill, go bhfuair sé bata agus bóthar ó bhinse tosaigh Jeremy Corbyn toisc nár aontaigh sé le ceannaire a pháirtí maidir leis na hionsaithe sceimhlitheoireachta ar Pháras.

Fógraíodh aréir go raibh a phost mar Scáth-Aire na hEorpa caillte ag McFadden agus atheagar déanta ag Jeremy Corbyn ar bhinse tosaigh Pháirtí an Lucht Oibre i Sasana.

Post tábhachtach a bhí ag McFadden go háirithe i bhfianaise na díospóireachta faoin ‘Brexit’

Tá aithne mhaith ar an bhFeisire McFadden i gceantar an Fháil Charraigh i nGaeltacht Thír Chonaill agus is mac é le beirt de mhuintir na háite – Jimmy Den Rua Mac Pháidin (nach maireann) agus a bhean chéile Annie. Cainteoirí dúchais Gaeilge arbh as an Dún Mhór iad beirt ab ea a thuismitheoirí a d’fhreastail sna 1930idí agus 1940idí ar Scoil Náisiúnta Mhín Doire, scoil bheag Ghaeltachta atá dúnta anois.

Thugadar beirt aghaidh ina dhiaidh sin ar Ghlaschú na hAlban, áit ar rugadh agus a tógadh Pat McFadden.

Chaith McFadden cuid mhaith dá óige i nGaeltacht Thír Chonaill agus tugann sé cuairteanna rialta ar an bhfód dúchais. Is i reilig an Fháil Charraigh atá athair an Fheisire do Wolverhampton Thoir Theas curtha.

Sa bhliain 2011, craoladh clár faisnéise ar TG4 faoi shaol agus faoi shaothar McFadden, The Right Honourable Pat Jimmy Den Rua MP.

Tuairiscítear gur chaill an feisire a phost in atheagar na hoíche aréir toisc gur measadh nár fhan sé dílis do cheannaire a pháirtí, agus dúirt McFadden féin gur thug Jeremy Corbyn le fios dó gur ráiteas a dhein sé faoi chúrsaí sceimhlitheoireachta ba mhó ba chúis le cinneadh an cheannaire é a bhriseadh as a phost.

Cheistigh McFadden dearcadh a cheannaire i leith na n-ionsaithe ar Pháras i ráiteas a dhein sé i Westminster anuraidh:

“May I ask the Prime Minister to reject the view that sees terrorist acts as always being a response or a reaction to what we in the west do? Does he agree that such an approach risks infantilising the terrorists and treating them like children, when the truth is that they are adults who are entirely responsible for what they do?” a d’fhiafraigh an Feisire dá cheannaire an uair sin.

Ar an gclár Today ar BBC Radio 4 inniu, dúirt McFadden gur ghlac Corbyn leis an ráiteas sin mar ionsaí pearsanta.

“He [Corbyn] clearly feels that me saying that terrorists are entirely responsible for their actions, that no one forces anyone to kill innocent people in Paris, blow up the London Underground, to behead innocent aid workers in Syria, that when I say they are entirely responsible for that he clearly interpreted that as an attack on him,” a dúirt McFadden.

Ina measc siúd a nocht tuairim ar na meáin shóisialta faoi imeacht McFadden, bhí an Scáth-Rúnaí Gnóthaí Eachtracha Hilary Benn.

Bhí tuairimí éagsúla ag daoine faoi chinneadh Corbyn an ‘Right Honourable Pat Jimmy Den Rua MP’ a bhriseadh as a phost.

 

Fág freagra ar 'Bata agus bóthar tugtha don ‘Rt Hon Pat Jimmy Den Rua MP’ mar gheall ar ráiteas faoin sceimhlitheoireacht'