Bás ar bith le fógairt, an líon is lú cásanna a fógraíodh aon lá le beagnach dhá mhí

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh 280 cás nua den choróinvíreas deimhnithe acu, an líon is lú in aon lá amháin ón gcéad lá de mhí Dheireadh Fómhair

Bás ar bith le fógairt, an líon is lú cásanna a fógraíodh aon lá le beagnach dhá mhí

Tá 252 cás nua den choróinvíreas deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna, an líon is lú cásanna a fógraíodh aon lá ón 26 Meán Fómhair.

Ní raibh aon bhás eile de dheasca an ghalair le fógairt inniu.

Dá ísle is a bheidh na figiúirí maidir le scaipeadh an ghalair faoi dheireadh na seachtaine, is ea is mó saoirse a bheidh ann maidir le scaoileadh na srianta Leibhéal 5, a dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, tráthnóna.

Bhain 26 cás den 252 cás nua inniu le Corcaigh, 16 cás a bhí i Maigh Eo agus 13 cás a bhí i gcontae Dhún na nGall.

Sé chás a bhí i gCiarraí agus cúig cinn a bhí sa Ghaillimh.

Bhí níos lú ná cúig chás i bPort Láirge agus bhí níos lú ná cúig cinn sa Mhí.

Bhain 88 cás le Baile Átha Cliath.

289 duine atá buailte ag an Covid-19 atá sna hospidéil agus 33 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Tá ráta coicíse an ghalair sa stát anois tite go dtí 109, an ráta is ísle san Eoraip seachas san Fhionlainn. Tá an ráta anseo tite 40% le coicís anuas.

Is i nDún na nGall go fóill atá an ráta is airde sa tír agus 227 cás in aghaidh gach 100,000 sa chontae le 14 lá anuas.

Tá an ráta i bPort Láirge anois ag 156 agus ráta 125 atá i gceist i gcontae na Mí.

Tá an ráta i Maigh Eo tite go dtí 89, 82 atá i gCorcaigh, 64 atá i nGaillimh agus 60 atá i gCiarraí.

Deir an Taoiseach go ndéanfaidh an Rialtas cinneadh Déardaoin nó Dé hAoine faoi conas a mhaolófar srianta Leibhéal 5 an tseachtain seo chugainn.

D’oibrigh na srianta ar chuairteanna teaghlaigh cheana agus chaithfí é sin a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh, arsa an Taoiseach.

“Caithfimid é sin a thuiscint. D’oibrigh na srianta Leibhéal 3 agus na srianta ar chuairteanna teaghlaigh a thugamar isteach agus ansin d’oibrigh srianta Leibhéal 5…

“Tá na huimhreacha íslithe go maith againn. Is cinnte gur mhaith linn dul níos ísle. Agus tá seachtain eile againn chun na figiúirí a ísliú a thuilleadh,” arsa Micheál Martin.

D’fhéadfadh an saol a bheith ‘ar ais ar a chosa arís faoi lár na bliana seo chugainn’ agus vacsaín éifeachtach eile forbartha

Dúirt sé gur léirigh taighde a bhí ag an Rialtas go raibh baint ag cruinnithe daoine a raibh alcól á ól acu leis an ardú a tháinig ar líon na gcásanna Covid-19 sa bhfómhar.

Ní raibh sé sásta a rá cad a chiallódh sé sin do lucht na dtithe tábhairne agus na mbialann a bhfuil súil acu cead oscailte a fháil an mhí seo chugainn.

Dealraíonn sé áfach gur meascán de shrianta Leibhéal 3 agus Leibhéal 5 a bheidh ann an mhí seo chugainn agus go mb’fhéidir go mbeidh srianta níos boige i gceist de réir mar atá sé ag teacht níos giorra don Nollaig féin.

Pléifear ag cruinniú Rialtais amárach conas a dhéanfar maolú ar shrianta Leibhéal 5 atá le dul in éag an tseachtain seo chugainn.

Buailfidh triúr ceannairí na bpáirtithe comhrialtais lena chéile anocht chun an scéal a phlé agus tá cruinniú leis an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí beartaithe amárach chomh maith.

Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Beidh cruinniú eile rialtais an tseachtain seo sula bhfógrófar Dé hAoine cad iad na socruithe nua atá le tabhairt isteach.

Dúirt an Taoiseach chomh maith gur thug ceann an tascfhórsa a bunaíodh chun plé le cúrsaí vacsaíne, an tOllamh Brian Mac Craith, le fios dó go mbeadh a gcéad tuarascáil á cur ar fáil ag an ngrúpa faoin 11 Nollaig.

Dúirt Martin go dtógfadh sé “iarracht mhór náisiúnta” vacsaín a dháileadh.

Agus an chuma ar an scéal go mbeidh srianta éigin ar chuairteanna teaghlaigh i bhfeidhm i gcónaí an mhí seo chugainn, dúirt an Taoiseach gur thuig sé a dheacra is a bhí a leithéid ar dhaoine.

“An dea-scéal ná go bhfuil an méid atá á dhéanamh agaibh ag obair. Tá cúrsaí faoi smacht sna hospidéil fad is a bhaineann sé le huimhreacha ICU agus líon na n-othar sna hospidéil. Tá ár scoileanna coimeádta oscailte againn,” a dúirt sé.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh 280 cás nua den choróinvíreas deimhnithe acu, an líon is lú in aon lá amháin ón chéad lá de mhí Dheireadh Fómhair.

Tá an Covid-19 anois tolgtha ag níos mó ná 50,000 duine i dTuaisceart Éireann.

Fógraíodh chomh maith go bhfuil triúr eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe.

438 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 37 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

2,958 duine a raibh an Covid-19 orthu atá básaithe in Éirinn ó thosach na paindéime, 2,022 duine ó dheas den teorainn agus 936 ó thuaidh di.

120,775 cás den Covid1-9 atá deimhnithe go nuige seo, 70,711 cás ó dheas agus 50,064 cás sa Tuaisceart.

Fág freagra ar 'Bás ar bith le fógairt, an líon is lú cásanna a fógraíodh aon lá le beagnach dhá mhí'